Éilíonn Feisirí cosc ar ‘phasanna órga’ agus rialacha sonracha do ‘víosaí órga’  

Preasráiteas 
 
 

Roinn an leathanach seo: 

  • Tá ‘Pasanna Órga’ “inagóide ó thaobh eitice, dlí agus eacnamaíochta de agus baineann rioscaí tromchúiseacha slándála leo”  
  • Tá na Feisirí Eorpacha ag éileamh rialacha coiteanna AE maidir le ‘víosaí órga’ chun sciúradh airgid agus éilliú a chomhrac  
  • Tobhach ar ‘víosaí órga’ le bailiú ar leibhéal an Aontais  

Imní ar an bParlaimint go bhfuil saoránacht AE ar díol – molann sí rialacha coiteanna nua chun dul i ngleic leis na fadhbanna a bhaineann le ‘saoránacht/cónaí trí scéimeanna infheistíochta’.

Dé Céadaoin, ghlac na Feisirí tuarascáil ar thionscnamh reachtach inar iarradh ar an gCoimisiún togra a chur síos faoi dheireadh a shainordaithe. Pléadh an gealltanas a thug an Coimisiún, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ríocht Aontaithe, Ceanada agus na Stáit Aontaithe srian a chur le Rúisigh saibhre le naisc leis an rialtas ó rochtain a fháil ar ‘phasanna órga’ le linn na díospóireachta sa suí iomlánach Dé Luain. Formheasadh an téacs le 595 vóta in aghaidh 12, agus 74 staonadh.

Cosc ar ‘phasanna órga’...

Cuireann an Pharlaimint i bhfios go láidir go mbaineann ‘saoránacht trí scéimeanna infheistíochta’ (STI) faoina bhfaigheann náisiúnaigh tríú tíre cearta saoránachta mar mhalairt ar shuim airgid, an bonn de bhunbhrí shaoránacht AE. Déanann an Pharlaimint cur síos ar an gcleachtas — atá i bhfeidhm i Málta, sa Bhulgáir agus sa Chipir — mar ‘shaorthairbhiú ó tharla go ndíolann na Ballstáit an rud nach raibh i gceist riamh a bheith ina thráchtearra. Glacadh le hiarratais fiú nuair nár comhlíonadh na ceanglais, a deir na Feisirí, agus éilíonn siad go gcuirfí deireadh de réir a chéile leis na scéimeanna sin mar gheall ar na rioscaí a bhaineann leo.

...agus rialáil a dhéanamh ar ‘víosaí órga’

Ag tabhairt dá haire nach bhfuil na rioscaí a bhaineann le scéimeanna ‘cónaí trí infheistíocht’ (CTI) chomh tromchúiseach céanna, iarrann an Pharlaimint rialacha AE chun cabhrú le dul i ngleic le sciúradh airgid, éilliú agus imghabháil cánach, lena n-áirítear:

  • dianseiceálacha cúlra (ar bhaill teaghlaigh na n-iarratasóirí agus ar fhoinsí cistí freisin), seiceálacha éigeantacha i gcoinne bunachair sonraí an Aontais, agus nósanna imeachta grinnfhiosrúcháin i dtríú tíortha;
  • oibleagáidí tuairiscithe ar na Ballstáit, lena n-áirítear scéim “fógra agus comhairliúcháin” chun ligean do Bhallstáit eile agóid a dhéanamh; agus
  • ceanglais maidir le híosáit chónaithe fhisiciúil (d’iarratasóirí) agus rannpháirtíocht ghníomhach, cáilíocht, breisluach, agus rannchuidiú leis an ngeilleagar (le haghaidh a n-infheistíochtaí).

