Domhan
Tosaíochtaí
Táirgí don chatagóir seo

Tionólfar comhdháil ardleibhéil sa Pharlaimint an 20 Samhain 2019 chun comóradh a dhéanamh ar 30 bliain an Choinbhinsiúin um Chearta an Linbh.

De bharr imní faoi bhunluachanna a bheith á sárú sa Tuirc, tá athsmaoineamh ar bun in AE faoin gcaidreamh idir an dá pháirtí. Tuilleadh faoi sheasamh na Parlaiminte san alt thíos.

I ndíospóireacht an 23 Deireadh Fómhair, cháin feisirí gníomhaíocht mhíleata na Tuirce in oirdheisceart na Siria agus chuir siad in iúl go bhfuil gá le bearta sriantacha i gcoinne na tíre.

Tá an ghéarchéim imirce tar éis laigí i gcóras tearmainn na hEorpa a nochtadh, agus iallach a chur ar an Aontas Eorpach gníomhú. Tuilleadh faisnéise anseo faoi mholtaí na Parlaiminte.

Tá an tAontas Eorpach agus Meiriceá chun dul i mbun idirbheartaíochta d’fhonn easaontas idir an dá thaobh maidir le cúrsaí trádála a réiteach. Tuilleadh anseo faoi ról na bhfeisirí.

“Tá an tuiscint ar bhagairt na Rúise ag dul i méid” - b’shin a bhí le rá ag an bhfeisire Sandra Kalniete roimh vóta an 12 Márta ar mholtaí na Parlaiminte maidir le caidreamh AE leis an tír.

Tá Parlaimint na hEorpa go láidir i gcoinne phionós an bháis i ngach cúinse agus i gcás ar bith. Caith súil ar an ngrafaic faisnéise chun tuilleadh a fhoghlaim.

Tá sé mar aidhm ag comhaontuithe trádála deiseanna trádála níos fearr a chruthú agus bacainní ar an trádáil a shárú. Tuilleadh san alt seo faoi na comhaontuithe trádála AE atá ar na bacáin.

Chun deis a thabhairt d’iarrthóirí tearmainn teacht chun na hEorpa gan a mbeatha a chur i mbaol, tá feisirí ag iarraidh víosa dhaonnúil a bhunú. Chaith siad vóta ar an moladh an 11 Nollaig.

Agus ceiliúradh á dhéanamh ar chéad bliain ó saolaíodh Nelson Mandela, thug Uachtarán reatha na hAfraice Theas Cyril Ramaphosa cuairt ar Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg.

Tionólfar “Seachtain na gCearta Daonna” sa Pharlaimint an 19-23 Samhain chun ceiliúradh a dhéanamh ar 70 bliain de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine.

“Ba chóir don Eoraip a bheith mórtasach as an bhflaithiúlacht atá curtha ar fáil aici” - b’shin a bhí le rá ag bunaitheoir Microsoft Bill Gates agus é sa Pharlaimint an 17 Deireadh Fómhair.