Comóradh 30 bliain an Choinbhinsiúin um Chearta an Linbh

Tionólfar comhdháil ardleibhéil sa Pharlaimint an 20 Samhain 2019 chun comóradh a dhéanamh ar 30 bliain an Choinbhinsiúin um Chearta an Linbh.

Celebrating 30 years of the Convention on the Rights of the Child
Déanann an Pharlaimint cearta leanaí a chur chun cinn go gníomhach i mbeartais agus i reachtaíocht AE

Le linn na comhdhála sa Pharlaimint déanfar machnamh ar an dul chun cinn a rinneadh ó síníodh an Coinbhinsiún i Nua-Eabhrac an 20 Samhain 1989. Pléifear chomh maith na dúshláin mhóra atá roimh an aos óg mar gheall ar an ndomhandú agus an ndigitiú. Déanfar comóradh freisin ar 60 bliain Fhorógra Chearta an Linbh a ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 20 Samhain 1959.

Beidh Mathilde, Banríon na Beilge agus uachtarán oinigh Unicef sa Bheilg, i láthair chomh maith le hUachtarán na Parlaiminte David Sassoli agus Uachtarán tofa an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen.


Tiomantas na Parlaiminte cearta leanaí a aithint agus a chosaint


Déanann Parlaimint na hEorpa a áirithiú go bhfuil sé mar aidhm lena cuid oibre reachtaí agus neamhreachtaí cearta an linbh a urramú, a chur chun cinn, agus a chosaint agus cur le saol na leanaí laistigh den Aontas agus lena caidreamh le tíortha lasmuigh den Aontas.


Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh


Is é Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh an chéad ionstraim uilíoch de chineál atá ceangailteach ó thaobh dlí a dhéileálann le cearta an linbh. Tá 193 pháirtí sa Choinbhinsiún faoi láthair, 28 gcomhalta den Aontas Eorpach ina measc. Déileálann an Coinbhinsiún le cearta sibhialta, polaitiúla, sóisialta, eacnamaíocha agus cultúrtha leanaí. Cuireann an coinbhinsiún na prionsabail ar fáil don phobal idirnáisiúnta lena áirithiú go bhfuil gach beartas agus clár atá á gcur chun feidhme ar leibhéal náisiúnta á ndéanamh de réir cur chuige atá bunaithe ar chearta leanaí.


Beidh an chomhdháil ar siúl sa Pharlaimint ag 14.30-18.30 an 20 Samhain 2019. Tá an clár le fáil trí chliceáil anseo.

Comhdháil ardleibhéil