Clár infheistíochta nua, InvestEU, glactha ag an bParlaimint 

Preasráiteas 
 
 

Roinn an leathanach seo: 

  • É mar aidhm leis an gclár thart ar €400 billiún in infheistíochtaí breise a ghiniúint 
  • Cúnamh le fáil ag cuideachtaí chun teacht trí phaindéim COVID-19 
  • Seolfar infheistíochtaí leis an gclár a bheadh deacair a mhaoiniú dá uireasa 
Ba cheart do InvestEU infheistíochtaí straitéiseacha, inbhuanaithe agus nuálacha a chothú ©AdobeStock/Gorodenkoff  

Dé Máirt, ghlac Feisirí an clár nua InvestEU a spreagfaidh infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha agus a chinnteoidh rochtain shimplithe ar mhaoiniú.

Thacaigh an Pharlaimint leis an gcomhaontú sealadach ar thángthas air leis an gComhairle le 496 vóta i bhfabhar, 57 vóta i gcoinne agus 144 ag staonadh.


Tá €26 billiún (i bpraghsanna reatha) curtha i leataobh i mbuiséad an Aontais mar ráthaíocht do InvestEU, a mheastar a spreagfaidh €400 billiún a bheidh le hinfheistiú ar fud an Aontais Eorpaigh idir 2021 agus 2027. Is cuid den phacáiste téarnaimh €750 billiún, ‘Next Generation EU’, é an clár nua. Cothóidh sé infheistíochtaí straitéiseacha, inbhuanaithe agus nuálaíocha agus rachaidh sé i ngleic le cásanna de chliseadh sa mhargadh, staideanna infheistíochta fo-optamacha agus an bhearna infheistíochta in earnálacha spriocdhírithe.


Infheistíochtaí inbhuanaithe, straitéiseacha


Tacaíonn InvestEU le hinfheistíochtaí straitéiseacha i monarú cógas, feistí leighis agus soláthairtí - atá ríthábhachtach i gcás paindéime. Ina theannta sin, tacaíonn sé le táirgeadh comhpháirteanna agus feistí Faisnéise agus Cumarsáide Teicneolaíochta san Aontas.

Déanfaidh sé maoiniú freisin ar thionscadail inbhuanaithe a mbeidh sé ar a gcumas a ndea-thionchar comhshaoil, aeráide agus sóisialta a chruthú. Beidh na tionscadail sin faoi réir an phrionsabail ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’. Ciallaíonn sé sin nach féidir leo tionchar diúltach a imirt ar chuspóirí comhshaoil agus sóisialta an Aontais.


Sa bhreis air sin, rinne na Feisirí cinnte de go rannchuideoidh InvestEU leis an sprioc go gcaithfear 30 % ar a laghad de chistí an Aontais ar chuspóirí aeráide faoi 2027 agus go dtacóidh sé le FBManna a raibh drochthionchar ag an bpaindéim orthu agus atá i mbaol dócmhainneachta.


Infheistíochtaí breise de thart ar €400 billiún


Déanfar an infheistíocht bhreise, a mheastar a bheidh ionann le €400 billiún agus an ráthaíocht AE, a dháileadh ar na cuspóirí beartais seo a leanas ar fud an Aontais:


  1. bonneagar inbhuanaithe: thart ar 38%
  2. taighde, nuálaíocht agus digiteáil: 25 %
  3. FBManna: thart ar 26%
  4. infheistíocht shóisialta agus scileanna sóisialta: thart ar 11%

Chomh maith leis sin, tabharfar €375 milliún breise don Chiste Eorpach Infheistíochta, a bheidh páirteach i gcur chun feidhme chlár InvestEU.


Athluanna

Le linn na díospóireachta Dé Máirt, dúirt José Manuel Fernandes (EPP, PT), an Feisire ceannais ón gCoiste um Buiséid: “Teastaíonn ón AE go mbeadh infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha ón AE níos iomaíche, níos táirgiúla agus go ndéanfaí leo chomhtháthú críche a threisiú. Cuireann InvestEU cistí breise ar fáil chun go mbeifí in ann tionscadail a chur i gcrích, nach dtarlódh gan na cistí sin. Ba cheart go mbeadh ár n-earnálacha straitéiseacha, amhail cógaisíocht, neamhspleách. Ní mór dúinn cuidiú leis na réigiúin is mó a d’fhulaing, agus tá infheistíocht agus poist ar ardchaighdeán tuillte ag saoránaigh an AE.”.

Dúirt Irene Tinagli (S&D, IT), atá i mbun caibidlíochta thar ceann an Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta: “Rinneamar níos mó cistí a atreorú chun spriocanna comhshaoil ​​a bhaint amach, chun tacú le FBManna, a d’fhulaing mar gheall ar an bpaindéim, agus d’éirigh linn InvestEU a chur i gcroílár NextGenerationEU. Ós rud é go gcuideoidh InvestEU linn téarnamh ón bpaindéim, chruthaíomar sineirgí leis an tSaoráid Aisghabhála agus Athléimneachta, ag ligean do bhallstáit cuid dá bpleananna téarnaimh agus réitigh a chur i bhfeidhm tríd an InvestEU.”.

Na chéad chéimeanna eile


Ó bheidh an rialachán formheasta go foirmiúil ag an gComhairle, tiocfaidh sé i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.