Gan pasanna, ná víosaí d’olagarchaí Rúiseacha

Fáiltíonn an Pharlaimint roimh ghealltanas na mBallstát ábhartha díol na saoránachta le Rúisigh a bhfuil naisc acu le rialtas na Rúise a theorannú, agus iarrann sí ar gach scéim STI agus CBI san AE iarratasóirí Rúiseacha a eisiamh láithreach. Spreagann Feisirí rialtais AE athmheasúnú a dhéanamh ar na hiarratais fhormheasta go léir le blianta beaga anuas agus a áirithiú “nach gcoinníonn aon duine Rúiseach a bhfuil naisc airgeadais, ghnó nó eile aige nó aici le réimeas Putin a s(h)aoránacht ná a c(h)earta cónaithe”. Sa bhreis air sin, iarrann na Feisirí ar an gCoimisiún cosc a chur ar náisiúnaigh Rúiseacha atá faoi réir smachtbhannaí AE ó gach scéim CTI.

Córas ilroinnte agus ról na n-idirghabhálaithe

Cáineann na Feisirí an easpa seiceálacha slándála cuimsitheacha agus nósanna imeachta grinnfhiosrúcháin sa dá chineál scéime, agus cuireann siad leis sin nár cheart go mbeadh sé indéanta iarratais i ndiaidh a chéile a dhéanamh i mBallstáit éagsúla. Níor cheart do na Ballstáit brath ar sheiceálacha arna ndéanamh ag gníomhaithe neamhstáit amháin. Tá an Pharlaimint ag iarraidh go ngearrfaí tobhach AE de chéatadán suntasach ar na hinfheistíochtaí a rinneadh — go dtí go gcuirfear deireadh de réir a chéile le ‘pasanna órga’, agus go ceann tréimhse éiginnte i gcás ‘víosaí órga’. Iarrann sí freisin ar an gCoimisiún brú a chur ar thríú tíortha, a bhaineann tairbhe as taisteal gan víosa chuig an Aontas, déanamh amhlaidh.

Ag tabhairt dá haire nach bhfuil idirghabhálaithe sna scéimeanna sin trédhearcach ná cuntasach, iarrann an Pharlaimint go gcuirfí cosc ar a rannpháirtíocht in scéimeanna ‘saoránachta trí infheistíocht’ agus go mbeadh “rialáil dhian agus cheangailteach” i gceist maidir lena ról sna scéimeanna ‘cónaí trí infheistíocht’, ar cheart smachtbhannaí a bheith san áireamh inti.

Athlua

Seo mar a labhair an Rapóirtéir Sophie in ‘t Veld (Renew, NL): “Ní fhónann na scéimeanna seo ach chun cúldoras isteach san Aontas Eorpach a chur ar fáil do dhaoine aonair nach féidir leo isteach ar an ngnáthbhealach. Tá sé in am againn anois an doras sin a dhúnadh, ionas go bhfanfaidh olagarcaí Rúiseacha agus daoine eile le hairgead a fhaightear go neamhdhleathach amach. Tá sé diúltaithe ag rialtais na mBallstát aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb, agus iad ag maíomh nach ceist AE í. I bhfianaise a bhfuil ag tarlú faoi láthair, ní féidir leo an tsaincheist seo a sheachaint a thuilleadh.”

Na chéad chéimeanna eile

Ní mór don Choimisiún togra reachtach a ullmhú nó údar cuí a thabhairt lena chinneadh gan é sin a dhéanamh.


Cúlra

Bhain ar a laghad 130 000 duine tairbhe as na scéimeanna STI/CTI san Aontas idir 2011 go 2019, rud a ghin ioncam d’os cionn €21.8 billiún do na tíortha lena mbaineann. Is ann do scéimeanna STI i Málta, sa Bhulgáir (áit a bhfuil dréacht-dlí curtha síos ag an rialtas chun deireadh a chur leis an scéim) agus sa Chipir (ina bhfuil na hiarratais a cuireadh isteach roimh mhí na Samhna 2020 amháin á bpróiseáil agus scrúdú déanta orthu sin ar fad cheana, dar le Rialtas na Cipire). Tá scéimeanna CTI ag 12 Bhallstát bunaithe ar mhéideanna éagsúla agus ar roghanna infheistíochta éagsúla.