Hidrigin ghlan: uirlis thábhachtach chun an córas fuinnimh a dhícharbónú

Tar éis don Choimisiún straitéis hidrigine i gcomhair Eoraip aeráidneodrach a fhógairt, faigh amach faoi na buntáistí a bhaineann le fuinneamh hidrigine.

A man fills up his car with hydrogen in Saint-Lo, France
I láthair na huaire, tá thart ar 2% de mheascán fuinnimh an Aontais comhdhéanta de hidrigin ©AFP/DAMIEN MEYER

I bhfianaise sprioc an Aontais maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí, caithfear athchóiriú iomlán a dhéanamh ar sholáthar fuinnimh na hEorpa agus córas comhtháite fuinnimh a bhunú.


Córas fuinnimh aeráidneodrach


Tá tacaíocht tugtha ag Parlaimint na hEorpa don sprioc astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 60% (faoi bhun leibhéil 1990) faoin mbliain 2030. Is iad breoslaí iontaise, den chuid is mó, is cúis leis an téamh domhanda agus mar go bhfuil sé mar aidhm ag comhaontú aeráide Pháras an t-ardú ar an teocht dhomhanda a choinneáil roinnt mhaith faoi bhun 2°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, is léir go mbainfidh tábhacht le fuinneamh inathnuaite má táthar chun spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach.


Is iad táirgeadh agus ídiú fuinnimh is cúis le 75% d'astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais. D’fhonn aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh gáis cheaptha teasa de agus chuig córas fuinnimh atá bunaithe go príomha ar acmhainní in-athnuaite, i mí Iúil 2020 d’fhógair an Coimisiún Eorpach straitéis hidrigine i gcomhair Eoraip aeráidneodrach. Cuirtear in iúl sa straitéis go mbainfidh ról thar a bheith tábhachtach le hidrigin a tháirgtear ó fhoinsí in-athnuaite chun córas fuinnimh aeráidneodrach a bhaint amach faoi lár an chéid.


Seasamh na bhfeisirí maidir le húsáid hidrigine


Is féidir hidrigin ghlan a tháirgeadh trí leictrealú uisce a úsáid, ní chuirtear amach gás ceaptha teasa sa phróiseas seo. I rún a cuireadh chun vóta sa Pharlaimint an 19 Bealtaine 2021, thug feisirí Eorpacha le fios go mbeidh sé fíor-riachtanach aicmiú dlíthiúil comhchoiteann a dhéanamh ar na cineálacha éagsúla hidrigine. D’fhonn an t-idirdhealú idir hidrigin in-athnuaite agus hidrigin ísealcharbóin a shoiléiriú go huile agus go hiomlán, tá téarmaíocht uile-AE, aonfhoirmeach á héileamh ag feisirí.


I láthair na huaire, tá thart ar 2% de mheascán fuinnimh AE comhdhéanta de hidrigin, agus 95% den mhéid sin á tháirgeadh trí bhreoslaí iontaise a úsáid, rud a scaoileann 70-100 milliún tona CO2 gach bliain. Táthar ag súil leis go mbeifear in ann hidrigin ghlan a úsáid mar fhoinse fuinnimh i bpróisis thionsclaíocha agus cheimiceacha, san earnáil iompair agus i bhfeidhmeanna téimh. Chomh maith leis sin, is féidir le hidrigin cainníochtaí móra fuinnimh a stóráil thar thréimhse fhada agus, dá bhrí sin, luaineachtaí éilimh shéasúracha a comhlíonadh.


Léirítear i roinnt taighde go bhféadfadh sé gurb ionann fuinneamh in-athnuaite agus suas le 100% de mheascán fuinnimh an Aontais Eorpaigh faoi 2050, agus go bhfhéadfadh sé gur hidrigin a bheidh i suas le 20% de ar an iomlán, lena n-áirítear 20%-50% den fhuinneamh a úsáidfear san earnáil iompair agus 5-20% den fhuinneamh a úsáidfear san earnáil tionsclaíochta.


Dreasachtaí agus margadh comhtháite hidrigine


Mar sin, tá feisirí Eorpacha ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar bhallstáit an Aontais táirgeadh agus úsáid hidrigine ó fhoinsí in-athnuaite a spreagadh trí bhíthin dreasachtaí soiléire. Chomh maith leis sin, caithfear margadh comhtháite hidrigine a bhunú san Eoraip agus bonneagar hidrigine (lena n-áirítear leictrealóirí) a chur ar bun gan mhoill.


Tá sé tábhachtach freisin hidrigin de bhunús iontaise a chéimniú amach a luaithe agus is féidir, agus allmhairí hidrigine uile a dheimhniú ar an mbealach céanna le hidrigin arna táirgeadh laistigh den Aontas. Ar ndóigh beidh méideanna suntasacha infheistíochta ag teastáil chun geilleagar hidrigine a bhunú, agus tá feisirí Eorpacha den tuairim gur cheart an bonneagar gáis atá ann cheana a athchóiriú lena úsáid amach anseo do hidrigin ghlan.

75%

Is iad táirgeadh agus ídiú fuinnimh is cúis le 75% d'astaíochtaí gás ceaptha teasa AE

Comhtháthú córas fuinnimh


Is é an úsáid fhorleathan atá á baint as breoslaí iontaise ó aimsir na réabhlóide tionsclaíche i leith is bunús, den chuid is mó, leis an ngéarchéim aeráide atá ann faoi láthair. Dá bhrí sin, tá dlúthbhaint idir an t-aistriú fuinnimh agus sprioc an Aontais maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi lár an chéid.


Ag seisiún iomlánach mhí Bealtaine 2021, chaith feisirí vóta chomh maith ar sheasamh na Parlaiminte i dtaca le straitéis AE maidir le comhtháthú córas fuinnimh. Sa rún pléitear na ceisteanna seo a leanas: optamú agus dícharbónú córas fuinnimh, cothromú córas fuinnimh, rochtain ar fhuinneamh a áirithiú do gach saoránach agus gnólacht, chomh maith le ceannaireacht na hEorpa i réimse na dteicneolaíochtaí fuinnimh inbhuanaithe agus in-athnuaite.


Tuilleadh léitheoireachta