Uasghrádú déanta ag Parlaimint na hEorpa ar chearta paisinéirí iarnróid 

Preasráiteas 
 
 

Roinn an leathanach seo: 

  • Breis roghanna athródaithe i gcás moille nó cur ar ceal aistir 
  • Cúnamh níos fearr do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe 
  • Tuilleadh spáis do rothair 
A bhuí leis na rialacha nua, beidh sé níos fusa do rothar a thabhairt leat ar an traein©AdobeStock/Lorenzophotoprojects  

Faoi na rialacha nua a ghlac na feisirí an 29 Aibreán 2021, tabharfar cosaint níos fearr do phaisinéirí iarnróid i gcás moille agus cur ar ceal aistir nó i gcás idirdhealaithe.

An 29 Aibreán 2021, d’fhormheas an Pharlaimint an comhaontú leis na ballstáit i ndáil leis na rialacha nua maidir le cearta paisinéirí iarnróid. Leis na rialacha nua, ráthófar gur bhféadfar paisinéirí a athródú agus go gcuirfear cúnamh ar fáil dóibh i gcás moille agus cur ar ceal aistir. Feabhsófar an rochtain agus cúnamh do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, agus beidh níos mó spásanna tiomnaithe ar fáil do rothair.


Cabhrú le taistealaithe sáinnithe


I gcás moille d’os cionn 60 nóiméad, beidh rogha ag paisinéirí aisíocaíocht iomlán a fháil ar chostas an ticéid, leanúint lena dturas nó athródú a fháil faoi choinníollacha cosúla, ach gan aon chostas breise. Caithfidh siad cead a fháil taisteal sa ghrád céanna leis an ticéad a bhí acu ar dtús. Féadfaidh taistealaithe traenach turas ar ród éagsúil a eagrú iad féin agus aisíocaíocht a fháil ar thicéad nua, má tharlaíonn sé nach gcuireann an t-oibreoir iarnróid ar an eolas faoi roghanna athródaithe iad laistigh de 100 nóiméad ón am imeachta sceidealaithe.


Beidh feidhm leis na hoibleagáidí athródaithe fiú i gcás force majeure agus más gá, beidh béilí agus soláistí le cur ar fáil, agus aisíocaíocht le déanamh ar chostais lóistín.


Ina theannta sin, tabharfaidh na rialacha nua níos mó trédhearcachta maidir le céard is féidir a mheas mar force majeure, faoina ndíolmhófaí cuideachtaí iarnróid as íoc as cúiteamh i gcás moille nó cur ar ceal aistir. Chomh maith le coinníollacha adhaimsire agus olltubaistí nádúrtha, áirítear mór-ghéarchéimeanna sláinte poiblí agus ionsaithe sceimhlitheoireachta sna rialacha nua anois freisin. Ní chumhdófar stailceanna foirne iarnróid leis an díolúine seo.


Cabhrú le daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe


Beidh níos mó solúbthachta ag taistealaithe a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus iad ag déanamh socruithe taistil, mar nach mbeidh ach 24 uair an chloig fógra le tabhairt acu don oibreoir faoina bpleananna taistil (faoi na rialacha reatha, tá 48 uair an chloig fógra le tabhairt don oibreoir). I gcás go mbeidh gá le duine tionlacain, beidh an turas saor in aisce don duine sin. Maidir le taistealaithe a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a úsáideann madra cuidithe, tabharfar ráthaíocht dóibh go mbeidh cead ag an madra taisteal leo.


Athchóiriú traenacha do bhreis rothar


In iarracht soghluaisteacht níos inbhuanaithe agus roghanna malartacha compordacha a chur ar fáil, caithfidh na traenacha uile a bheith feistithe le spásanna agus racaí tiomnaithe do rothair, le ceithre spás rothair ar a laghad ar gach traen.


Athlua

“Tá dea-scéala againn dóibh siúd a bhíonn ag taisteal ar an traein: d’éirigh linn na híoschaighdeáin chéanna a áirithiú ar fud an Aontais a mhéid a bhaineann le hathródú, spás do rothair, tréthicéid agus cearta paisinéirí a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Dul chun cinn tábhachtach atá ann d’fhonn taisteal ar traein a dhéanamh níos éasca agus níos fearr do phaisinéirí,” a dúirt an feisire Bogusław Liberadzki (Sóisialaithe agus Daonlathaithe, an Pholainn) a bhí i gceannas ar stiúradh na reachtaíochta tríd an bParlaimint.

Na chéad chéimeanna eile

Beidh feidhm i bprionsabal ag na rialacha athbhreithnithe maidir le haistir agus seirbhísí iarnróid idirnáisiúnta agus intíre uile san Aontas Eorpach, agus beidh deis ag na ballstáit seirbhísí iarnróid intíre a dhíolmhú ar feadh tréimhse theoranta.


Tiocfaidh na rialacha i bhfeidhm 20 lá tar éis a bhfoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm acu dhá bhliain ina dhiaidh sin, cé is moite de na ceanglais maidir le spásanna rothair, a bheidh infheidhme ceithre bliana tar éis theacht i bhfeidhm an rialacháin.