An clár taighde Fís Eorpach glactha ag na feisirí 

Preasráiteas 
 
 

Roinn an leathanach seo: 

  • Buiséad foriomlán de €95.5 billiún, lena n-áirítear €5.4 billiún ón bplean téarnaimh ‘Next Generation EU’ 
  • Béim láidir ar shláinte, digitiú, agus tacaíocht do ghnólachtaí nuálacha 
  • An clár i bhfeidhm go sealadach ón 1 Eanáir 2021 
Cuirfidh an clár Fís Eorpach 2021-2027 tacaíocht ar fáil do ghnólachtaí nuálacha ©AdobeStock/Boggy  

Cuideoidh an clár taighde agus nuálaíochta 2021-2027 le córais sláinte AE ullmhú do phaindéimí eile amach anseo, chomh maith le dícharbónú, digitiú agus nuáil a dhéanamh ar an tionscal.

Cinntíonn an clár taighde maoiniú gearrthéarmach agus fadtéarmach do thaighde agus nuálaíocht a bhaineann le dúshláin dhomhanda, lena n-áirítear an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide, digitiú agus paindéim Covid-19.


Tá an leithdháileadh buiséid AE is airde riamh don digitiú agus do thaighde a bhaineann le cúrsaí digiteacha ar fáil tríd an gclár Fís Eorpach. Chomh maith leis sin cuirfidh sé tacaíocht ar fáil do ghnólachtaí beaga agus meánmhéide atá nuálach agus do bhonneagar taighde Eorpach. A bhuí leis an bParlaimint, cuirfear €1 bhilliún breise ar fáil freisin do thaighde bunúsach, a chuirfear ar fáil tríd an gComhairle Eorpach um Thaighde.


Chuir an Coimisiún Eorpach an clár i bhfeidhm go sealadach ón 1 Eanáir 2021. Rinne na feisirí formheas críochnaitheach ar an gcomhaontú leis an gComhairle maidir le rialachán Fís Eorpach - agus dearbhú polaitiúil san áireamh - an 27 Aibreán 2021, le 677 vóta i bhfabhar, 5 i gcoinne agus 17 ag staonadh. Rinne siad formheas chomh maith ar an gcomhaontú leis an gComhairle maidir le clár sonrach Fís Eorpach, le 661 vóta i bhfabhar, 5 i gcoinne agus 33 ag staonadh.


Ráitis na bhfeisirí


“Cuirfidh an clár Fís Eorpach ar chumas an Aontais Eorpaigh a bheith faoi réir don todhchaí trí thacú le córais sláinte, le dícharbónú earnáil na tionsclaíochta, agus le nuálaíocht gnólachtaí. Tacóidh an clár chomh maith le taighdeoirí na hEorpa. Le hinfheistíocht uaillmhianach i dtaighde agus i nuálaíocht, beimid in ann na dúshláin a bheidh ann amach anseo a shárú,” a dúirt Dan Nica (Sóisialaithe agus Daonlathaithe, an Rómáin), an feisire Eorpach a bhí i gceannas ar stiúradh an rialacháin maidir le Fís Eorpach tríd an bParlaimint.


“D’éirigh linn buiséad uaillmhianach, cothrom a bhaint amach a thacaíonn go láidir le taighde bunúsach chomh maith le taighde téamach. Den chéad uair, tá buiséad sonrach ann freisin do thionscail chultúrtha agus chruthaitheacha na hEorpa. Beidh ról thar a bheith tábhachtach ag an gclár Fís Eorpach i dtéarnamh na hEorpa, a dúirt Christian Ehler (Páirtí an Phobail Eorpaigh, an Ghearmáin), an feisire atá freagrach as an gclár sonrach maidir le Fís Eorpach. “Leis an gclár seo, tá gealltanas dlíthiúil tugtha ag an Aontas freisin go gcosnóidh sé an tsaoirse acadúil ar fud na mór-roinne”, a dúirt sé.


Cúlra

Beidh buiséad foriomlán de €95.5 billiún ag Fís Eorpach, lena n-áirítear €5.4 billiún ón bplean téarnaimh ‘Next Generation EU’, agus infheistíocht bhreise de €4 bhilliún ó chreat airgeadais ilbhliantúil (MFF) an Aontais.


Tá trí cholún i gceist le Fís Eorpach:


  • Cuirfidh an colún ‘Eolaíocht Barr Feabhais’ tacaíocht ar fáil do thaighde ar thús cadhnaíochta arna shainiú agus arna bhrú chun cinn ag na taighdeoirí féin tríd an gComhairle Eorpach um Thaighde (ERC). Déanfaidh sé cistiú ar chomhaltachtaí agus malartuithe do thaighdeoirí trí Ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie, agus déanfaidh sé infheistíocht i mbonneagar taighde.

  • Tabharfaidh an colún ‘Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach’ tacaíocht dhíreach do thaighde a bhaineann le dúshláin shochaíocha, acmhainneachtaí teicneolaíocha agus tionsclaíocha, agus dearbhóidh sé fócas aon mhisin taighde uile-Aontais. Áirítear sa cholún seo freisin na gníomhaíochtaí a dhéanann an tAirmheán Comhpháirteach Taighde, a thacaíonn le déantóirí beartais AE agus náisiúnta trí fhianaise eolaíoch neamhspleách agus tacaíocht theicniúil a chur ar fáil.

  • Tá sé mar aidhm leis an gcolún ‘An Eoraip Nuálaíoch’ an Eoraip a chur chun cinn sna nuálaíochtaí sin lena gcruthaítear margaí. Trí neartú breise a dhéanamh ar an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht, tá sé mar aidhm leis freisin comhtháthú gnó, taighde, ardoideachais agus fiontraíochta a chothú.