Rí Abdullah II na hIordáine: ‘Bíonn tionchar ag an méid a thiteann amach sa Mheánoirthear ar fud na cruinne’ 

 
 

Roinn an leathanach seo: 

Rí Abdullah II na hIordáine i mbun óráide sa Pharlaimint in Strasbourg an 15 Eanáir 2020  

In óráid in Strasbourg an 15 Eanáir, labhair an Rí Abdullah II faoin tábhacht a bhaineann le cobhsaíocht sa Mheánoirthear agus faoi na hiarmhairtí uafásacha a bheadh ag coimhlint sa réigiún.

“Ar chúis amháin nó ar chúis eile, bíonn tionchar ag an méid a thiteann amach sa Mheánoirthear ar fud na cruinne” - b’shin a bhí le rá ag Rí Abdullah II na hIordáine agus é ar cuairt chuig Parlaimint na hEorpa in Strasbourg an 15 Eanáir. Tar éis cuairteanna in 2002, 2007, 2012, 2013 agus 2015, thug ceannaire stáit na ríochta Haisimítí aitheasc sa Pharlaimint den séú huair.


Rinne sé trácht ina óráid ar an gcoimhlint idir Iosrael agus an Phalaistín, an t-ardteannas idir an Iaráin agus na Stáit Aontaithe, an ghéarchéim sa tSiria, chomh maith lena thábhachtaí atá sé deiseanna a chruthú agus dóchas a thabhairt d’aos óg an réigiúin.


Dúirt sé: “Mhúin m’athair, an Rí Hussein nach maireann, dom go mbaineann níos mó deacrachtaí i gcónaí le bealach na síochánaíochta ach gur bealach níos mórga atá ann. Agus tá sé níos fearr aistear deacair a dhéanamh in éineacht le do chairde - cairde cosúil libhse agus le muintir na hEorpa.”


Dúirt Uachtarán na Parlaiminte David Sassoli: “Measaim go bhfuil sé léirithe ag na heachtraí a bhí ann ó thús na bliana a thábhachtaí atá an obair atá fós le déanamh againn le chéile.”