Todhchaí na hEorpa: Seisiún iomlánach eile den Chomhdháil dírithe ar thograí ó na saoránaigh 

Preasráiteas 
 
 

Roinn an leathanach seo: 

.

Le linn an dara suí iomlán de sheisiún iomlánach na Comhdhála, díríodh ar mhachnamh a dhéanamh ar na moltaí ó Phainéil Saoránach na Comhdhála, agus bhí saoránaigh agus feisirí de chuid na hÚcráine i láthair aige chomh maith.

I seisiún iomlánach na Comhdhála rinneadh machnamh ar 88 moladh a rinne na Painéil Saoránach Eorpach maidir le ‘An tAontas sa domhan / an imirce’ agus maidir le ‘Geilleagar níos láidre, ceartas sóisialta agus poist / oideachas, cultúr, an óige agus an claochlú digiteach’, chomh maith le moltaí gaolmhara ó na Painéil Saoránach Náisiúnta. Ionradh Putin ar an Úcráin agus freagairt an Aontais air, rinneadh plé mór air sin sna díospóireachtaí tráthúla ag an deireadh seachtaine.

Labhair ionadaithe dídeanaithe a bhí ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin, Parlaimintigh ó Verkhovna Rada na hÚcráine agus ionadaithe an chomhlachais PromoUkraina, chun a dtuairimí a chur in iúl le linn an phlé maidir leis an Aontas sa domhan. Bhí ionadaithe ó na Balcáin Thiar rannpháirteach ann freisin. Is féidir breathnú arís ar a gcuid óráidí anseo.

Tá sleachta as Seisiún Iomlánach na Comhdhála le fáil ar EbS. Tá an t-ábhar físe, an t-ábhar fuaime agus na grianghraif uile a tógadh ag na Meithleacha agus ag an Seisiún Iomlánach le fáil ó Ionad Ilmheán na Parlaiminte.

Comhchathaoirligh Bhord Feidhmiúcháin na Comhdhála:

Is é seo a dúirt Guy Verhofstadt (Parlaimint na hEorpa): “Tá na himeachtaí suntasacha san Úcráin ag baint corraí as daoine ar fud an Aontais Eorpaigh seo againne, agus bhí sé sin le brath go soiléir le linn dhíospóireachtaí an tseisiúin iomlánaigh seo. Ní mór do chonclúidí na Comhdhála seo an méid sin a léiriú. Is léir go mbeidh an t-am atá le teacht éagsúil leis an méid a bhíomar in ann a shamhlú fiú cúpla seachtain ó shin. Dá bhrí sin beidh sé riachtanach go n-athróidh an Eoraip chun déileáil leis an todhchaí sin agus leis an ord domhanda nua atá ag teacht chun cinn.”

Is é seo a dúirt Clément Beaune (Uachtaránacht na Fraince ar an gComhairle): “Tá na moltaí go léir a chuir saoránaigh na hEorpa i dtoll a chéile faighte againn anois. Is gá do Sheisiún Iomlánach na Comhdhála cromadh ar an obair le tograí nithiúla a dhéanamh díobh sin. I bhfianaise na n-imeachtaí suntasacha atá ag titim amach ar an mór-roinn seo againne, tá sé ríthábhachtach an tAontas seo againne a athchóiriú agus a athneartú.

Is é seo a dúirt Dubravka Šuica (Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh): “Agus muidne i mbun gníomh a thugann níos gaire do na saoránaigh muid, tá Putin i mbun beart míleata i gcoinne shaoránaigh na hÚcráine, saoránaigh a bhfuil a mianta i leith na hEorpa curtha in iúl acu. Is ionsaí é sin ar ár luachanna agus ar ár ndóigh bheatha. Is é atá i gceist le bheith i d’Eorpach go bhfuil tú mar chuid de thionscadal ar leith, tionscadal a chuireann ar chumas gach duine lán a n-acmhainneachta a bhaint amach agus a gcearta a fheidhmiú. Sin an fáth a bhfuil an Chomhdháil níos tábhachtaí anois, sna cúinsí uafásacha seo, ná riamh, agus a bhfuil gá léi níos mó ná riamh chomh maith.”

Na chéad chéimeanna eile

An 25-26 Márta, beidh Seisiún Iomlánach na Comhdhála ag obair ar a chuid tograí, a bheidh bunaithe ar na moltaí ó na Painéil Saoránach Náisiúnta agus na Painéil Saoránach Eorpach araon, ar an ionchur a bailíodh ón Ardán Digiteach Ilteangach agus ar na díospóireachtaí i Seisiún Iomlánach na Comhdhála agus i Meithleacha na Comhdhála, agus iad rangaithe de réir téamaí.

Cúlra

Tá moltaí an Phainéil ‘An tAontas sa domhan / imirce’, a glacadh ag an gcruinniú deireanach a bhí ar siúl in Maastricht (an Ísiltír) i mí Feabhra, le fáil anseo. Tá moltaí an Phainéil ‘Geilleagar níos láidre, an ceartas sóisialta agus poist / Oideachas, cultúr, an óige agus an spórt / an claochlú digiteach’, a cuireadh i gcrích i mBaile Átha Cliath (Éire) i mí Feabhra, le fáil anseo. I ngach Painéal Saoránach Eorpach tháinig thart ar 200 Eorpach ó aoiseanna agus ó chúlraí éagsúla, ó gach Ballstát, le chéile (go fisiciúil agus go cianda) chun plé a dhéanamh ar na moltaí faoi na dúshláin atá roimh an Eoraip anois agus a bheidh roimpi amach anseo, agus chun na moltaí sin a ghlacadh.

Bíonn ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, ón gCoimisiún Eorpach, ó na Parlaimintí náisiúnta agus ó na saoránaigh páirteach i Seisiún Iomlánach na Comhdhála. Déantar ionadaíocht ar Choiste na Réigiún agus ar an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, ar na comhpháirtithe sóisialta agus ar an tsochaí shibhialta chomh maith. Ar bhonn comhthola, cuirfidh an Seisiún Iomlánach a thograí ar aghaidh chuig an mBord Feidhmiúcháin, ionas go ndréachtóidh an Bord moltaí deiridh na Comhdhála i gcomhoibriú agus trédhearcacht iomlán leis an Seisiún Iomlánach.