Obair na bhfeisirí maidir le híosphá féaráilte san Aontas Eorpach

Tá feisirí Eorpacha reidh dul i mbun idirbheartaíochta ar thogra chun pá leordhóthanach a áirithiú d'oibrithe san Aontas. Faigh tuilleadh faisnéise san alt seo.

An elder person with a home care nurse worker
Oibríonn go leor oibrithe túslíne in earnálacha ag a bhfuil cion níos airde oibrithe ar phá íseal ©AdobeStock/Alexander Raths

Chuir Feisirí fáilte roimh togra a bhfuil mar aidhm leis pánna sásúla ar fud an AE a chinntiú agus glacadh le seasamh na Parlaiminte le linn an tseisiún iomlánaigh an 25 Samhain 2021. Tar éis don Chomhairle a sheasamh a ghlacadh, is féidir tús a chur le hidirbheartaíocht idir an dá institiúid.

paindéim an choróinvíris tar éis aird a tharraingt ar cheist an íosphá san Aontas Eorpach. Oibríonn go leor oibrithe túslíne in earnálacha ag a bhfuil cion níos airde oibrithe ar phá íseal (an miondíol, cúramóirí, cúram sláinte, cúram leanaí nó obair ghlantacháin cuir i gcás) agus is mó tionchar a bhíonn ag na deacrachtaí a eascraíonn as an bpaindéim orthu. Is mná iad 60% de daoine a thuilleann pá íosta nó a thuilleann tuarastal gar don phá íosta san AE.

Faigh tuilleadh eolais ar a bhfuil déanta ag an AE chun cearta agus dálaí oibre a fheabhsú

An gá le híosphá fearáilte


Cé gur ann do phá íosta de shaghas éigin i ngach ballstát, sa chuid is mó de na ballstáit níor leor mar ioncam an pá íosta reachtúil le go mbeadh saothraí in ann costais mhaireachtála a chlúdach. Sa bhliain 2018, bhí deacrachtaí ag thart ar seachtar saothraí an phá íosta as deichniúr in AE greim a choinneáil faoin bhfiacail.


Íosphá san AE


A mhéid a bhaineann le híosphá míosúil, tá difríocht mhór idir na ballstáit: ó €332 sa Bhulgáir go dtí €2,202 i Lucsamburg agus €1,724 in Éirinn. Ar ndóigh, ní mar an gcéanna an costas maireachtála sna ballstáit ar fad. Is féidir cosaint pá íosta a sholáthar trí chomhaontuithe comhchoiteanna (rud a dhéantar sa Chipir, sa Danmhairg, san Fhionlainn, san Iodáil, san Ostair agus sa tSualainn) nó trí phá íosta reachtúil arna leagan síos i ndlí (rud a dhéantar i 21 bhallstát, lena n-áirítear in Éirinn).

Tá dhá chineál íosphánna i dtíortha AE:

  • Íosphá reachtúil: Déanann reachtanna agus dlíthe rialú orthu. Cuireann ballstáit rialacha den chineál seo i bhfeidhm.
  • Íosphá comhaontaithe: i sé thír AE, is iad comhaontuithe idir cheardchumainn agus fhostóirí a shocraíonn na pánna, lena n-airítear íosphánna ar leith. Is iad na tíortha seo ná: an Chipir, an Danmhairg, an Fhionlainn, an Iodáil, an Ostair agus an tSualainn.

10%

De mhuintir na hEorpa i mbaol na bochtaineachta

Céard a ndéanann an Pharlaimint chun íosphá fearáilte a bhaint amach san AE?

Tairbhíonn idir oibrithe agus ghnólachtaí san Aontas ó fheabhas a chur ar dhálaí oibre agus maireachtála, lena n‑áirítear trí phá íosta leordhóthanach. I Samhain 2017, d'fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Colún Eorpach na gCeart Sóisialta.

I mí Dheireadh Fómhair 2019, d’iarr feisirí Eorpacha ar an gCoimisiún ionstraim reachtach a mholadh chun pá íosta féaráilte a áirithiú san Aontas.


I Nollaig 2020, thug feisirí le fios gur príomhghné de dhálaí oibre córa agus de gheilleagar sóisialta margaidh atá faoi bhláth é pá cuibhiúil, agus gur chóir go gcuirfeadh leibhéil phá ar chumas oibrithe freastal ar a gcuid riachtanas agus ar riachtanais a dteaghlach. Chuir siad in iúl freisin gur cheart go bhfaigheadh gach oibrí san Aontas pá a áirithíonn caighdeán maith maireachtála ar a laghad.


Lena chois sin, chuir siad i bhfáth gur cheart go mbeadh an treoir maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach ina chuidiú an bhochtaineacht i measc an lucht oibre a dhíothú agus an chómhárgáil a chur chun cinn. Fógraíodh togra an Choimisiúin don treoir i mí Dheireadh Fómhair 2020 agus tá sé mar aidhm leis pá leordhóthanach a áirithiú d'oibrithe an Aontais ach chomh maith leis sin an bhearna phá idir na hinscní a laghdú, na dreasachtaí atá ann chun obair a dhéanamh a neartú agus cothrom na Féinne a chur ar bun sa mhargadh aonair.

Faigh amach cén chaoi a n-iobríonn Feisirí chun bochtaineacht lucht oibre in AE a chomharc

D’fháiltigh coiste na Parlaiminte um Fhostaíocht roimh dhlí nua maidir le pánna sásúla ar fud an AE a chinntiú, agus ghlac siad le sainordú caibidlíochta i Samhain 2021 freisin. Tar éis d’Fheisirí glacadh leis le linn seisiún iomlánaigh, is féidir leis an bParlaimint dul i mbun idirbheartaíochta leis an gComhairle chun sonraí an dlí a chur i gcrích.

Tá an ceart ag oibrithe pá cothrom a fháil a fhágann gur féidir leo caighdeán maith maireachtála a bheith acu
Prionsabal 6 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta

An treoir atá beartaithe, tá sí ceaptha na cuspóirí sin a bhaint amach agus aird á tabhairt ag an am céanna ar inniúlachtaí na mballstát agus ar neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta. Tá coiste fostaíochta na Parlaiminte ag obair faoi láthair ar thogra an Choimisiúin agus meastar go gcuirfear tuarascáil ar an ábhar chun vóta i Meán Fómhair 2021. Ina dhiaidh sin, cuirfear rún chun vóta ag seisiún iomlánach na Parlaiminte.


Tuilleadh faoi bhearta an Aontais Eorpaigh chun cearta na n-oibrithe a fheabhsú: