Grafaic faisnéise: pionós an bháis san Eoraip
Tá Parlaimint na hEorpa go láidir i gcoinne phionós an bháis i ngach cúinse agus i gcás ar bith. Caith súil ar an ngrafaic faisnéise chun tuilleadh a fhoghlaim.
Tá toirmeasc glan ar phionós an bháis i ngach cúinse mar chuid de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus tá an pionós díothaithe i mballstáit uile an Aontais. Faoin mbliain 2019, díothaíodh pionós an bháis i ndlí nó i gcleachtas i níos mó ná dhá thrian de thíortha an domhain. In 2019, cuireadh ar a laghad 657 duine chun báis i 20 tír timpeall na cruinne (an leibhéal is ísle le níos mó ná 10 mbliana anuas); níl an tSín san áireamh agus meastar gur cuireadh na mílte duine chun báis ansin i rith 2019. Ar leibhéal domhanda, cláraíodh 690 bású sa bhliain 2018 agus 993 sa bhliain roimhe sin.
Tá ag gach duine an ceart chun beatha. Ní dhéanfar aon duine a dhaoradh chun pionós an bháis ná a chur chun báis.
Ag deireadh 2019, bhí ar a laghad 25,000 duine ar shraith an bháis. De réir Amnesty International, ba iad an Iaráin, an Araib Shádach, an Iaráic agus an Éigipt a rinne 86% de bhásuithe a fógraíodh in 2019. (Is rún stáit iad figiúirí na Síne agus Vítneam.)
Is í an Bhealarúis an t-aon tír ar mhór-roinn na hEorpa ina gcuirtear pionós an bháis i bhfeidhm fós. Sa Rúis tá moratóir foirmiúil ar chur chun báis.
Tá an tAontas Eorpach tiomanta maidir le cearta an duine agus saoirsí a chur chun cinn ar fud an domhain, agus is é an tAontas an deontóir is mó ar domhan sa chomhrac in aghaidh phionós an bháis.
San Aontas Eorpach tá toirmeasc ar thrádáil in earraí a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach. Chomh maith leis sin, is uirlis é beartas trádála an Aontais a úsáidtear ar mhaithe le luachanna Eorpacha a chur chun cinn, oibleagáidí maidir le cearta an duine mar shampla.
Tacaíonn an tAontas Eorpach le heagraíochtaí na sochaí sibhialta i dtíortha ina gcuirtear pionós an bháis i bhfeidhm i gcónaí, agus mar bhreathnóir buan ag na Náisiúin Aontaithe, tacaíonn AE go glórach leis na bearta ar fad i gcoinne phionós an bháis.
Sa Pharlaimint glactar le rúin agus tionóltar díospóireachtaí chun aird a tharraingt ar sháruithe ar chearta an duine agus chun cáineadh a dhéanamh ar thíortha ina gcuirtear daoine chun báis i gcónaí. I rún ó mhí Dheireadh Fómhair 2015, rinne feisirí Eorpacha cáineadh ar úsáid phionós an bháis chun an freasúra a chur faoi chois, agus ar úsáid phionós an bháis mar gheall ar chreideamh, homaighnéasacht nó adhaltranas.