Comhaontuithe trádála: cad atá á dhéanamh ag AE?
Tá sé mar aidhm ag comhaontuithe trádála deiseanna trádála níos fearr a chruthú agus bacainní ar an trádáil a shárú. Tuilleadh san alt seo faoi na comhaontuithe trádála AE atá ar na bacáin.
Caith súil ar ár dtábla maidir le comhaontuithe trádála atá tar éis teacht i bhfeidhm cheana, atá le síniú nó le daingniú, nó atá á n-idirbheartú fós ag bun an ailt seo
An tábhacht a bhaineann le comhaontuithe trádála
Is cuid ríthábhachtach de gheilleagar AE iad comhaontuithe trádála mar cuireann siad go mór le méadú an fháis inbhuanaithe agus le cruthú post. Sa bhliain 2020, bhí an tAontas Eorpach sa dara háit (15%) ar domhan ó thaobh easpórtáil earraí de; bhí an tSín (15%) agus na Stáit Aontaithe (10%) sa chéad agus sa tríú háit faoi seach. Sa bhliain chéanna, bhí an tAontas Eorpach sa tríú háit (13%) chomh maith ó thaobh iompórtálacha de; bhí na Stáit Aontaithe (16%) agus an tSín (14%) sa chéad agus sa tríú háit faoi seach. Cuireann comhaontuithe trádála deiseanna nua ar fáil do chuideachtaí Eorpaigh, rud a chruthaíonn poist, agus d'fhéadfadh tomhaltóirí a bheith ag súil le praghsanna níos ísle rogha níos fearr d'earraí.
Mar gheall ar an méadú ar iomaíocht, tá imní ar dhaoine áirithe gur féidir le comhaontuithe trádála a bheith ina gcúis le caillteanais phost in earnálacha áirithe. Le comhaontuithe trádála áfach, cruthaítear níos mó post ná mar a chailltear. Tá imní ann freisin gur féidir caighdeán bia a laghdú de bharr na gcomhaontuithe seo, ach is bunphrionsabal é caighdeáin cháilíochta an Aontais agus comhaontú trádála á chur i gcrích le tír neamh-AE. Chomh maith leis sin, nuair a bhíonn AE i mbun idirbheartaíochta ar chomhaontú eacnamaíoch nó trádála le tíortha lasmuigh den Aontas, déanann an Pharlaimint cinnte de go dtugtar meas ar chearta an duine.
Cineálacha comhaontuithe
Tá cineálacha éagsúla comhaontaithe socruithe ag an AE le tíortha. D’fhéadfadh siad díriú isteach ar tharaifí a laghdú nó a seanrud a dhéanamh díobh, nó comhtharaif chustaim a bhunú ar iompórtálacha ón gcoigríoch.
Ní hiad taraifí bun agus barr an scéil, áfach. D’fhéadfadh comhaontuithe a bheith dírithe ar infheistíocht nó aighneas a bhaineann le hinfheistíocht. Mar shampla, nuair a chreideann cuideachta go bhfuil cinneadh rialtais ag cur isteach ar a cuid infheistíochtaí sa tír sin. Tá bacainní neamhtharaifí ríthábhachtach freisin, ar nós caighdeáin táirgí (mar shampla tá an tAE tar éis cosc a chur ar úsáid hormón faoi leith i bhfeirmeoireacht eallach de bharr imní shláinte).
Féadann comhaontuithe cabhair le táirgí traidisiúnta bia na hEorpa a chosaint. Chun é seo a bhaint amach, caithfidh tíortha eile aitheantas a thabhairt ar thásca geografacha a bhaineann leis an táirge. Tá an dlí seo i gceist le Seaimpéin na Fraince agus cáis feta na Gréige.
An Eoraip
Tháinig an t-Aontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe ar chomhaontú maidir le trádáil agus comhoibriú, rud a leagan síos na coinníollacha le trádáil ar nós lamháltas agus taraifí, chomh maith le rialacha iomaíochta.
Comhaontuithe le Ceanada agus leis na Stáit Aontaithe
Tar éis comhchainteanna a bhí ar siúl ar feadh níos mó ná cúig bliana, cuireadh an comhaontú saorthrádála idir AE agus Ceanada chun vóta sa Pharlaimint an 15 Feabhra 2017; vótáil 408 feisire ‘Tá’, 254 ‘Níl’ agus staon 33 feisire ón vóta. Tháinig an comhaontú i bhfeidhm ar bhonn sealadach an 21 Meán Fómhair 2017. Beidh feidhm iomlán ag an gcomhaontú tar éis do thíortha uile an Aontais é a dhaingniú.
Maidir leis na Stáit Aontaithe, ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh le sainordú don chaibidlíocht i gcomhair comhaontú a bhfuil sé mar aidhm leis deireadh a chur le taraifí ar earraí tionsclaíocha agus measúnú comhréireachta leis na SA a aithint go cómhalartach. I Meitheamh, bunaíodh Comhairle AE-SA um Thrádáil agus Teicneolaíochta. Tá sé mar aidhm leis an mbearta seo comhoibriú a bhaint amach maidir le ceisteanna trádála, eacnamaíocha agus teicneolaíocha, chomh maith le caidreamh trádáil agus eacnamaíoch a neartú.
An Áise
Tháinig comhaontú eacnamaíche AE-an tSeapáin i bhfeidhm an 1 Feabhra 2019. Tháinig comhaontú le Vítneam i bhfeidhm in 2020.
Níl cainteanna saorthrádála ag dul ar aghaidh leis an Sín faoi láthair, ach táid i mbun idirbheartaíochta maidir le comhaontú cuimsitheach infhesitíochta AE-Sín mar shampla. I Meán Fómhair 2020, tháinig an t-AE agus an tSín ar chomhaontú maidir le tásca geografacha i gcomhair 100 táirge Eorpach agus 100 táirge Síneach ta chosaint i margaí a chéile. Cheadaigh an Pharlaimint an comhaontú seo an 11 Samhain 2020.
I mí na Nollag 2020, tháinig deireadh le hidirbheartaíochtaí idir AE agus an tSín ar an gComhaontú Cuimsitheach Infheistíochta. Tá cumhacht níos mó ag infheisteoirí AE i margadh an tSín de bharr an chomhaontaithe.
An Aigéine
Tháinig AE agus Nua-Shéalainn ar chomhaontú saorthrádála i Meitheamh 2022. Tháinig an Pharlaimint agus Nua Shéalainn ar chomhaontú an 22 Samhain. Beidh gá le faomhadh ón gComhairle roimh dó teacht i bhfeidhm.
An 18 Meitheamh 2018, cuireadh tús le hidirbheartaíocht leis an Astráil maidir le comhaontú trádála cuimsitheach.
Meiriceá Laidineach
Thug an Pharlaimint a cuid tacaíochta don bheart is déanaí ón 29 Feabhra 2024 ina ndearnadh uasdátú ar ar an gcomhaontú leis an tSín. Faoin gcomhaontú seo, ligfear do bheagnach 99.9% d’easpórtálacha an Aontais teacht isteach saor ó tháillí. Táthar ag tuar go dtiocfadh méadú de bheagnach €4.5 billiún ar easpórtálacha AE dá bharr. Beidh rochtain níos éasca ag an Aontas ar amhábhair thábhachtacha chomh maith, ar nós litiam agus copar. I gcás earraí talmhaíochta íogaireacha faoi leith, ní dhéanfar iad a léirscaoileadh. Samplaí dá chuid ná feol, torthaí agus glasraí áirithe agus ola olóige.
Tugadh an chaibidlíocht maidir le comhaontú trádála leis an mbloc trádála Mercosur chun críche i Meitheamh 2019, ach caithfidh an Chomhairle agus an Pharlaimint é a cheadú go fóill.
I Meitheamh 2016, cuireadh tús le hidirbheartaíocht le Meicsiceo maidir le nuashonrú ar Chomhaontú Domhanda AE-Mheicsiceo. Thángthas ar chomhaontú polaitiúil an 21 Aibreán 2018 ach caithfidh an Chomhairle agus an Pharlaimint é a cheadú go fóill.
Tíortha na Meánmhara Theas agus an Meánoirthear
Tá roinnt comhaontuithe trádála tugtha i gcrích ag an Aontas Eorpach le tíortha sa Mheánoirthear agus san Afraic Thuaidh. Is cuid iad roinnt de na comhaontuithe trádála sin de chomhaontuithe polaitiúla níos leithne, mar shampla i gcás roinnt comhaontuithe comhlachais.
Ról na Parlaiminte
Ó tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm siar in 2009 bíonn ceadú na Parlaiminte ag teastáil i gcás comhaontuithe trádála. Níl ról idirbheartaíochta ag feisirí Eorpacha a mhéid a bhaineann le comhaontuithe trádála. Is é an Coimisiún Eorpach, faoi threoir na mballstát, atá freagrach as an idirbheartaíocht sin. É sin ráite, cuireann an Pharlaimint moltaí ar fáil do na hidirbheartaithe chun tionchar a bheith aici ar an gcomhaontú sula dtugtar chun críche é. Chomh luath is atá an téacs curtha i gcrích is féidir leis an bParlaimint é a cheadú nó a mhalairt, ach ní bhíonn deis ag na feisirí féin é a leasú. Sa bhliain 2012 dhiúltaigh feisirí Eorpacha don chomhaontú ACTA um fhrith-ghóchumadh.
Comhaontuithe atá tar éis teacht i bhfeidhm cheana, atá le síniú nó le daingniú, nó atá á n-idirbheartú fós
Tagtha i bhfeidhm | ||
an Afraic Theas | an Ríocht Aontaithe | Leosóta |
an Ailgéir | an tSalvadóir | Lichtinstéin |
an Airméin | an tSeapáin | Madagascar |
an Albáin | an tSeirbia | Maracó |
an Asarbaiseáin | an tSeoirsia | Meicsiceo |
an Bheilís | an tSile | Montainéagró |
an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin | an tSiombáib | Mósaimbíc |
an Bhotsuáin | an tSuasalainn | na Bahámaí |
an Chasacstáin | an Túinéis | na Séiséil |
an Chóiré Theas | an Tuirc | Nicearagua |
an Cholóim | an Úcráin | Nua-Ghuine Phapua |
an Chosaiv | Andóra | Oileáin Chomóra |
an Cósta Eabhair | Antigua agus Barbúda | Oileáin Fharó |
an Éigipt | Barbadós | Oileáin Sholomón |
an Eilvéis | Camarún | Oileán Mhuirís |
an Ghuáin | Ceanada | Oileán na Tríonóide agus Tobága |
an Iaráic | Cósta Ríce | Peiriú |
an Iordáin | Doiminice | Saint Lucia |
an Iorua | Eacuadór | Samó |
an Íoslainn | Fidsí | San Críostóir-Nimheas |
an Liobáin | Gána | San Mairíne |
an Mhacadóin Thuaidh | Greanáda | San Uinseann agus na Greanáidíní |
an Mholdóiv | Guatamala | Singeapór |
an Namaib | Hondúras | Suranam |
an Phalaistín | Iamáice | Vítneam |
an Phoblacht Dhoiminiceach |
Iosrael | |
Fós le síniú nó le deimhniú | ||
an Airgintín | an Nígir | Mailí |
an Bhrasaíl | an Nua-Shéalainn | Paragua |
an Bhurúin | an Tansáin | Rinn Verde |
an Chéinia | an tSeineagáil | Ruanda |
an Ghaimbia | an tSín (comhaontú infheistíochta) | Siarra Leon |
an Ghuine | Beinin | Tóga |
an Libéir | Burcíne Fasó | Uganda |
an Mháratáin | Guine Bissau | Uragua |
an Nigéir |
Háítí | |
Idirbheartaíocht fós á dhéanamh | ||
an Astráil | an Indinéis | Singeapór (comhaontú digiteach) |
an Ind | na hOileáin Fhilipíneacha | an Téalainn |
Foinse: an Coimisiún Eorpach (Samhain 2023)
Tuilleadh eolais maidir le beartas trádála AE
-
Grafaic eolais faoi ról an Aontais Eorpaigh i dtrádáil idirnáisiúnta
- Coimhlintí trádála: céard iad na hionstraimí cosanta trádála a bhfuil teacht ag AE orthu?
- Beartas frithdhumpála: rialacha AE i gcoinne cleachtais éagóracha trádála
Foilsíodh an t-alt seo den chéad uair an 19 Deireadh Fómhair 2016 nuashonraíodh é don uair dheireanach i bhFeabhra 2024.