C&F maidir le buiséad fadtéarmach an Aontais (Creat Airgeadais Ilbhliantúil, CAF) 

Preasráiteas 
 
 

Roinn an leathanach seo: 

Ceisteanna agus freagraí maidir le buiséad fadtéarmach an Aontais, an Creat Airgeadais Ilbhliantúil (caiteachas an Aontais), agus athchóiriú Acmhainní Dílse an Aontais (ioncam AE).

Tá tús curtha leis an obair chun céad bhuiséad fadtéarmach eile an Aontais a shocrú don tréimhse 2021-2027. Is í todhchaí na hEorpa atá i gceist leis seo, cé acu an ndéanfaidh an tAontas níos lú, an méid céanna, nó níos mó dá chuid saoránach.

Is léiriú é an C&F seo ar sheasamh na Parlaiminte agus mar a sheas cúrsaí sular thit paindéim COVID-19 amach. D’fhógair an Coimisiún Eorpach ó shin go dtabharfaidh sé cothrom le dáta an togra bunaidh le haghaidh an chéad Chreata Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) eile a roinn sé i mí na Bealtaine 2018, chun é a chur in oiriúint don ghá atá le téarnamh geilleagrach, ós rud é gur bhuail an ghéarchéim sláinte geilleagair na mBallstát go dona. Is léiriú é seo freisin ar an méid a d’iarr na Feisirí Eorpacha.

Ó thus na géarchéime, cheadaigh an Pharlaimint bearta éagsúla, idir bhearta buiséadacha agus eile, chun dul i ngleic le hiarmhairtí na paindéime, agus ghlac sí rún i mí Aibreáin, lenar iarradh CAI níos mó agus níos uaillmhianaí. A luaithe a fhoilseofar sonraí thogra an Choimisiúin, cuirfidh an Pharlaimint a seasamh in oiriúint dó arís.

Tá athchóiriú ar an mbuiséad a bheidh ann tar éis 2020 ag teastáil ó Pharlaimint na hEorpa. Teastaíonn sé uaithi go mbeadh an t-athchóiriú sin ag teacht lena ngealltanais pholaitiúla agus lena bhfuil uaithi do thodhchaí na hEorpa agus ceann a chinnteoidh go leanfar ar aghaidh le príomhbheartais an Aontais, amhail na beartais réigiúnacha agus talmhaíochta. Chomh maith leis sin, ba cheart aghaidh a thabhairt sa bhuiséad seo ar na dúshláin a bheidh ann amach anseo agus Eoraip níos láidre agus níos inbhuanaithe á tógáil. Leis an mbuiséad seo, ba cheart síocháin, daonlathas, smacht reachta, cearta daonna agus comhionannas inscne a chur chun cinn, ba cheart leas an phobail, fás eacnamaíoch, fostaíocht mhaith agus dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit agus na saoránaigh a mhéadú, agus ba cheart rannchuidiú leis an gcomhrac in aghaidh an athraithe aeráide.

Is buiséad infheistíochta, go príomha, é buiséad an Aontais, rud a fhágann gur buiséad ar leith é nach féidir aon easnamh a bheith ann. Téann tuairim is 93% de bhuiséad an Aontais chun leas na saoránach, na réigiún, na gcathracha, na bhfeirmeoirí, na n-ollscoileanna agus na ngnólachtaí. Níl i gcostais riaracháin an Aontais ach níos lú ná 7% de bhuiséad iomlán an Aontais. Baineann tuilleadh leas eacnamaíoch fós le ballraíocht sa Mhargadh Aonair, go háirithe do na Ballstáit a bhíonn ag brath go mór ar thrádáil idirnáisiúnta.

  • Is é an Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) buiséad fadtéarmach an Aontais agus cumhdaítear tréimhse seacht mbliana leis, de ghnáth.

