An t-aistriú digiteach: an tábhacht, na buntáistí agus beartas AE

Faigh amach faoi obair an Aontais Eorpaigh chun a chinntiú go rachaidh an t-aistriú digiteach chun tairbhe do gach duine san Eoraip, do ghnólachtaí agus don chomhshaol.

Amharc ar an bhfíseán le tuilleadh a fhoghlaim

Tá léirithe ag paindéim an choróinvíris a thábhachtaí atá teicneolaíochtaí digiteacha i saol an lae inniu. A bhuí le réitigh dhigiteacha, tá sé ar chumas mhuintir na hEorpa dul i dteagmháil lena chéile, obair a dhéanamh agus cóir leighis a fháil.


Tá an claochlú digiteach ar cheann de phríomhthosaíochtaí an Aontais Eorpaigh, agus tá feisirí na Parlaiminte ag obair chun cumas digiteach na hEorpa a neartú d’fhonn deiseanna nua a chur ar fáil do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí, tacú leis an aistriú glas, neodracht aeráide a bhaint amach faoi lár an chéid, agus seirbhísí poiblí a dhigitiú. Chomh maith leis sin, tá feisirí ag iarraidh go gcuirfí tacaíocht ar fáil d’fhonn go mbeidh daoine agus oibrithe in ann scileanna digiteacha a shealbhú. Caithfear a áirithiú chomh maith nach mbainfidh an t-aistriú digiteach an bonn ó chearta agus ó luachanna bunúsacha.


I vóta iomlánach atá ar na bacáin, éileoidh feisirí Eorpacha ar an gCoimisiún tuilleadh a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bheidh ann mar gheall ar an gclaochlú digiteach – go mór mór chun leas a bhaint as deiseanna an mhargaidh aonair dhigitigh agus chun úsáid na hintleachta saorga a fheabhsú.


Ag infheistiú sa chlaochlú digiteach


Leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, cuirfear €672.5 billiún ar fáil chun an Eoraip a atógáil tar éis na paindéime. Caithfidh na ballstáit ar a laghad 20% de na cistí sin a infheistiú san aistriú digiteach. Sa tréimhse 2021-2027, cuirfidh cláir amhail Fís Eorpach agus an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa infheistíocht shuntasach ar fáil chun tosaíochtaí digiteacha a bhaint amach.


Ag seisiún iomlánach mhí Aibreáin, thug feisirí Eorpacha a gceadú le bunú an Chláir nua don Eoraip Dhigiteach. Le buiséad de €7.6 billiún cuirfidh an Clár don Eoraip Dhigiteach cistiú ar fáil do thionscadail sna réimsí seo a leanas:

  • ríomhaireacht ardfheidhmíochta: €2.2 billiún
  • intleacht shaorga: €2.1 billiún
  • an chibearshlándáil: €1.6 billiún
  • ardscileanna digiteacha: €577 milliún
  • úsáid is fearr na dteicneolaíochtaí digiteacha agus idir-inoibritheacht: €1.1 billiún.

Sábháilteacht ar líne


Le reachtaíocht nua AE maidir le seirbhísí digiteacha, déanfar freagracht na n-ardán ar líne a threisiú agus rialacha maidir le seirbhísí ar líne a shoiléiriú. Tá feisirí ag iarraidh iomaíochas agus nuálaíocht a chur chun cinn, agus cothromaíocht a aimsiú idir dul i ngleic le hábhar ar líne atá dochrach nó mídhleathach agus saoirse tuairimíochta a chosaint.


Caithfidh feisirí Eorpacha vóta in Aibreán 2021 ar rialacha nua chun dul i ngleic le scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne. Tá feisirí i mbun machnaimh chomh maith maidir le Lárionad Eorpach Cibearshlándála a bhunú.


Intleacht shaorga agus mórshonraí


Braitheann fás eacnamaíoch agus saibhreas na hEorpa ar an leas atá á bhaint as sonraí agus teicneolaíochtaí nasctha. D’fhéadfadh an intleacht shaorga difear mór – bíodh sé maith nó olc – a dhéanamh don saol, agus tá coiste bunaithe ag Parlaimint na hEorpa chun tionchar na teicneolaíochta seo a mheasúnú.


D’fhonn go mbeidh an Eoraip in ann an leas is fearr a bhaint as deiseanna na hintleachta saorga, tá feisirí ag iarraidh cóimheá a aimsiú idir saoránaigh a chosaint agus forbairt teicneolaíoch a chothú. I mí Dheireadh Fómhair 2020, ghlac feisirí moltaí faoin gcaoi is fearr a bhféadfar intleacht shaorga a rialú chun tairbhe don nuálaíocht, do chaighdeáin eitice agus d’iontaoibh sa teicneolaíocht. Foilsíodh togra reachtach an Choimisiúin maidir leis an intleacht shaorga an 21 Aibreán 2021.


Tá sonraí mar bhunchloch chomh maith de na seirbhísí digiteacha atá lárnach i saol agus i ngeilleagar an lae inniu. Ghlac feisirí a seasamh an 25 Márta 2021 maidir le straitéis le haghaidh sonraí a rachaidh chun tairbhe do dhaoine agus do ghnólachtaí – agus a éascóidh an téarnamh agus an t-aistriú glas chomh maith.


Tuilleadh léitheoireachta