Ní mór gníomhú ar an bpoint chun barr chumas an AE maidir le hIS a bhaint amach (agallamh)

D’fhéadfadh an AE caighdeáin dhomhanda a leagan amach maidir le hIntleacht Shaorga, ach ní mór rialacha solúbtha a chur i bhfeidhm go tapa chun an lántairbhe a bhaint as, dar le Axel Voss

Axel Voss
Axel Voss

“Ní mór dúinn a bheith ar an eolas maidir leis an bhfíor-thábhacht straitéiseach a bhaineann le hIS” a dúirt Axel Voss (PPE, an Ghearmáin) inár n-agallamh beo ar Facebook. Tá an Feisire i gceannas ar an tuairisc de chuid an Choiste Speisialta um an Intleacht Shaorga i Ré Dhigiteach (ISRD) a chur tríd an bParlaimint.


Glacann an Pharlaimint le tábhacht na teicneolaíochta, agus bhunaigh siad an ISRD chun díriú isteach ar an IS agus an cumas atá aige dul i bhfeidhm ar an ngeilleagar AE, tuilleadh a fhoghlaim faoi chur chuige tíortha eile agus moltaí maidir le reachtaíocht nua a chur i láthair amach anseo.


De réir dréachta den tuairisc, rud a chuireadh in iúl an 9 Samhain 2021 le linn cruinnithe Choiste ISRD, ba chóir don AE díriú ar chumas ollmhór IS. D’fhéadfadh an theicneolaíocht seo páirt lárnach a ghlacadh “i réimsí ar nós athrú aeráide, cúram sláinte agus iomaíochas AE” a dúirt Voss.


Foghlaim tuilleadh faoin cad is IS ann ann agus faion gcaoi a bhaintear úsáid as.

  

An bhféadfaí imreoir níos cumhachtaí ó thaobh na hIS de a dhéanamh den AE?


Tá an AE ag titim ar gcúl sa rás domhanda teicneolaíochta, agus má tá fonn ar an Aontas cumhacht dhomhanda agus eacnamaíoch a bheith ann go fóill, de réir na tuarascála, ní mór dó cumhacht dhomhanda ó thaobh na hIS a bheith ann. Ba cheart don AE gníomhú go tapa agus go misniúil chun nach mbeadh “coilíneacht dhigiteach” de chuid na Síne, na Stát Aontaithe agus stát eile ann, agus chun nach mbeadh a chuid cobhsaíocht pholaitíochta, slándáil shóisialach agus saoirse an duine curtha i mbaol, de réir na tuarascála. Chomh maith le sin, d’fhéadfadh ról tábhachtach a bheith ag teicneolaíocht atá ag teacht chun cinn agus cumhacht dhomhanda ag athrú ón iarthar go dtí an t-oirthear.


Theip ar an AE nuálaíocht teicneolaíochta a reáchtáil ar bhonn tráchtála, rud a chiallaíonn go mbíonn “ár smaointe, tallanna agus cuideachtaí is fearr” ag dul áit éigin eile de réir na tuarascála. D’fhógair Voss nach mbeidh an deis sin ann go deo, agus gur cheart don AE “díriú ar IS, é a chur in ord tosaíochta agus infheistíocht a dhéanamh ann.”


Ní mór don Eoraip díriú isteach ar mhúnlaí gnó a bhfuil sé mar aidhm leo an próiseas maidir le taighde a chlaochlú go táirgí a éascú, timpeallacht iomaíoch i gcomhair cuideachtaí a chinntiú agus cosc a chur le himirce daoine óga.

“Cuireann an theicneolaíocht seo ar dhaoine, agus caithfimid intinn oscailte bheith againn dá bharr” a dúirt Voss. Leag sé béim ar an ngá le beart AE comhaontaithe agus le hilroinnt a shárú, chomh maith le tuilleadh infheistíochta, tosaíochtaí digiteacha níos fearr agus “dearcadh oscailte a bheith againn” ar rialacha ar nós rialachán maidir le cosaint sonraí (RGCS).

Tá sainchónaí ar 8

as na 200 cuideachta digiteach is mó san AE

An tábhacht a bhaineann le sonraí

 

Tá sonraí lárnach ó thaobh forbartha IS de. “Dá gcreidfí gur féidir linn a bheith in iomaíocht ar an ardán domhanda gan na sonraí a chur ar fáil, bheimis i bponc ceart”, a dúirt Voss. “Ní mór dúinn aird a thabhairt ar an gcaoi a bhféadfadh na sonraí a chur ar fáil, sonraí pearsanta san áireamh”.


“Creideann an iomarca daoine nach bhféidir linn RGCS a oscailt faoi láthair”, a chiallaíonn go mbeidh ganntanas sonraí ar fáil do thionscadal AE, a dúirt sé. Leagann RGCS caighdeán domhanda amach, dar le Voss, “ach ní ceart dúinn a chreidiúint go bhfuil órchaighdeán bainte amach againn agus nach bhféidir linn é a athrú a thuilleadh; ba cheart go mbímid ag feabhsú de réir a chéile.”


“Is iad an tSín agus na Stáit Aontaithe na bailitheoirí sonraí is mó. Má theastaíonn uainn rud éigin a dhéanamh faoi seo, caithfimid gníomhú go tapa toisc go bhfuil iomaíocht i gceist le luas sa réimse seo.”

 

An Daonlathas agus imní faoi chearta an duine

 

Tá an AE tar éis “dul i dtaithí ar chaighdeáin a leagan amach, agus iad a thabhairt le chéile le cearta bunúsacha, le luachanna Eorpacha. Is féidir linn é seo a bhaint amach, agus déarfainn gur rud é seo a theastaíonn ón saol mór freisin” a dúirt sé.


Measann Voss gur féidir leis an AE na rioscaí a bhaineann le hIS ó thaobh cheart an duine de agus ó thaobh an daonlathais de a mhaolú “má phléimid go pragmatach leis an bhfadhb seo.”


Chuir sé fainic orainn gan cur chuige idé-eolaíoch a ghlacadh. “Má dhírímid isteach ar an teicneolaíocht seo agus luachanna Eorpacha a chur le chéile, gan an iomarca brú a chur ar ár gcuideachtaí, tá an-seans go mbeidh rath orainn.”


Foghlaim tuilleadh faoin méid a theastaíonn ón bParlaimint maidir le rialacha IS.