Vóta ar acmhainní dílse: réitíonn na feisirí an tslí do phlean téarnaimh tar éis Covid-19 

Preasráiteas 
 
 

Roinn an leathanach seo: 

  • Réitíonn an Pharlaimint an bealach do na ballstáit chun go bhféadfaidh siad an cinneadh ar acmhainní dílse a dhaingniú agus go gcuirfear tús an athuair le geilleagair an Aontais 
  • Teastaíonn féilire a bhfuil ceangal dlí leis chun foinsí nua ioncaim a thabhairt isteach 
  • D’fhéadfadh aon mhoill eile sa Chomhairle díobháil a dhéanamh don téarnamh sóisialta agus eacnamaíoch 
@AdobeStock/Hedgehog94  

Cuireann na feisirí dlús leis an nós imeachta a ligfidh don Aontas €750 billiún a fháil ar iasacht don phlean téarnaimh ar a dtugtar ‘Next Generation EU’.

Dhéileáil na feisirí leis an gcinneadh maidir le hacmhainní dílse ar bhonn práinne agus vótáil siad ar an tuairim reachtach ina leith sin ag an seisiún iomlánach an 16 Meán Fómhair. Scaoileann sé seo bacainn mhór a bhain leis an dlí tábhachtach seo de chuid an Aontais a chur chun feidhme agus cuireann sé luas leis an nós imeachta. Dlí é seo atá beartaithe chun tús a chur an athuair leis an ngeilleagar agus a ligeann don Choimisiún €750 billiún a fháil ar iasacht ó na margaí airgeadais le cur isteach sa chiste téarnaimh.


Fágann vóta na Céadaoin go mbeidh Comhairle an Aontais Eorpaigh in ann an cinneadh maidir le hacmhainní dílse a ghlacadh go sciobtha agus go bhféadfar tús a chur leis an bpróiseas daingniúcháin sna 27 dtír den Aontas – ionas go bhféadfar an plean téarnaimh a sheoladh chomh luath agus is féidir.


Sa tuairim a ghlac an Pharlaimint ar an gCéadaoin, le 455 vóta i bhfabhar, 146 vóta i gcoinne agus 88 ag staonadh, cloítear leis an seasamh a bhí aici á rá gur gá foinsí nua ioncaim a aimsiú do bhuiséad AE agus gur cheart go mbeadh na foinsí sin in ann, ar a laghad, na costais a bhaineann leis an bplean téarnaimh a chlúdach.


Teastaíonn ón bParlaimint go mbeidh ann d’fhéilire a bhfuil ceangal dlí leis chun na hacmhainní dílse nua seo a thabhairt isteach. Tá an Pharlaimint ag áitiú go gcaithfidh maoiniú an téarnaimh a bheith inbhuanaithe agus gur féidir é sin a dhéanamh, mar shampla, trí chánacha ar thruaillitheoirí trasnáisiúnta agus ar chorparáidí ilnáisiúnta a thabhairt isteach agus nach bhféadfaidh an téarnamh a bheith ina ualach ar an gcéad ghlúin eile.


Ráitis na bhfeisirí


José Manuel Fernandes (Páirtí an Phobail Eorpaigh, an Phortaingéil), comhrapóirtéir: “Inniu, cuireadh cor nua sa stair i bParlaimint na hEorpa. Le 32 bhliain, níor tugadh isteach aon acmhainní dílse nua san Aontas. Ní dheachaigh an Coimisiún Eorpach riamh go dtí na margaí chun an oiread seo airgid a fháil ar iasacht. Réitíonn an tuarascáil seo an bealach don Chomhairle chun an cinneadh maidir le hacmhainní dílse a fhormheas agus chun go bhféadfar tús a chur leis an bpróiseas daingniúcháin sna parlaimintí náisiúnta. Ní tráth moille é má táimid leis an gciste téarnaimh a bheith againn díreach i ndiaidh an 1 Eanáir 2021. Cad air a bhfuil an Chomhairle ag feitheamh?”


Valérie Hayer (Renew Europe, an Fhrainc), comhrapóirtéir: “Is féidir anois airgead a fháil ar iasacht don téarnamh a bhuí leis an solas glas a tháinig ó na feisirí inniu. Déanfaimid deimhin de anois go dtiocfaidh aisíoc an fhiachais ó na hollchuideachtaí, ó sheachantóirí cánach, ó na truaillitheoirí móra ar an gcoigríoch agus ó dhaoine eile a thairbhíonn dár margadh aonair ach nach mbíonn ag rannchuidiú go cothrom lenár rathúnas agus le cosaint an phláinéid.”


Tá tuilleadh eolais ar fáil sa dréacht-rún reachtach.


Cúlra


Is céim thábhachtach é vóta na Parlaiminte ar an tuairim reachtach a ligfidh don Chomhairle an cinneadh maidir le hacmhainní dílse a ghlacadh agus a cheadóidh é a chur faoi bhráid pharlaimintí na 27 mballstát lena dhaingniú. Is é an cinneadh an bunús dlí a dhéanann foráil maidir leis na foinsí ioncaim le haghaidh bhuiséad AE.


Thairis sin, beidh an cinneadh nua maidir le hacmhainní dílse ina bhunús dlí a údaróidh cistí a fháil ar iasacht ó na margaí airgeadais ionas go bhféadfar an ionstraim théarnaimh ar a dtugtar ‘Next Generation EU a mhaoiniú. Le cinneadh den sórt seo, glacann an Chomhairle é tar éis di dul i gcomhchomhairle le Parlaimint na hEorpa. Tá sé beartaithe go dtiocfaidh an cinneadh nua i bhfeidhm in Eanáir 2021 ag an am céanna leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil, ach sula dtiocfaidh sé i bhfeidhm beidh ar pharlaimintí na mballstát uile é a dhaingniú.