Aontas Sláinte na hEorpa: feabhas ar chosc galar agus ar chomhar trasteorann 

Preasráiteas 
 
 

Roinn an leathanach seo: 

  • Creat nua sláinte san Aontas a bheidh slán i bhfad na haimsire 
  • Comhar níos fearr idir comhlachtaí an Aontais agus comhlachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta, chomh maith le comhar níos fearr i réigiúin cois teorann 
  • Níos mó trédhearcachta ag teastáil i gcomhaontaithe AE maidir le soláthar agus ceannach 
Tacaíonn Feisirí le leathnú shainordú an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) © Jonathan NACKSTRAND / AFP  

Tá na Feisirí réidh le dul i mbun caibidlíochta leis na Ballstáit chun creat an Aontais i gcosc agus rialú galar a neartú agus tabhairt faoi bhagairtí sláinte trasteorann in éindí.

Is é a bhí molta ná go ndéanfaí sainordú an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) a leathnú amach, agus glacadh an moladh sin le 598 vóta i bhfabhar, 84 i gcoinne agus 13 ag staonadh. Deir na Feisirí gur cheart do Bhallstáit an Aontais pleananna náisiúnta ullmhachta agus freagartha a fhorbairt agus sonraí inchomparáide agus ar ard-chaighdeán a sholáthar go tráthúil. Teastaíonn uathu freisin sainordú ECDC a leathnú amach. Is taobh le galair theagmhálacha atá an sainordú sin faoi láthair, agus iarrtar anois go gcuimseofar na nithe seo a leanas leis feasta: mórghalair neamhtheagmhálacha, amhail galair chardashoithíocha agus riospráide, ailse, diaibéiteas nó mheabhairghalar.


Maidir leis an togra reachtach a bhaineann le cumas an Aontais a neartú ó thaobh cosc géarchéime de, agus ó thaobh ullmhacht agus freagairt do ghéarchéimeanna, nuair a bheidh sé riachtanach dul i ngleic le mórbhagairtí sláinte trasteorann amach anseo, glacadh é sin le 594 vóta i bhfabhar, 85 i gcoinne agus 16 ag staonadh. Tá sé léirithe ag géarchéim COVID-19 go bhfuil tuilleadh oibre le déanamh ar leibhéal an Aontais chun tacú leis an gcomhoibriú idir Ballstáit – go háirithe i gceantair cois teorann, a deir na Feisirí. Táthar ag éileamh freisin go mbeadh nósanna imeachta soiléire ann, agus níos mó trédhearcachta, nuair a bhíonn conarthaí soláthair á n-aontú ar bhonn comhpháirteach san Aontas agus freisin sna comhaontuithe ceannaigh a ghabhann le conarthaí den sórt sin.


Tá fístaifeadadh den díospóireacht sa suí iomlánach le fáil anseo (an chéad chuid and an dara chuid).


Athluanna


Dúirt an rapóirtéir Joanna Kopcińska (ECR, PL): “Tá moltaí déanta anseo againn a chuirfidh feabhas ar chomhar, malartú faisnéise, saineolas agus dea-chleachtais idir na Ballstáit agus an Coimisiún, an Coiste Slándála Sláinte agus an ECDC féin. Fágfaidh sé seo go mbeidh comhordú níos fearr ann ó thaobh ullmhachta agus freagartha de nuair a bheifear ag déileáil le dúshláin sláinte. D'aontaíomar freisin dlús a chur le próisis anailísithe agus samhaltaithe chun tacú leis na Ballstáit smacht a choinneáil ar ráigeanna de ghalair. Dhéanfaí é sin trí shonraí eipidéimeolaíochta a bhailiú agus a phróiseáil ar shlí a chinnteodh go bhfanfadh cosaint sláinte ina hinniúlacht náisiúnta lárnach.”


“Maidir leis an bhfís seo ar a dtugtar ‘Aon Sláinte Amháin’ i mbeartais uile na hEorpa, ní mór di a bheith mar threoir againn sa chóras iomlán chun géarchéimeanna a thuar agus a bhainistiú. Tá sé léirithe ag géarchéim COVID-19 an chaoi ar féidir le saincheist sláinte poiblí tionchar a imirt ar fheidhmiú cuí gach cuid den tsochaí Eorpach”, arsa an Rapóirtéir Véronique Trillet-Lenoir (Renew, FR). Dúirt sí freisin: “Tacaím go hiomlán leis an moladh gur gnáthrud a bheadh i nós imeachta comhpháirteach maidir le táirgí leighis a cheannach. Chomh fada agus a bhaineann sé leis an tionscal i dtrácht, is láidre é an tAontas Eorpach nuair a labhraíonn sé le guth amháin thar ceann na mBallstát go léir.”

Cúlra


Mar chuid d’fhorbairt Aontas Sláinte na hEorpa, rinne an Coimisiún – ar an 11 Samhain 2020 – creat nua slándála sláinte a mholadh, a bhí bunaithe ar gach ar tugadh faoi deara nuair a bhíothas ag déileáil leis an gcoróinvíreas. Sa phacáiste sin, tá togra le haghaidh Rialachán maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte agus togra ina moltar go láidreofar sainordú an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú.