Caidreamh an Aontais Eorpaigh leis an India

Cuireadh dlús le blianta beaga anuas leis an gcomhar idir an Eoraip agus an India. Roimh chruinniú mullaigh an 8 Bealtaine 2021, faigh amach faoi na forbairtí is déanaí sa chaidreamh.

Sunset in  New Delhi: the EU is looking at ways to strengthen links with India
Agus í ar an daonlathas is mó ar domhan, tá an-tábhacht gheostraitéiseach ag an India don Aontas Eorpach ©AdobeStock/KT759

Roimh chruinniú mullaigh idir ceannairí an Aontais Eorpaigh agus na hIndia a thionólfar an mhí seo chugainn, tá rún glactha ag feisirí na Parlaiminte le moltaí maidir le conas caidreamh an Aontais leis an tír a neartú. Tá feisirí ag éileamh ar cheannairí AE agus na hIndia oibriú as lámha a chéile chun dúshláin dhomhanda a shárú, agus tá siad i bhfách le dlúthchaidreamh trádála atá bunaithe ar luachanna, chomh maith le comhar chun an Eagraíocht Dhomhanda Trádála a nuachóiriú.


Na daonlathais is mó ar domhan


Is iad an India agus an tAontas Eorpach an chéad agus an dara daonlathas is mó ar domhan faoi seach. Tá éagsúlacht mhór idir réigiúin gach comhpháirtí i dtaca le neart eacnamaíoch, teanga agus cultúr, margadh ollmhór agus suíomh geostraitéiseach arb údair imní é don bheartas slándála.


Síníodh comhpháirtíocht straitéiseach idir an tAontas agus an India siar sa bhliain 2004. Ag cruinniú mullaigh anuraidh, ghlac ceannairí an dá pháirtí treochlár coiteann chun a ngníomhaíocht chomhpháirteach a threorú sna cúig bliana atá amach romhainn, agus d’athdhearbhaigh siad a dtiomantas an chomhpháirtíocht straitéiseach a neartú. Chuir siad in iúl gur cheart go mbeadh an caidreamh bunaithe ar phrionsabail agus ar luachanna comhroinnte an daonlathais, na saoirse, an smachta reachta agus na hurraime do chearta an duine. Chomh maith leis sin, thug siad le fios an athuair go bhfuil rún daingean acu an córas iltaobhach riailbhunaithe a chur chun cinn, agus na Náisiúin Aontaithe agus an Eagraíocht Dhomhanda Trádála mar chroílár ann.


Ar ndóigh, tá roinnt de na dúshláin chéanna roimh an India agus an Aontas Eorpach – an ghéarchéim aeráide agus paindéim an choróinvíris, cuir i gcás – ach níor bhain an caidreamh déthaobhach barr a chumais amach go fóill.


Caidreamh trádála


De réir fhigiúirí an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta ó Aibreán 2021, is é an India an séú geilleagar is mó ar domhan. Roimh an bpaindéim, tháinig borradh bliantúil de thart ar 6% faoi gheilleagar na tíre. Is é an tAontas Eorpach an comhpháirtí trádála is mó atá ag an India (roimh na Stáit Aontaithe agus an tSín), agus b’fhiú €80 billiún an trádáil in earraí idir an dá pháirtí sa bhliain 2019.


Tháinig borradh 72% faoi thrádáil earraí idir an dá pháirtí le deich mbliana anuas, agus is é an tAontas Eorpach an foinse infheistíochta is tábhachtaí atá ag an India anois. Bhí luach €68 mbilliún ar stoic na hinfheistíochta dírí coigríche ón Aontas Eorpach san India in 2018, agus tá thart ar 6,000 comhlachtaí Eorpacha gníomhach san India agus 1.7 milliún duine fostaithe iontu. Mar sin féin, ní raibh rath go fóill ar na caididlíochtaí idir an dá pháirtí chun comhaontú trádála a chur i gcrích.


Tuilleadh léitheoireachta faoin mbeartas trádála:

Leasanna coiteanna


Ó thaobh astaíochtaí gás ceaptha teasa de, tá an tAontas Eorpach agus an India sa tríú agus sa cheathrú háit ar domhan. Mar sin, is chun leasa an dá pháirtí é an ghéarchéim aeráide a chomhrac agus an t-aistriú go geilleagar inbhuanaithe a éascú.


Ar bhonn luachanna comhroinnte an daonlathais, d’fhéadfadh an tAontas agus an India oibriú le chéile chomh maith chun cearta an duine, daonlathas agus comhionannas inscne a chur chun cinn. Cuireann feisirí an choiste um ghnóthaí eachtracha in iúl áfach gur ábhar díomá dóibh an meath atá tagtha ar chearta an duine san India – luann na feisirí, mar shampla, na deacrachtaí a bhíonn le sárú ag mná na hIndia agus ag grúpaí mionlacha, chomh maith le dúnadh oifigí Amnesty International sa tír.


Tuilleadh léitheoireachta faoi ghnóthaí eachtracha: