Leagtar béim i suirbhé nua Eorabharaiméadair ar thionchar tromchúiseach phaindéim COVID-19 ar mhná 

Preasráiteas 
 
 

Roinn an leathanach seo: 

  • Ceapann 77% de mhná an Aontais go bhfuil méadú tagtha ar an bhforéigean fisiceach agus mothúchánach in aghaidh na mban ina dtír féin mar thoradh ar phaindéim COVID-19, ó 93% sa Ghréig go 47% san Ungáir. 
  • Deir ceathrar as deichniúr freagróirí (38%) go raibh tionchar diúltach ag an bpaindéim ar ioncam na mban, chomh maith lena gcothromaíocht oibre is saoil (44%) agus an méid ama a chaitheann siad ar obair ar íocaíócht (21%).  
  • Tá meabhairshláinte na mban buailte go mór ag srianta paindéime, amhail dianghlasáil agus bearta maidir le cuirfiú (41% ar leibhéal an Aontais) agus srianta ar líon na ndaoine a bhféadfaidís bualadh leo (38%).  

Is iad príomhéilimh na mban ar na Feisirí dul i ngleic le gáinneáil ar dhaoine agus dúshaothar gnéasach, foréigean in aghaidh na mban a chomhrac agus aghaidh a thabhairt ar an mbearna phá.

Do Lá Idirnáisiúnta na mBan an 8 Márta, reáchtáil Parlaimint na hEorpa suirbhé tiomnaithe i measc mhná na hEorpa ina ndearnadh measúnú ar thionchar na paindéime ar ghnéithe éagsúla de shaol na mban.

Léirítear i dtorthaí an tsuirbhé go raibh tionchar suntasach ag an bpaindéim ar mhná ar an leibhéal pearsanta agus ar an leibhéal gairmiúil araon, lena n-áirítear méadú mór ar leibhéil an fhoréigin in aghaidh na mban.

Foréigean

Ceapann triúr as gach ceathrar ban (77%) san Aontas go bhfuil méadú tagtha ar an bhforéigean fisiciúil agus mothúchánach in aghaidh na mban mar thoradh ar phaindéim COVID-19. I ngach tír seachas dhá thír (an Fhionlainn agus an Ungáir), tá an toradh sin os cionn 50%, agus shroich na torthaí 93% sa Ghréig agus 90% sa Phortaingéil.

Sainaithníonn mná go soiléir roinnt príomhbhearta chun déileáil le saincheist an fhoréigin in aghaidh na mban: é a dhéanamh níos éasca foréigean in aghaidh na mban a thuairisciú, lena n-áirítear do na póilíní (58%), na roghanna a mhéadú do mhná chun cabhair a lorg, mar shampla trí bheolínte teileafóin (40%), feasacht agus oiliúint na bpóilíní agus na mbreithiúna ar an ábhar a mhéadú (40%), neamhspleáchas airgeadais na mban a mhéadú (38%).

Iarmhairtí eacnamaíocha agus airgeadais

Dúirt 38% de na freagróirí go raibh tionchar diúltach ag an bpaindéim ar a n-ioncam pearsanta. Bhí na torthaí idir 60% sa Ghréig agus 19% sa Danmhairg. Bhí tionchar diúltach ag paindéim COVID-19 ar chothromaíocht oibre is saoil freisin dar le 44% de na mná a cuireadh faoi agallamh. Is amhlaidh a bhí i gcás níos mó ná leath na mban sa Chipir (68%), sa Ghréig (59%), i Málta (58%), i Lucsamburg (56%), san Iodáil (52%), sa Phortaingéil (52%) agus san Ungáir (51%).

Ar deireadh, tá 21% de mhná ag smaoineamh ar an méid ama a chaitheann siad ag obair ar íocaíocht a laghdú go buan nó tá an cinneadh sin glactha acu cheana féin.


Meabhairshláinte

Ó thús na paindéime, tá níos mó seans go mbeidh mná buartha faoi gan a gcairde agus a dteaghlaigh a fheiceáil (44%), go mbeidh siad imníoch agus faoi bhrú (37%) agus go mbeidh imní orthu go ginearálta faoina dtodhchaí (33%).

Tá dearcadh comhsheasmhach i measc na mban go raibh tionchar mór ag na bearta a achtaíodh chun stop a chur le leathadh na paindéime ar a meabhairshláinte féin.

Rinneadh difear níos mó do chatagóirí sochaíocha sonracha ná a chéile, ag brath ar an mbeart a bhí i gceist: deir thart ar leath díobh siúd a bhfuil leanaí faoi bhun 15 bliana d’aois acu go raibh tionchar mór ag dúnadh na scoile agus cúram leanaí ar a meabhairshláinte.

Cad leis ar féidir le mná a bheith ag súil ó Pharlaimint na hEorpa?

Creideann mná san Aontas Eorpach gur cheart do Pharlaimint na hEorpa (....) tosaíocht a thabhairt do na nithe seo a leanas: gáinneáil agus dúshaothar gnéasach ar mhná agus ar leanaí (47%), foréigean meabhrach agus fisiceach in aghaidh na mban (47%), an bhearna phá idir mná agus fir agus an tionchar a bhíonn ag an mbearna sin ar fhorbairt gairme (41%), na deacrachtaí níos mó a bhíonn ag mná cothromaíocht a bhaint amach idir a saol príobháideach agus a saol oibre (31%), cosaint na mban agus na gcailíní a bhaineann le grúpaí leochaileacha (30%).

Agus í ag cur fáilte roimh thorthaí an tsuirbhé, seo a bhí le rá ag Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola:

“Is iad na mná is mó atá buailte ag paindéim Covid-19. Tá siad buailte ó thaobh meabhrach agus ó thaobh chúrsaí airgeadais de. Caithfidh sé seo stopadh. Tá an Pharlaimint ag gníomhú chun é sin a athrú.”

Dúirt Cathaoirleach Choiste na Parlaiminte um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne Robert Biedroń:

“Deimhníonn torthaí an tsuirbhé Eorabharaiméadair an méid atá ar eolas againn cheana féin: chuir paindéim COVID-19 isteach go díréireach ar mhná agus ar chailíní ar iliomad bealaí. Ó fhoréigean méadaithe bunaithe ar inscne, go hualach méadaithe cúraim, ón tionchar eacnamaíoch ar earnálacha ina bhfuil líon díréireach ban ag obair iontu, go neamhchinnteacht maidir le conarthaí oibre. Ach is féidir le géarchéimeanna deiseanna a thabhairt chun cinnn freisin: deis chun atógáil níos fearr. Mar sin, leis an téarnamh, ba cheart go gcuirfí mná i gcroílár na réiteach, rud a chuirfimid chun cinn freisin trínár n-obair.”


Cúlra

Chun Lá Idirnáisiúnta na mBan an 8 Márta 2022 a chomóradh, reáchtáil Parlaimint na hEorpa suirbhé tiomnaithe i measc mhná na hEorpa amháin, chun tuairimí na mban a mheas ar bhealach níos fearr ó ghlúin go glúin, idir tíortha, agus tréithe sochdhéimeagrafacha éagsúla in aimsir COVID-19.

Rinne IPSOS an suirbhé flais-Eorabharaiméadar seo idir 25/1 agus 3/2/2022 i ngach ceann de 27 mBallstát an Aontais agus reáchtáladh 26741 agallamh san iomlán.

Déantar torthaí an Aontais a ualú de réir mhéid an daonra i ngach tír.


Is féidir na sonraí agus an tuarascáil iomlán a fháil: anseo.