Clár Eoraip na Cruthaitheachta: €2.5 billiún don earnáil chultúrtha

Thug feisirí Eorpacha a gceadú an 18 Bealtaine 2021 don bhuiséad is mó riamh do chlár an Aontais a infheistíonn sna tionscail chultúir agus chruthaitheacha.

Amharc ar an bhfíseán chun tuilleadh a fhoghlaim faoi thosaíochtaí an chláir nua

Is í clár Eoraip na Cruthaitheachta an t-aon chlár de chuid an Aontais atá go hiomlán tiomanta do na hearnálacha cultúir agus closamhairc. Tá drochthionchar tar éis a bheith ag na srianta dianghlasála a bhí i bhfeidhm ar fud an Aontais Eorpaigh le bliain anuas ar na hearnálacha seo, agus le himchlúdach airgeadais dar luach €2.5 billiún sa tréimhse 2021-2027, tacóidh an clár úr le hearnáil an cheoil bheo i measc earnálacha eile.


Thug feisirí Eorpacha a gceadú don bhuiséad nua i vóta an 18 Bealtaine, tar éis don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa teacht ar chomhaontú sealadach maidir le hEoraip na Cruthaitheachta roimh Nollaig. Leis an mbuiséad méadaithe, tacóidh an clár le comhléiriúcháin Eorpacha agus idirnáisiúnta, le dáileadh agus díolacháin saothar closamhairc san Eoraip agus níos faide i gcéin. Lena chois sin, tacóidh Eoraip na Cruthaitheachta le féilte scannánaíochta san Eoraip, chomh maith le gníomhaíochtaí speisialta amhail Príomhchathracha Cultúir na hEorpa, an Lipéad Oidhreachta Eorpach agus Duais Litríochta an Aontais Eorpaigh.


Trí shraith ar leith a chlúdaítear sa chlár nua: an tsraith chultúir, sraith na meán agus an tsraith trasearnála. Áirítear ar thosaíochtaí na sraithe cultúir an comhar trasnáisiúnta a neartú mar aon leis an ngné thrasteorann a bhaineann le cruthú, cúrsaíocht agus infheictheacht na saothar Eorpach. D’éirigh le feisirí Eorpacha béim ar leith a chur ar earnáil an cheoil. Beidh sé mar chuspóir ag sraith na meán den chlár, i measc rudaí eile, an comhar trasteorann, an tsoghluaisteacht agus an nuálaíocht a spreagadh i gcruthú agus i dtáirgeadh saothar closamhairc Eorpach. Tabharfaidh an tsraith trasearnála tús áite do ghníomhaíochtaí chun tacú le comhar trasnáisiúnta trasearnála.


Tacóidh an clár Eoraip na Cruthaitheachta go mór mór le gníomhaíochtaí a chuireann an éagsúlacht, comhar trasteorann agus an fhéiniúlacht Eorpach chun cinn. San idirbheartaíocht leis an gComhairle chinntigh feisirí Eorpacha go gcuirfear béim ar leith ar an gcuimsiú agus ar chomhionannas inscne.