Cuir aithne ar chathaoirligh na gcoistí parlaiminteacha
Chun an obair ullmhúcháin a dhéanamh do sheisiúin iomlánacha na Parlaiminte, roinntear na feisirí i measc roinnt buanchoistí speisialaithe.
Ag an gcéad seisiún iomlánach den reachtas nua, rinne na feisirí Eorpacha cinneadh maidir le comhdhéanamh bhuanchoistí agus fhochoistí na Parlaiminte. I rith mhí Iúil 2020, toghadh cathaoirligh agus leaschathaoirligh na gcoistí ar feadh téarma dhá bhliain go leith, is é sin leath shaolré Parlaiminte.
Déanann na coistí tograí reachtacha agus tuarascálacha féintionscnaimh a dhréachtú, a leasú agus a ghlacadh. Déanann siad tograí ón gCoimisiún agus ón gComhairle a bhreithniú agus dréachtaíonn siad tuarascálacha atá le tíolacadh don seisiún iomlánach.
Tá 20 coiste parlaiminteach agus 3 fhochoiste ann sa Pharlaimint reatha. Is féidir obair na gcoistí a leanúint ar Twitter trí chliceáil anseo.