    Is buiséad infheistíochta é, go príomha, lena dtugtar acmhainní le chéile chun beartais a chur i bhfeidhm agus breisluach a chur leo chun leas shaoránaigh uile an Aontais. Leis an mbuiséad, tugtar aghaidh ar dhúshláin chomhchoiteanna amhail an comhrac in aghaidh an athraithe aeráide agus cosaint an chomhshaoil, dúshláin dhigiteacha, cosaint agus slándáil teorann, cearta sóisialta agus fostaíocht.

    Le CAI, leagtar síos na teorannacha le haghaidh chaiteachas an Aontais - don Aontas ina iomláine agus do réimsí gníomhaíochta éagsúla - don tréimhse a chumhdaítear ann. Bristear síos caiteachas an Aontais ina chatagóirí leathana - ‘ceannteidil’ - a fhreagraíonn do thosaíochtaí agus réimsí gníomhaíochta an Aontais. Leagtar síos teorainneacha socraithe caiteachais, nó ‘uasteorainneacha’, do gach bliain a chumhdaítear in CAI.

    Bhí cúig chreat airgeadais ilbhliantúla (CAInna) ann go dtí seo. Is é CAI atá ann i láthair na huaire an cúigiú ceann agus cuimsítear an tréimhse 2014-2020 leis. Glacadh é an 2 Nollaig 2013.

    Tiocfaidh deireadh le CAI reatha an 31 Nollaig 2020. Sa cheann a mhol an Coimisiún Eorpach le haghaidh 2021-2027, tá dréachtrialachán lárnach ina bhfuil na suimeanna molta agus na tograí reachtacha le haghaidh na 37 gclár Eorpacha.


    Tuilleadh ar an ábhar:

    Bileoga eolais ar an Aontas Eorpach - Creat Airgeadais Ilbhliantúil


  • Le cur chuige fadtéarmach CAI maidir le maoiniú, cinntítear an intuarthacht agus an chobhsaíocht a theastaíonn uathu siúd a chuireann cuspóirí beartais an Aontais i bhfeidhm, agus freisin ón dream a bhaineann leas as na hacmhainní agus ón dream a chómhaoiníonn iad, ós rud é gur buiséad infheistíochta é buiséad an Aontais, go príomha.

    Sna 1980idí, cuimhníodh ar chur chuige airgeadais ilbhliantúil mar bhealach chun coimhlint idir institiúidí an Aontais a laghdú, smacht buiséadach a threisiú, agus cur i bhfeidhm an bhuiséad a fheabhsú trí phleeanáil níos fearr.

    In Airteagal 312 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, sonraítear go “[mb]unófar [an creat aigeadais illbhliantúil] ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad”.

    Sa lá atá inniu ann, cuireann Parlaimint na hEorpa chun cinn timthriall buiséadach cúig-bliana-móide-cúig-bliana, chun go mbeadh sé ag teacht le timthriall reachtach cúig bliana an Aontais Eorpaigh.


    Tuilleadh ar an ábhar:

    Stair Bhuiséad an Aontais

  • Is ionann acmhainní CAI le haghaidh gealltanais thar thréimhse 2014-2020 ina hiomláine ná €1,087.2 míle milliún i bpraghsanna reatha (nó €963.5 míle milliún i bpraghsanna 2011).

    Chun míniú a fháil ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochtaí féach thíos.


    Foinse na grafaice faisnéise EPRS, Coimisiún Eorpach

The size of the MFF  
  • Tá buiséad an Aontais beag i gcomparáid leis na buiséid náisiúnta.

    Ar an meán, caitheann na Ballstáit 47.1% dá n-ollioncam náisiúnta (OIN) ar an leibhéal náisiúnta, agus níl in CAI ach rud beag níos mó ná 1% d’OIN an Aontais - a théann chun leas an Aontais ina iomláine. Mar sin, is ionann buiséad an Aontais agus idir aon daicheadú agus aon chaogadú den chaiteachas náisiúnta.

