Duais Daphne Caruana Galizia san Iriseoireacht: fáilte roimh iarratais 

Preasráiteas 
 
 

Roinn an leathanach seo: 

  • Duais bhliantúil chun luaíocht a thabhairt as iriseoireacht den scoth a dhéanann croíluachanna an Aontais a chur chun cinn agus a chosaint 
  • An buaiteoir roghnaithe ag painéal neamhspleách moltóirí ó na meáin chumarsáide agus ón tsochaí shibhialta 
  • €20,000 sa duaischiste 
  • Searmanas an bhronnta i lár mhí Dheireadh Fómhair, cothrom an ama ar feallmharaíodh Daphne Caruana Galizia 
Tabharfaidh Duais Daphne Caruana Galizia luaíocht as iriseoireacht den scoth a chuireann croíluachanna an Aontais chun cinn © AFP/STRINGER  

An 22 Meitheamh, sheol Parlaimint na hEorpa go hoifigiúil an suíomh gréasáin do Dhuais Daphne Caruana Galizia san Iriseoireacht, agus chuir sí fáilte roimh iarratais.

Duais bhliantúil é seo a thabharfaidh luaíocht as iriseoireacht den scoth a dhéanann croíphrionsabail agus croíluachanna an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn nó a chosaint. I measc na bprionsabal agus luachanna sin, tá dínit an duine, saoirse, daonlathas, comhionannas, an smacht reachta agus cearta an duine.

Is féidir le hiriseoirí gairmiúla agus foirne d’iriseoirí gairmiúla as tír ar bith cur isteach ar an Duais. Is píosaí cuimsitheacha a foilsíodh nó a craoladh sna meáin chumarsáide atá lonnaithe i gceann de 27 mballstát an Aontais a bheidh orthu a chur isteach.

Is painéal neamhspleách moltóirí ó na meáin chumarsáide agus ón tsochaí shibhialta as 27 mballstát an Aontais, ina mbeidh ionadaithe freisin ó na príomh-chumainn iriseoireachta san Eoraip, a roghnóidh an buaiteoir. Bronnfar an duais gach bliain ag searmanas ar leith a bheidh ar siúl thart faoin 16ú lá de Dheireadh Fómhair; is ar an dáta sin a feallmharaíodh Daphne Caruana Galizia. In 2021, is ar an Déardaoin an 14 Deireadh Fómhar a thionólfar searmanas an bhronnta i bParlaimint na hEorpa.

Maidir leis an ngradam féin agus leis an duaischiste de €20,000, léiríonn siad an tacaíocht láidir atá á tabhairt ag Parlaimint na hEorpa don iriseoireacht a dhéanann dian-iniúchadh ar scéalta agus léiríonn siad freisin cé chomh tábhachtach atá saoirse na meán. I rún a glacadh i mBealtaine 2018, d’iarr na feisirí ar na tíortha san Aontas Eorpach a chinntiú go mbeadh dóthain cistí poiblí ar fáil chun tacú le meáin chumarsáide atá iolraíoch agus neamhspleách, agus a fheidhmíonn faoi shaoirse, agus go ndéanfaidís meáin chumarsáide den sórt sin a chur chun cinn.

Is ar an idirlíon amháin is féidir iarratas a dhéanamh, agus iarrtar ar iriseoirí a bpíosa iriseoireachta don duais a chur isteach ag an suíomh gréasáin nua seo.

Cérbh í Daphne Caruana Galizia?

Iriseoir as Málta ab ea Daphne Caruana Galizia, agus bhíodh blag á choimeád aici. Bhain sí cáil amach mar ghníomhaí in aghaidh na caimiléireachta. Bhíodh sí ag tuairisciú go minic ar chaimiléireacht, sciúradh airgid, coireacht eagraithe, díol saoránachta agus an bhaint a bhí ag rialtas Mhálta le Páipéir Phanama. Mar gheall air sin, rinneadh ciapadh uirthi agus bagraíodh an bás uirthi. Is ar an 16 Deireadh Fómhair 2017 a tharla an feall, nuair a dúnmharaíodh í le buama a bhí curtha i ngluaisteán. Bhí raic agus clampar ann faoin gcaoi ar dhéileáil na húdaráis i Málta leis an bhfiosrúchán faoina dúnmharú; agus ar deireadh thiar b’éigean don Phríomh-Aire Joseph Muscat éirí as oifig. Rinne na feisirí Eorpacha cáineadh freisin ar na heasnaimh a bhí san imscrúdú, agus – i Nollaig 2019 – d’iarr siad ar an gCoimisiún Eorpach dul i mbun gnímh ar an gceist.

Teagmhálacha: