Bac eile ar phlean téarnaimh Covid-19 sáraithe ag feisirí 

Preasráiteas 
 
 

Roinn an leathanach seo: 

  • Luas á chur ag an bParlaimint le hathchóiriú ar ioncam AE, chun go bhféadfar ciste téarnaimh ‘Next Generation EU’, ar fiú €750 billiún é, a úsáid 
  • Cuirfidh foinsí nua maoinithe, amhail tobhach ar phlaisteach, maoiniú nua ar fáil do bhuiséad AE agus cuideoidh siad le haisíoc na bhfiach a bheidh ann mar gheall ar an gciste téarnaimh 
  • Ní mór do thíortha AE ‘an Cinneadh maidir le hAcmhainní Dílse’ a dhaingniú a luaithe is féidir 
Faoin 18 Márta 2021, bhí an Cinneadh maidir le hAcmhainní Dílse daingnithe ag 13 bhallstát as 27© European Union 2021 -EP  

Ghlac na feisirí trí cinn de dhlíthe maidir le córas acmhainní dílse AE a chur i bhfeidhm, ag réiteach an bhealaigh d’athchóiriú agus do thabhairt isteach foinsí nua ioncaim AE.

An 25 Márta 2021, ghlac feisirí rialachán cur chun feidhme amháin agus dhá rialachán oibriúcháin maidir leis na modhanna ba cheart a úsáid chun na hacmhainní dílse, a chruthóidh ioncaim do bhuiséad AE, a bhailiú nó a chur ar fáil. Oibríonn na trí dhlí i gcomhar leis an gCinneadh maidir le hAcmhainní Dílse, a d’fhormheas an Pharlaimint i mí Mheán Fómhair agus a d’fhormheas an Chomhairle i Nollaig 2020. Tá ar na ballstáit an cinneadh a dhaingniú ina dtír féin le go dtiocfaidh sé i bhfeidhm, agus bhí sé sin déanta ag 13 bhallstát as 27 faoin 18 Márta (tuilleadh faisnéise maidir leis an bpróiseas daingnithe anseo.)


San áireamh sna rialacháin a formheasadh tá forálacha maidir le hioncam an Aontais a ríomh agus a shimpliú, sreabhadh airgid a bhainistiú, agus cearta faireacháin agus cigireachta. Tá siad sin riachtanach lena chinntiú go leanfaidh taobh athchóirithe an ioncaim de bhuiséad an Aontais de bheith ag feidhmiú go rianúil.


Nuair an bheidh an Cinneadh maidir le hAcmhainní Dílse daingnithe ag na ballstáit, beidh feidhm chúlgabhálach ag an bpacáiste a glacadh an 25 Márta le héifeacht ón 1 Eanáir 2021. Tabharfar isteach an tobhach nua ar phlaisteach mar an chéad cheann de shruthanna éagsúla nua ioncaim a chuirfear ar bun idir seo agus 2026. Cuirfidh an Cinneadh maidir le hAcmhainní Dílse ar chumas an Aontais €750 billiún a thógáil ar iasacht do phlean téarnaimh “Next Generation EU”.


Athluanna ó na comhrapóirtéirí


José Manuel Fernandes (Páirtí an Phobail Eorpaigh, an Phortaingéil): “Arís eile, is í Parlaimint na hEorpa atá ag cur bunéirim i láthair. Trí fhormheas a dhéanamh ar an bpacáiste seo, táimid ag cinntiú go rannchuideoidh córas acmhainní dílse an Aontais le bunú an phlean téarnaimh ‘Next Generation EU’ a luaithe a bheidh an Cinneadh féin daingnithe ag na ballstáit. Leis an vóta inniu meabhraítear dúinn gur gá dúinn gníomhú go tapa agus go cinntitheach chun an téarnamh a chur ar bun.”


Valérie Hayer (Renew Europe, an Fhrainc): “Arís tá an Pharlaimint ag gníomhú go mear chun an plean téarnaimh a chur ar bun. Táimid ag impí ar na ballstáit anois an plean téarnaimh a dhaingniú a luaithe is féidir. Ní féidir glacadh le haon mhoill. Ina theannta sin, faoin gcomhaontú aisíocaíochta ó mhí na Nollag, cuirtear ceangal ar an gCoimisiún tobhach digiteach AE a mholadh i Meitheamh na bliana seo, is cuma céard a tharlóidh ar leibhéal na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta [OECD].”


Toradh na vótála


Rialachán maidir le hacmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach

540 vóta i bhfabhar, 109 vóta i gcoinne agus 38 staonadh.


Bearta cur chun feidhme don chóras acmhainní dílse

560 vóta i bhfabhar, 48 vóta i gcoinne agus 82 staonadh.


Acmhainní dílse a fhabhraíonn ó cháin bhreisluacha a bhailiú

552 vóta i bhfabhar, 69 vóta i gcoinne agus 67 staonadh.


Cúlra


Le linn na caibidlíochta maidir le buiséad fadtéarmach an Aontais don tréimhse 2021-2027 (“Creat Airgeadais Ilbhliantúil”), d’éirigh leis na feisirí treochlár ceangailteach a fháil d’fhoinsí ioncaim nua AE. Seo a leanas na trí chéim atá sa treochlár d’acmhainní dílse:


  • An chéad chéim (2021): ranníocaíocht ar phlaisteach a thabhairt isteach in Eanáir 2021; tograí reachtacha nua maidir le sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, tobhach digiteach agus Scéim an Aontais i ndáil le Trádáil Astaíochtaí a thíolacadh faoi mhí Meithimh;
  • An dara céim (2022 agus 2023): pléifidh an Chomhairle na foinsí ioncaim nua seo faoin 1 Iúil 2022 ar a dhéanaí chun go bhféadfar iad a thabhairt isteach faoin 1 Eanáir 2023;
  • An tríú céim (2024-2026): faoi Mheitheamh 2024, cuirfidh an Coimisiún togra chun cinn maidir le hacmhainní dílse nua breise a bhféadfadh Cáin ar Idirbhearta Airgeadais agus ranníocaíocht airgeadais ón earnáil chorparáideach nó comhbhonn cánach corparáide nua a bheith mar chuid díobh. Pléifidh an Chomhairle na foinsí ioncaim AE nua seo faoin 1 Iúil 2025 ar a dhéanaí chun go bhféadfar iad a thabhairt isteach faoin 1 Eanáir 2026.