Duais Sakharov 2016 bronnta ar Nadia Murad agus Lamiya Aji Bashar

“Gan amhras ar bith rinne an Stát Ioslamach cinedhiothú ar scála mór ar Iasaídigh.” B’shin a bhí le rá ag Nadia Murad tar éis d’Uachtarán na Parlaiminte Martin Schulz Duais Sakharov 2016 a bhronnadh uirthi agus ar Lamiya Aji Bashar ag searmanas in Strasbourg an 13 Nollaig. Is Iasaídigh ón Iaráic iad Murad agus Aji Bashar ar éirigh leo éalú ó sclábhaíocht gnéis an Stáit Ioslamaigh, agus is urlabhraithe anois iad do mhná a d'fhulaing feachtas foréigin gnéis.

Lamiya Aji Bashar receiving the European Parliament’s Sakharov Prize for Freedom of Thought in Strasbourg, 13 December 2016
Bronnadh Duais Sakharov ar Lamiya Aji Bashar agus Nadia Murad an 13 Nollaig

An 3 Lúnasa 2014, mharaigh an Stát Ioslamach gach fear, idir óg is aosta, i sráidbhaile Kocho, baile dúchais Lamiya Aji Bashar agus Nadia Murad in Sinjar na hIaráice. Tar éis an áir, gabhadh na mná agus na páistí ar fad. Fuadaíodh gach bean óg, Aji Bashar, Murad agus a gcuid deirfiúracha ina measc.


Ag labhairt di sa Pharlaimint an 13 Nollaig, dúirt Lamiya Aji Bashar: “Dhíol an Stát Ioslamach ceithre huaire mé. Chomh maith le cara liom, Caitríona, agus cailín naoi mbliana d’aois, éigníodh muid ar fad. D’éirigh leis an triúr againn éalú ach sular bhaineamar áit shábháilte amach shiúil Caitríona ar mhianach talún trí thimpiste. Phléasc sé. An rud deireanach a chuala mé ná a cuid screadaí agus í ag fáil báis. B’shin an rud ba mheasa a chuala mé riamh.”


Rinne Aji Bashar cúpla iarracht teitheadh sular éirigh léi éalú ar deireadh thiar thall i mí Aibreáin 2016 le cúnamh óna teaghlach, a d'íoc smuigléirí áitiúla. Phléasc mianach talún agus í ag éalú ó lucht an Stáit Ioslamaigh. Maraíodh an bheirt a bhí ina teannta, gortaíodh í agus tá sí nach mór dall dá bharr.


Tar éis d’Uachtarán na Parlaiminte Martin Schulz Duais Sakharov 2016 a bhronnadh uirthi agus ar Nadia Murad, dúirt Aji Bashar: “Tá níos mó ná 3,500 bean agus páistí á gcoinneáil ina sclábhaithe ag an Stát Ioslamach. Tugann an Duais seo an-chuid misnigh dom agus mar sin táim ag iarraidh guth a thabhairt dóibh siúd nach bhfuil guth ar bith acu.”

Nadia Murad receiving the European Parliament’s Sakharov Prize for Freedom of Thought in Strasbourg
Nadia Murad agus Lamiya Aji Bashar

Bunaíodh Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta sa bhliain 1988 chun onóir a thabhairt do dhaoine aonair agus d'eagraíochtaí ar son a n-iarrachtaí ar son chearta an duine agus saoirsí. Bronnadh Duais Sakharov 2016 ar Nadia Murad chomh maith, Iasaídeach eile ar éirigh léi éalú ó sclábhaíocht gnéis an Stáit Ioslamaigh freisin. Ag labhairt di le feisirí le linn an tsearmanais sa Pharlaimint, dúirt Murad: “Tháinig lucht an Stáit Ioslamaigh agus antoiscigh eile an 3 Lúnasa 2014 d’fhonn na Iasaídigh ar fad a dhíothú. Thugadar dhá rogha dúinn: bás nó iompú ar an Ioslam.”


Cinedhiothú ar scála mór


Agus í i mbun óráide sa Pharlaimint, d’iarr Murad ar an gcomhphobal idirnáisiúnta na daoine atá ciontach as na huafáis i gcoinne Iasaídeach a thabhairt chun dlí: “Gan amhras ar bith rinne an Stát Ioslamach cinedhiothú ar scála mór ar Iasaídigh. Maraíodh daoine ach chomh maith leis sin rinneadh sclábhaithe de mhná ar bhonn córasach agus fuadaíodh páistí. Tá pobal na nIasaídeach tar éis titim as a chéile faoi ualach an chinedhíothaithe.”


Eiseamláir de chómhaireachtáil shíochánta


Tá thart ar leathmhilliún Iasaídeach fágtha san Iaráic agus sa Mheánoirthear i gcoitinne. Ag labhairt dóibh sa Pharlaimint, d’iarr Murad agus Aji Bashar ar údaráis na hIaráice agus réigiún na Cordastáine limistéar sábháilte a bhunú - le cabhair idirnáisiúnta - do Iasaídigh agus do mhionlaigh eile. Féidearthacht eile, dar le Murad, ná Iasaídigh a athlonnú san Eoraip: “Dar linne, is comhartha na daonnachta í an Eoraip, agus ar ndóigh tá sin á dheimhniú inniu. Ní mór don Eoraip leanúint de bheith ina heiseamláir de chómhaireachtáil shíochánta na ndaoine agus na gcultúr.”


Ainghníomhartha uafásacha


Ag labhairt dó le linn an tsearmanais sa Pharlaimint, dúirt an tUachtarán Martin Schulz: “Rinneadh ainghníomhartha uafásacha orthu, tháinig siad slán as an ngéibheann, d’éalaigh siad agus fuair siad tearmann anseo san Eoraip. Tá an fód á sheasamh ag Nadia agus ag Lamiya ar son na nIasaídeach atá fágtha san Iaráic. Tá siad ag troid ar son an cheartais.”


Chuir an tUasal Schulz in iúl go bhfuil sé de dhualgas ar an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta coireanna an Stáit Ioslamaigh a fhiosrú, agus go bhfuil sé de dhualgas ar an Eoraip iad siúd a chosaint a bhfuil géarleanúint á déanamh orthu.


Sa bhabhta ceannais de Dhuais Sakharov 2016 chomh maith, bhí Can Dündar agus Mustafa Dzhemilev, agus bhí siadsan i láthair sa Pharlaimint don searmanas bronnta chomh maith. Bronnadh an duais ar an mblagálaí Raif Badawi ón Araib Shádach anuraidh. Tá Badawi fós i bpríosún san Araib Shádach. D’iarr Schulz arís an 13 Nollaig ar údaráis na hAraibe Sádaí Badawi a scaoileadh saor láithreach.


Cé hiad Nadia agus Lamiya?


Dʼéirigh le Nadia Murad agus Lamiya Aji Bashar éalú ó sclábhaíocht gnéis an Stáit Ioslamaigh agus tá siad anois ina n-urlabhraithe do mhná a d'fhulaing feachtas foréigin gnéis. Is abhcóidí poiblí iad thar ceann Iasaídigh na hIaráice, mionlach reiligiúnda ar reáchtáil an Stát Ioslamach feachtas cinedhíothaithe ina gcoinne.


Tar éis áir i sráidbhaile Kocho, fuadaíodh Aji Bashar, Murad, díoladh iad cúpla uair, agus baineadh mí-úsáid astu mar sclábhaithe gnéis. Chaill Murad seisear deartháireacha in ár Kocho, agus a máthair freisin, i measc 80 bean scothaosta eile a maraíodh mar gur measadh gan aon luach gnéis a bheith leo. Baineadh mí-úsáid as Aji Bashar agus a seisear deirfiúracha mar sclábhaithe gnéis. Díoladh í cúig huaire i measc na n-iorghalach agus cuireadh iallach uirthi buamaí agus veisteanna féinmharaithe a dhéanamh tar éis d'iorghalaigh an Stáit Ioslamaigh a deartháireacha agus a hathair a chur chun báis.


D'éirigh le Murad éalú, in Samhain 2014, le cúnamh ó theaghlach comharsanachta, ach í a smuigleáil amach as an limistéar faoi cheannas an Stáit Ioslamaigh. Ansin, bhain sí amach campa teifeach i dtuaisceart na hIaráice, agus ar deireadh thiar d'éirigh léi an Ghearmáin a shroicheadh. Bliain dár gcionn, i mí na Nollag 2015, labhair Murad os comhair an chéad seisiúin de chomhairle slándála na Náisiún Aontaithe maidir le gáinneáil ar dhaoine. Thug sí óráid chorraitheach faoinar tharla di. I mí Mheán Fómhair 2016, bhí sí ar an gcéad Ambasadóir Dea-thola um Dhínit Mharthanóirí na Gáinneála ar Dhaoine. Ghlac sí páirt i dtionscnaimh áitiúla abhcóideachta chun an saol mór a chur ar an eolas faoi sháinn na ndaoine iomadúla a ndéantar gáinneáil orthu. I mí Dheireadh Fómhair 2016, bhronn Comhairle na hEorpa Duais Chearta Daonna Václav Havel uirthi.


Rinne Aji Bashar cúpla iarracht teitheadh sular éirigh léi éalú ar deireadh thiar thall i mí Aibreáin na bliana seo le cúnamh óna teaghlach, a d'íoc smuigléirí áitiúla. Phléasc mianach talún agus í ag éalú ó iorghalaigh an Stáit Ioslamaigh, amach thar theorainn na gCoirdíneach i dtreo chríoch rialtas-rialaithe na hIaráice. Maraíodh an bheirt a bhí ina teannta, gortaíodh í agus tá sí nach mór dall dá bharr. Ar ámharaí an tsaoil, d'éirigh léi éalú agus cuireadh í chun na Gearmáine, ar deireadh, le haghaidh cóireáil leighis mar ar athaontaíodh í lena siblíní a mhaireann. Ó tháinig sí chuici féin, tá Aji Bashar i mbun feasacht a chothú faoi sháinn na nIasaídeach agus bíonn sí ag cuidiú le mná agus leanaí ar íospartaigh sclábhaíocht agus ainghníomhartha an Stáit Ioslamaigh iad.


Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta


Bunaíodh Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta sa bhliain 1988 in onóir Andrei Sakharov, an t-eolaí núicléach Rúiseach agus gníomhaíoch ar son chearta an duine, agus is ionann í agus an comhartha ómóis is mó a bhronnann an tAontas Eorpach d’iarrachtaí ar son chearta an duine. Tugtar aitheantas agus tacaíocht mhorálta léi do na buaiteoirí a ghlacann misneach agus a théann ó neart go neart agus iad ag troid ar son a gcúiseanna.


Tá níos mó i gceist leis ná díreach onóir a thabhairt do dhaoine ar fud na cruinne a throideann ar son chearta an duine. Féachann sé freisin, le haird a dhíriú ar sháruithe ar chearta an duine agus le tacú le buaiteoirí agus lena gcúis. Ba í Malala Yousafzaï ón bPacastáin a bhuaigh an duais sa bhliain 2013 agus bhí an bua ag Denis Mukwege, gínéiceolaí ó Phoblacht Dhaonlathach an Chongó sa bhliain 2014, agus bronnadh an duais ar an mblagálaí Raif Badawi ón Araib Shádach anuraidh. Mar go raibh Badawi i bpríosún ba í a bhean chéile Ensaf Haidar a ghlac an duais ar a shon.


Cliceáil anseo chun tuilleadh a fhoghlaim faoi Dhuais Sakharov.

Tar éis dóibh éalú as crúba an Stáit Ioslamaigh, is siombailí iad Nadia Murad agus Lamiya Aji Bashar de choimhlint na nIasaídeach. (Fotheidil i nGaeilge.)

Duais Sakharov

infographic illustration
Dámhtar Duais Sakharov chun daoine aonair nó eagraíochtaí a onórú as a n-iarrachtaí chun cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chothú.