Éilíonn Parlaimint na hEorpa cearta aerphaisinéirí infheidhmithe 

Preasráiteas 
 
 

Roinn an leathanach seo: 

Vótaíonn feisirí ar son cearta daingne d'aerphaisinéirí - ©BELGA/LANDOV/B.DUKE  

Faoi dhréacht-dhlí a daingníodh ar an gcéad léamh sa Pharlaimint an 5 Feabhra, bheadh sé níos dóchúla go mbronnfaí cúiteamh ar aerphaisinéirí a cuireadh moill ar a eitilt nó a cuireadh ar ceal í. Chuirfí rialacha soiléire ar fáil d'aerlínte maidir le deileáil le gearáin aerphaisinéirí freisin.


"Baineann cearta aerphaisinéirí le beagnach gach saoránach de chuid an Aontais Eorpaigh. Tá sé cosúil le Dáibhí agus Góiliat, mar ní fhaigheann ach 2% de phaisinéirí cúiteamh tar éis dóibh gearán aerlíne a dhéanamh. Creidim go bhfuil cothromaíocht réasúnach sa téacs a daingníodh inniu idir chearta na haerlíne agus chearta an phaisinéara. Tá cosaint tomhaltóirí feabhsaithe againn ach ag an am céanna aithnímid an tsolúbhacht ata ag teastáil sa tionscal seo", a dúirt an rapóirtéir Georges Bach, feisire Lucsamburgach de chuid Pháirtí an Phobail Eorpaigh.


Leis na dréacht-rialacha athbhreithnithe cheanglófaí ar aerlínte teagmhálaithe a bheith acu san aerfort chun faisnéis maidir le cearta, modhanna déanta gearán, cúnamh, aisíocaíocht agus athródú eitiltí a thabhairt do phaisinéirí. D'fhéadfadh paisinéirí gearáin a dhéanamh leo; lena n-áirítear gearáin maidir le bagáiste a ndearnadh damáiste dó nó a cailleadh.


Eitiltí ar rinneadh athsceidealú orthu


Nuair a chuirtear moill ar eitiltí, ba ghá faisnéis maidir le heitiltí athsceidealaithe a chur ar fáil do phaisinéirí tráth ná déanaí ná 30 nóiméad tar éis an am imeachta sceidealaithe.

Ní fhéadfaí cosc a chur ar phaisinéirí le ticéad fillte an turas fillte a úsáid fiú muna úsáid siad an eitilt amach.


Bagáiste


Chaithfí faisnéis a thabhairt do phaisinéirí maidir le liúntais bagáiste go luath sa phróiseas áirithinte. Dhéanfaí méadú ar liúntais bhagáiste cábáin d'fhonn go n-áireofaí cóta, mála láimhe agus mála amháin siopadóireachta.


Gearáin


I gcás nach bhfreagraítear gearán laistigh de dhá mhí, mheasfaí go bhfuil an aerlíne tar éis éilimh an phaisinéara a ghlacadh. I gcás ina luaitear "imthosca urghnácha" agus nach bhfuil gá le cúiteamh a íoc, bheadh ar an aerlíne míniúchán scríofa iomlán a thabhairt don phaisinéir. Áirítear liosta uileghabhálach cúinsí sna dréacht-rialacha, lena n-áirítear tuairteáil in aghaidh éin, corraíl pholaitiúil agus díospóidí tionsclaíocha nach raibh coinne leo.


Maidir le himthosca urghnácha fadtréimhseacha, an scamall luaithrigh i 2010 mar shampla, chuirfí teorainn 5 oíche le dliteanas na haerlíne lóistín paisinéirí a íoc.


Féimheachta


D'fhonn a áirithiú nach bhfágtar paisinéirí san fhaopach nuair a thiteann aerlíne i bhféimheacht, chuir an Pharlaimint ceanglais i bhfeidhm lena éileofar ar aerlínte sásanna ráthaíochta oiriúnacha a bheith i bhfeidhm, cistí ráthaíochta mar shampla, nó go mbeidh polasaithe árachais acu.


Forfheidhmiú níos fearr


Ba chóir cumhachtaí dóthanacha a thabhairt d'údaráis náisiúnta chun aerlíne a sháraíonn cearta paisinéirí a phionósú, agus ba chóir measúnacht a dhéanamh ar a dtuarascálacha maidir leis an méid a dhéanann siad chun cabhrú le paisinéirí dul i ngleic le moilleanna nó le cealuithe eitilte, a deir feisirí Pharlaimint na hEorpa.


Na chéad chéimeanna eile


Is éard atá i gceist leis an vóta seo ná seasamh Pharlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh. Faoi réir nós imeachta na comhchinnteoireachta, is féidir le Comhairle na nAirí glacadh le seasamh na Parlaiminte nó a seasamh féin a ghlacadh le haghaidh thuilleadh plé leis an bParlaimint.


Nós imeachta: Comhchinnteoireacht, an chéad léamh.