Buiséad 2022: “Is é an tearnamh an tosaíocht is mó”
Is é tearnamh an AE i ndiadh na paindéime an tosaíocht is mó ag an bParlaimint maidir leis an mbuiséad an bhliain seo chughainn. Faigh tuilleadh eolais inár n-agallamh thíos.
An 24 Samhain, ghlac an Pharlaimint le buiséad 2022. San agallamh seo, a rinneadh roimh idirbhearaíocht faoin mbuiséad, mhínigh an Feisire Karlo Ressler (EPP, an Chróit) tosaíochtaí na Parlaiminte. Ba é a bhí freagrach as an reachtaíocht a stiúradh tríd an bParlaimint.
Céard iad tosaíochtaí na Parlaiminte maidir le buiséad 2022?
Is é an tosaíocht is mó atá ag an bParlaimint ná tacú leis an tearnamh i ndiadh na géarchéime Covid-19, agus an bhunchloch a leagan chun Aontas níos láidre a chruthú. Tá dlúthbhaint idir an dá rud seo. Teastaíonn uainn infheistíocht a dhéanamh i ngeilleagar bríomhar agus cabhair a thabhairt do ghnóthais bheaga agus mheánmhéide, agus leis an bhfostaíocht, go háirithe do dhaoine óga. Is é an dara tosaíocht atá ag an bParlaimint ná leanúint ar aghaidh leis an gclaochlú digiteach agus an claochlú glas. Sa tríú háit, teastaíonn uainn aontas láidir sláinte a chothú. Is mian linn díriú isteach ar an nglúin óg agus ar ár bpáistí go háirithe. Is iad an Erasmus + agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach na samplaí is follasaí ón taobh seo, ach ag deireadh an lae tá formhór na gclár dár gcuid dírithe go díreach nó go hindíreach ar dhaoine óga.
Caithfimid a bheith láidir agus aontaithe anseo sa Pharlaimint ionas go bhféadfaimis torthaí níos fearr a bhaint amach as an gcaibidlíocht leis an gComhairle.
Cén chaoi a meastar go dtacóidh an buiséad leis an tearnamh i ndiadh na paindéime Covid-19?
I ndiadh na géarchéime, caithfimid a bheith uaillmhianach. Caithfimid infheistíocht a dhéanamh. Sin é an bun-smaoineamh. I dtearmaí praicticiúla, ciallaíonn sé seo go gcaithfimid infheistíocht sa bhreis a dhéanamh agus tuilleadh tacaíochta a thabhairt dóibh siúd is mó a bhí buailte ag an bpaindéim. Sa chomhthéacs seo, creidimid gur cheart tacaíocht éifeachtach a thabhairt do FBManna ar fud na hEorpa. Is rud sách inbhraite é sin.
Cén chaoi a bhféadfaidh an buiséad cabhrú chun dul i ngleic leis an méid a tháinig chunn cinn to tobann san Afganastáin, mar shampla?
Chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo, déanaimid iarracht infheistíocht bhreise a dhéanamh i gcabhair dhaonnúil. Bhí sé seo mar aidhm le ceann de na leasuithe is mó a rinne Parlaimint na hEorpa. Ceapaim go n-aontaíonn na hinsititiúidí go léir nach raibh súil leis na heachtraí seo, go bhfuil an domhan ag athrú ar luas lasrach, agus nach féidir linn neamhaird a thabhairt ar na hathruithe seo. Caithfimid comhoibriú go dlúth leis an gCoimisiún agus leis an gComhairle chun teacht ar réiteach sásúil. Táimid ag fanacht le moladh practiciúil ón gCoimisiún go fóill, ach déanaimid iarracht díriú air trí chabhair dhaonnúil speisialta a chur ar fáil do mhuintir na hAfganastáine agus sna tíortha in aice láimhe.
Tháinig a lán dúshlán aniar aduaidh orainn i mbliana, mar shampla an t-ardú atá tar éis teacht ar phraghsanna fuinnimh, an Afganastáin agus tubaistí timpeallachta. An bhfuil sé ag éirí níos deacra cinntí a dhéanamh maidir le buiséad bliantúil an AE toisc go gcaithfear ‘ciste idirghabhála’ a chur i dtaisce?
Dearfainn go bhfuil. Tá sé deacair ag an AE nuair atá paindéim ann, agus is í géarchéim is mó na haoise seo. Tuigimid gur chóir dúinn bheith níos láidre dá bharr. Caithfimid bheith réidh chun gníomhú ar an bpointe, agus ní féidir é sin a dhéanamh mura bhfuil dóthain airgid ann. Ag an am céanna, tá súil againn go bhfuil buiséad cruthaithe againn atá oiriúnach do chách: a thugann aghaidh ar fhadhbanna na nglúnta, na gceantar agus na n-earnálacha go léir. Tuigimid go raibh iarmhairtí na paindéime éagothrom, agus sin é an fáth go raibh sé tábhachtach ár dtosaíochtaí polaitiúla a chur in iúl mar fhíorfhigiúir.