    I ndearbhthéarmaí, má chuirtear buiséad bliantúil an Aontais i gcomparáid leis an meánbhuiséad náisiúnta, is léir go bhfuil buiséad an Aontais i bhfad níos lú:

Comparison EU and national budgets  
  • Caitear na cistí a dháiltear trí CAI trí mheán buiséid bhliantúla.

    Caithfear buiséad bliantúil an Aontais a cheadú go comhpháirteach idir an Chomhairle (a dhéanann ionadaíocht do na Ballstáit) agus an Pharlaimint – dhá bhrainse údarás buiséadach an Aontais. Dá réir sin, is ar comhchéim le chéile a dhéanann an Chomhairle agus an Pharlaimint cinneadh sa nós imeachta buiséadach bliantúil.

    Ní mór go n-urramaítear i mbuiséad bliantúil an Aontais na huasteorainneacha a comhaontaítear faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) le haghaidh cláir agus beartais dhifriúla, amhail an beartas comhtháthaithe, talmhaíochta nó caidrimh sheachtraigh.

    Áirítear sa bhuiséad freisin ionstraimí solúbthachta lena chinntiú gur féidir leis an Aontas freagairt do chúinsí nó riachtanais a bhíonn an gan choinne, amhail na géarchéimeanna imirce agus airgeadais nó i gcás tubaiste nádúrtha.


    Tuilleadh ar an ábhar:

    Caiteachas an Aontais

    Grafaic faisnéise: Cumhachtaí buiséadacha (nós imeachta buiséadach)

  • Caitear tuairim is 93% de bhuiséad an Aontais chun ghníomhaíochtaí a mhaoiniú a thiteann amach ar an láthair sna Ballstáit féin agus i dtíortha lasmuigh den Aontas. Téann sé chun tairbhe do shaoránaigh, réigiúin, cathracha, taighdeoirí, scoláirí, Eagraíochtaí Neamhrialtais agus gnólachtaí.

    Níl i gcaiteachas riaracháin an Aontais ach níos lú ná 7% de bhuiséad iomlán an Aontais. Áirítear leis sin, costais riaracháin institiúidí uile an Aontais (an Coimisiún Eorpach, an Pharlaimint agus Comhairle an Aontais, den chuid is mó), lena n-áirítear na haistritheoirí agus na hateangairí atá ag teastáil chun an t-eolas go léir a chur ar fáil i ngach ceann de theanga oifigiúla an Aontais.

    Is buiséad ar leith é buiséad an Aontais óir ní féidir aon easnamh a bheith ann agus, murab ionann agus na buiséid náisiúnta, a mbaintear úsáid astu den chuid is mó chun seirbhísí poiblí a sholáthar agus córais leasa shóisialaigh a mhaoiniú, is buiséad infheistíochta é buiséad an Aontais, go príomha.


    Tuilleadh ar an ábhar:

    Na nithe a dhéanann an Eoraip dom

    Mar a chaitear buiséad an Aontais: Coimre bileog eolais ó Sheirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa (ailt aonair anseo)

    Samplaí de thionscnaimh arna maoiniú ag an Aontas (Coimisiún Eorpach)


    Foinse na grafaice faisnéise: Coimisiún Eorpach

EU spending  
  • Pé bealach a bhféachtar air, i gcás aon Bhallstát ar bith, is ionann an tairbhe a bhaineann sé as a bhallraíocht sa Mhargadh Aonair amháin – fiú más é an meastachán is coimeádaí atá san áireamh – agus cúpla oiread luach a ranníocaíochta náisiúnta (foinse: Coimisiún Eorpach).

