An chéad lánchruinniú den Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa 

Preasráiteas 
 
 

Roinn an leathanach seo: 

Tionóladh lánchruinniú tionscnaimh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa an 19 Meitheamh 2021 © EP  

Dé Sathairn an 19 Meitheamh, bhí an chéad chruinniú iomlánach ag an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa in Strasbourg.

Bhí an cruinniú iomlánach ina céim thábhachtach den Chomhdháil – deis oscailte agus chuimsitheach chun an daonlathas a chleachtadh ar leibhéal nach bhfacthas riamh roimhe seo.


Cuireadh tús leis an gcruinniú iomlánach le ráitis ó Chomhchathaoirligh an Bhoird Feidhmiúcháin. Ansin, bhí plé ann i measc na n-ionadaithe – saoránaigh san áireamh – agus rinneadh cíoradh ar chuspóir na Comhdhála, lena n-áirítear na Painéil Saoránach Eorpach, na Painéil Náisiúnta, imeachtaí éagsúla agus an tArdán Digiteach Ilteangach. Chuir na comhchathaoirligh freisin fáilte roimh an gcéad Imeacht do Shaoránaigh na hEorpa a bhí ann an 17 Meitheamh i Liospóin sa Phortaingéil.



Nuair a bhí an plé sin críochnaithe, díríodh isteach ar nithe a bhaineann leis an nós imeachta. Ina measc sin bhí an féilire do na Cruinnithe Iomlánacha féin, agus do na Painéil Saoránach Eorpach agus do na hImeachtaí do Shaoránaigh na hEorpa.


Is féidir leat féachaint ar fhíseáin den lánchruinniú nó fiú an seisiún iomlán anseo.

Na chéad chéimeanna eile

Tiocfaidh na Painéil Saoránach Eorpach le chéile i Meán Fómhair agus i nDeireadh Fómhair chun ullmhú dá n-ionchur féin ag díospóireachtaí i gcruinnithe iomlánacha ina dhiaidh sin. I measc na nithe a dhéanfaidh na Painéil sin, beidh moltaí faoin gcaoi a ndéanfaidh an tAontas beart iardain bunaithe ar na tuairimí a bailíodh ó na saoránaigh tríd an Ardán Digiteach Ilteangach. Tá sé geallta ag an gComhdháil go dtabharfar an méid spáis agus is féidir do dhaoine óga, agus chuige sin táthar ag obair faoi láthair ar na hullmhúcháin don Chruinniú Eorpach um an Óige atá á eagrú ag Parlaimint na hEorpa don 8-9 Deireadh Fómhair. Is ar an 22-23 Deireadh Fómhair a bheidh an chéad Chruinniú Iomlánach eile ann.

An Cúlra

Maidir leis an gcomhdhéanamh le haghaidh Chruinnithe Iomlánacha na Comhdhála, is é atá leagtha síos ná 108 n-ionadaí ó Pharlaimint na hEorpa, 54 ón gComhairle (beirt ó gach ballstát), 3 ón gCoimisiún Eorpach, chomh maith le 108 ó na parlaimintí náisiúnta (an líon céanna as gach ballstát) agus saoránaigh. I gcás chohórt seo na saoránach, is 108 Eorpach a bheidh ann chun na smaointe a thiocfaidh ó na Painéil Saoránach agus ón Ardán Digiteach Ilteangach a phlé. Seo mar atá an líon saoránach sin curtha le chéile: 80 ionadaí ó na Painéil Saoránach Eorpach – a mbeidh an trian ar a laghad acu níos óige ná 25 bliana d’aois; 27 n-ionadaí ó na Painéil Saoránach Náisiúnta nó ó imeachtaí na Comhdhála (duine in aghaidh gach ballstáit); agus Uachtarán Fhóram Eorpach na nÓg. Is gearr go mbeidh an próiseas roghnúcháin le haghaidh ionadaithe na saoránach tugtha chun críche.


Dream eile a ghlacfaidh páirt sa Chomhdháil is ea 18 n-ionadaí ó Choiste na Réigiún agus ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, mar aon le hochtar ó na comhpháirtithe sóisialta agus ón tsochaí shibhialta. Tabharfar cuireadh chomh maith d’Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála nuair a bheidh aon phlé ar siúl ar an ról idirnáisiúnta atá ag an Aontas. Féadfar cuireadh a thabhairt freisin d’ionadaithe ar gheallsealbhóirí lárnacha. Beidh cóimheá inscne i gceist ag na Cruinnithe Iomlánacha.


Tá deis ag saoránaigh ar fud na hEorpa páirt a ghlacadh cheana féin sa Chomhdháil tríd an Ardán Digiteach Ilteangach atá ar fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais.