Deontais le haghaidh gníomhaíochtaí sna meáin
Tá ról straitéiseach ag clár deontas meán na Parlaiminte, atá á bhainistiú ag Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide, maidir le hinfheictheacht agus tuiscint obair Pharlaimint na hEorpa ar fud an Aontais a threisiú, rud atá bunriachtanach dá feidhmiú agus do dhaonlathas Eorpach sláintiúil.
Bronntar na deontais sin ar eagraíochtaí meán atá lonnaithe i 27 mBallstát an Aontais agus é mar aidhm leo tacú le faisnéis rialta, iontaofa agus neamhchlaonta a chur ar fáil faoi Pharlaimint na hEorpa, faoina Feisirí agus faoina gníomhaíochtaí.
Cothaíonn an clár timpeallacht meán iolraíoch agus cuimsitheach, agus neamhspleáchas eagarthóireachta na dtairbhithe uile á chaomhnú go hiomlán ag an am céanna.
Leithdháiltear deontais trí ghlaonna oscailte ar thograí, a fhoilsítear ar leathanach gréasáin Pharlaimint na hEorpa atá tiomnaithe do dheontais.
- Coinníonn tairbhithe deontais neamhspleáchas eagarthóireachta iomlán, lena n-áirítear sna téamaí, sa teideal agus sa chreat a roghnaítear agus ní mór dóibh a áirithiú go gcloítear le croíluachanna an Aontais mar a luaitear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, lena ráthaítear saoirse ó bhrú poiblí nó príobháideach i ngach ábhar eagarthóireachta.
- Is é is cuspóir don chlár feasacht an phobail a mhéadú maidir le ról Pharlaimint na hEorpa mar ghuth daonlathach shaoránaigh an Aontais, cumhdach neamhchlaonta, leathan agus cothrom ar a cuid oibre ar fud na mBallstát a chinntiú, agus díospóireacht phoiblí ar shaincheisteanna Eorpacha a chur chun cinn.
- Ní mór d’eagraíochtaí meán ar spéis leo iarratas a dhéanamh critéir incháilitheachta agus eisiaimh a bhaineann le hacmhainneacht airgeadais agus oibríochtúil a chomhlíonadh.
- Is painéal neamhspleách saineolaithe ó gach cearn den Aontas a dhéanann meastóireacht ar thograí, bunaithe ar cheithre phríomhchritéar: ábharthacht, cáilíocht, raon, agus cost-éifeachtúlacht.
- Foilsítear glaonna nua ar thograí go rialta ar an leathanach gréasáin oifigiúil céanna, mar aon le treoirlínte iarratais agus faisnéis maidir le hincháilitheacht, amlínte agus an cistiú atá ar fáil.
- Tá liosta na ndeontas a dámhadh ar fáil go poiblí. Bronntar na deontais sin agus lánurraim á tabhairt do shaoirse eagarthóireachta agus cuirtear chun feidhme iad i gcomhréir leis an tsaoirse eagarthóireachta.
Trí thacú leis na meáin chun cumhdach atá bunaithe ar fhíricí, iontaofa agus inrochtana ar ghnóthaí AE a sholáthar, rannchuidíonn an Pharlaimint le díospóireacht phoiblí níos eolaí, agus neartaíonn sí cuntasacht dhaonlathach ar an leibhéal Eorpach.