    Sa díospóireacht faoi cé na tíortha ar ‘glaníocóirí’ iad, ní chuirtear san áireamh na buntáistí eacnamaíocha agus neamhairgeadaíochta go léir a bhaineann na Ballstáit as a mballraíocht san Aontas Eorpach. In go leor réimsí beartais a mbaineann gnéithe trasteorann agus éileamh ar thairseach chriticiúil leo, féadann torthaí níos fearr a bheith ina dtoradh ar ghníomh comhpháirteach ar leibhéal an Aontais in áit tionscnaimh náisiúnta ilroinnte. Léirítear i staidéir éagsúla go bhfuil méadú tagtha ar fhostaíocht agus fás de thoradh an Mhargaidh Aonair. Measadh gur fiú 3.6 milliún post nua tionchar an Mhargaidh Aonair, atá ag dul i méid ó 1990. De bhreis air sin, bheadh olltáirgeacht intíre (OTI) an Aontais 8.7% níos ísle murach lánpháirtiú an Mhargaidh Aonair. Ar an meán, faigheann an saoránach Eorpach €840 níos mó sa bhliain, a bhuí leis an Margadh Aonair.

    Is comhartha an-mhíthreorach ar an tairbhe ó chaiteachas an Aontais agus ó bhallraíocht san Aontas é glan-iarmhéid buiséadach. Is é an toradh a bhíonn ar chinntí buiséadacha a ghlactar ar bhonn an chomhartha sin ná drochbheartais ós rud é go bhfuil siad claonta i dtreo cláir ina bhfuil sreafaí airgeadaíochta a thagann ar ais go dtí na Ballstáit. Is constaic ollmhór an meon ‘juste retour’ sin ó thaobh breisluach Eorpach a bhaint amach trí bhuiséad an Aontais. Is í an fhíor-bhunchúis leis an spéis mhíthreorach agus dhíobhálach sa ghlan-iarmhéid ná ardsuntasacht agus luach pholaitiúil na mbeart ais-sreabhaidh, ós rud é go bhfuil sé éasca na tairbhithe náisiúnta agus réigiúnacha a aithint. Faightear níos lú tacaíocht beartais agus tacaíocht ón lucht vótála ar son na mbeartas lena scaiptear an tairbhe Eorpach ar bhonn níos leithne agus nach mbíonn íocaíochtaí isteach sna Ballstáit mar chuid díobh (foinse: Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa).


    Tuilleadh ar an ábhar:

    TÁ MO CHUID AIRGID AR AIS UAIM! ...nó an chaoi chun an spéis gan smacht sa ‘juste retour’ agus an glan-iarmhéid buiséadach a chloí: mionsraith doiciméad áisiúil eolais cúlra

    Díbhinn dhá thrilliún euro na hEorpa: Costas na Neamh-Eorpa a Mhapáil, 2019-24 (Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa)

    Faisnéisiú teicniúil faoi chéad bhuiséad fadtéarmach eile an Aontais (Coimisiún Eorpach)

EU Single market benefits  
EU revenue 2018  
  • Is í todhchaí na hEorpa atá i gceist anseo – cé acu an ndéanfaidh an tAontas níos mó, an méid céanna, nó níos lú dá chuid saoránach ó 2020 ar aghaidh.

    Ó thús CAI reatha, clárthréimhse 2014-2020, cuireadh dúshláin nua faoi bhuiséad an Aontais, dúshláin a bhaineann le héagobhsaíocht sa réigiún máguaird, an ghéarchéim imirce, bagairtí slándála agus bearna shuntasach infheistíochta leanúnach san Aontas i ndiaidh na géarchéime airgeadais agus eacnamaíche.

    Dúshlán eile atá ann ná an comhrac in aghaidh an athraithe aeráide. D’éiligh an Pharlaimint le déanaí (i rún uaithi i nDeireadh Fómhair 2019) dlús a chur leis an obair chun cúrsaí aeráide a chur i gcroílár bhuiséad an Aontais, chun dóthain acmhainní a áirithiú lena mbeifear in ann aistriú cóir a dhéanamh chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de.

    De bhreis air sin, tá rún ag an Aontas comhar cosanta níos dlúithe a mhaoiniú. Agus ar deireadh, is cinnte go mbeidh easnamh buiséadach suntasach ann de dheasca imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas.

    Dá bhrí sin, le CAI 2021-2027 “ba cheart na hacmhainní is gá a sholáthar chun borradh a chur faoi fhás eacnamaíocht inbhuanaithe, taighde agus nuálaíocht, chun daoine óga a chumasú, chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar dhúsláin na himirce, chun dífhostaíocht, bochtaineacht leanúnach agus eisiamh sóisialta a chomhrac, chun comhtháthú eacnamaíocht, sóisialta agus críochach a threisiú tuilleadh, chun aghaidh a thabhairt ar inbhuanaitheacht, cailliúint na bithéagsúlachta agus an t-athrú aeráide, chun slándáil agus cosaint an Aontais a neartú, chun a theorainn sheachtrach a chosaint agus chun tacú leis na tíortha Chomharsanachta.” (ón rún maidir le seasamh na Parlaiminte ar CAI, Samhain 2018).


    Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 i bhfigiúirí (Togra an Choimisiúin i gcomparáid le seasamh PE)


    Tuilleadh ar an ábhar:

    Bileoga eolais ar an Aontas Eorpach - Creat Airgeadais Ilbhliantúil

    Buiséad an Aontais Eorpaigh don todhchaí (Suíomh gréasáin an Choimisiúin)

  • Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 i bhfigiúirí (Togra an Choimisiúin i gcomparáid le seasamh PE)

    Rún ó mhí na Samhna 2018 (Preaseisiúint anseo)


    → Tá an Pharlaimint réidh chun chaibidlíochta ó bhí Samhain 2018 ann.

    Bunaithe ar mheasúnú ón mbun aníos ar na hacmhainní atá ag teastáil chun na cuspóirí a bhaint amach i ngach

    réimse beartais Eorpach, measann an Pharlaimint gur cheart CAI nua a shocrú ag 1.3% de OIN AE-27 (tá 1.11% molta ag an gCoimisiún, níl seasamh ag an gComhairle ar an gceist go fóill).

    tuilleadh infheistíochta á éileamh ag an bParlaimint i réimsí amhail an óige, taighde agus nuálaíocht, an comhshaol agus an aeráid, bonneagar, fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), digitiú agus cearta sóisialta, de bhreis ar maoiniú na mbeartas Eorpach atá ann cheana féin a choimeád i dtéarmaí réadacha, amhail na beartais talmhaíochta, comhtháthaithe agus iascaigh.


    Rún ó Dheireadh Fómhair 2019 (Preaseisiúint anseo)

    → I ndiaidh na dtoghchán Eorpach i mí na Bealtaine 2019, dhearbhaigh an Pharlaimint an seasamh a bhí aici in 2018 maidir le CAI agus Acmhainní Dílse a athchóiriú i rún a glacadh i nDeireadh Fómhair 2019.

    Leis an rún sin, athdhearbhaítear an gá atá le sásra nua a chur ar bun chun buiséad an Aontais a chosaint aon áit nach n-urramaítear an smacht reachta agus fáiltítear roimh na gealltanais maidir le tionscnaimh pholaitiúla nua a thug Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen i mí Iúil 2019, agus áitítear gur cheart go bhfaigheadh na tionscnaimh sin leithreasuithe úra anuas ar an méid a bhí sa chéad togra le haghaidh buiséid ón gCoimisiún.

    Maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, ba cheart dlús a chur le príomhshruthú cúrsaí aeráide i mbuiséad an Aontais agus é a mhaoiniú a dhóthain chun aistriú cóir chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de a éascú, lena chinntiú nach bhfágfar aon duine taobh thiar.

    De bhreis air sin, tá an Pharlaimint ag éileamh go gcuirfear tús láithreach leis an gcaibidlíocht idirinstitiúideach, agus ag áiteamh nach féidir cinneadh polaitiúil sa Chomhairle Eorpach teacht roimh shainphribhléidí reachtacha na Parlaiminte.

    Tá an Pharlaimint ag éileamh ar an gCoimisiún freisin plean teagmhais a ullmhú chun síneadh ama a chur le CAI atá ann i láthair na huaire (2014-2020) chun tairbhithe chistí an Aontais a chosaint, ar eagla go mbeadh sé dodhéanta an chaibidlíocht leis an gComhairle a thabhairt i gcrích in am.


    Tuilleadh ar an ábhar:

    An Creat Airgeadais Ilbhliantúil atá molta le haghaidh 2021-2027 a shamhlú (Grafaic faisnéise)

    Bileoga eolais ar sheasamh PE

    Preaseisiúintí deireanacha a bhaineann le CAI

    Togra ón gCoimisiún maidir le CAI nua 2021-2027 ó mhí na Bealtaine 2018

MFF negotiating team  
  • Tá an Pharlaimint ag meabhrú “nach dtabharfaidh [sí] a toiliú don CAI gan comhaontú a bheith ann i dtaobh chóras acmhainní dílse AE”. Mar sin, dar leis an bParlaimint, ba cheart caitheamh le caiteachas agus ioncam mar aon phacáiste amháin.

    Tá PE ag moladh na hacmhainní dílse atá ann cheana a choimeád agus cinn nua a thabhairt isteach de réir a chéile. Ba cheart ranníocaíochtaí bunaithe ar OIN ó Bhallstáit an Aontais a laghdú dá réir sin.

    Dar leis an bParlaimint, is iad na foinsí a d’fhéadfadh a bheith ina n-acmhainní dílse nua ná:

    • comhbhonn comhdhlúite don cháin chorparáide;
    • cáin ar sheirbhísí digiteacha;
    • cáin ar idirbhearta airgeadais;
    • ioncam ón scéim trádála astaíochtaí;
    • ranníocaíocht maidir le plaistigh agus
    • sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha.

    Tá sí ag áitiú gur cheart gach lacáiste agus ceartúchán a dhíothú, an acmhainn dhílis atá bunaithe ar CBL a shimpliú, na ‘costais bhailiúcháin’ náisiúnta a choinnítear siar ar dhleachtanna custam a laghdú, agus ioncam eile i bhfoirm fíneálacha agus táillí a chur san áireamh i mbuiséad an Aontais.

    I mí na Samhna 2018, ghlac an Pharlaimint a seasamh ar an athchóiriú ar chóras acmhainní dílse an Aontais i dteannta a seasaimh ar CAI 2021-2027 ina tuarascáil eatramhach ar CAI. Dhearbhaigh sí a seasamh i ndiaidh na dtoghchán Eorpach i nDeireadh Fómhair 2019.


    Tuilleadh ar an ábhar:

    Bileoga eolais ar an Aontas Eorpach - Ioncam an Aontais

    Acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh: Córas maoinithe an Aontais Eorpaigh a athchóiriú

Own Resources: EP and Commission proposals  
  • I bhfianaise an ghá atá le gníomhaíochtaí ilbhliantúla a bhainistiú, déantar idirdhealú i mbuiséad an Aontais idir leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (costas na n-oibleagáidí dlíthiúla a thabhaítear i rith na bliana reatha, a d’fhéadfadh iarmhairtí a bheith acu sna blianta ina diaidh) agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí (íocaíochtaí airgid iarbhír a rinneadh le linn na bliana reatha, a d’fhéadfadh a bheith déanta chun gealltanais a rinneadh i mblianta roimhe sin a chur i bhfeidhm). Dá bharr sin, is iondúil go mbíonn leibhéil na n-íocaíochtaí níos airde sna blianta deiridh de chreat airgeadais ilbhliantúil.

QR link to the online version of this briefing