Glacann an Pharlaimint rialacha nua maidir le pá íosta dóthanach d’oibrithe uile san AE 

Preasráiteas 
 
 

Roinn an leathanach seo: 

Cinnteoidh reachtaíocht AE go gcosnófar íosphá ar fud an AE agus go mbeidh caighdeán maireachtála maith mar thoradh air ©AdobeStock/Drazen  
  • Ba cheart caighdeán maireachtála cóir a chinntiú leis an bpá íosta  
  • Cloífidh rialacha an Aontais le cleachtais náisiúnta maidir le socrú pá  
  • Neartú le déanamh ar chómhargáil sna tíortha sin ina bhfuil níos lú ná 80% de na hoibrithe clúdaithe 
  • Beidh ceart chun sásaimh ag oibrithe, a n-ionadaithe agus baill de cheardchumainn má sháraítear na rialacha  

Ba cheart go gcinnteodh an pá íosta caighdeáin mhaireachtála agus oibre chóra i ngach tír den Aontas, agus ba cheart do na Ballstáit cómhargáil faoi phá a chur chun cinn.

Le 505 vóta i bhfabhar, 92 i gcoinne agus 44 ag staonadh, ghlac an Pharlaimint reachtaíocht nua Dé Céadaoin maidir le pá íosta dóthanach san Aontas.

Tá sé mar aidhm le dlí nua seo an Aontais, a comhaontaíodh leis an gComhairle i mí an Mheithimh, coinníollacha oibre agus maireachtála a fheabhsú do gach oibrí san Aontas, mar aon le dul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta a chur chun cinn. Chuige sin, leagtar síos na ceanglais íosta do leordhóthanacht an phá íosta reachtúil mar a fhoráiltear di sa dlí náisiúnta agus/nó i gcomhaontuithe cómhargála, agus feabhsaítear rochtain éifeachtach na n-oibrithe ar chosaint don phá íosta.

Beidh feidhm ag an Treoir nua maidir le gach oibrí san Aontas a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta acu. Ní bheidh oibleagáid ar na Ballstáit sin ina gcosnaítear an pá íosta cheana le comhaontuithe cómhargála amháin, na rialacha seo a thabhairt isteach nó feidhm uilíoch a thabhairt do na comhaontuithe sin.

Measúnú ar leordhóthanacht an phá íosta

Is inniúlacht náisiúnta fós é an pá íosta a shocrú, ach beidh ar na Ballstáit a ráthú go mbeidh oibrithe in ann saol fiúntach a bheith acu leis an bpá íosta náisiúnta, agus an costas maireachtála agus leibhéil phá níos leithne á gcur san áireamh. Chun an measúnú leordhóthanachta a dhéanamh ar an bpá íosta reachtúil atá acu cheana, féadfaidh na Ballstáit ciseán earraí agus seirbhísí a bhunú ag fíorphraghsanna, nó é a shocrú ag 60% den ollphá airmheánach agus 50% den mheán-ollphá.

Cómhargáil a chur chun cinn

Is gné ríthábhachtach í cómhargáil earnála agus trastionscail chun pá íosta dóthanach a bhaint amach agus is gá, dá bhrí sin, í a chur chun cinn agus a neartú, de réir na rialacha nua a d’fhormheas na Feisirí inniu. I dtíortha ina gcumhdaítear níos lú ná 80% d’oibrithe le cómhargáil, beidh ar na Ballstáit - le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta - plean gníomhaíochta a bhunú chun an cumhdach a mhéadú.

Faireachán agus an ceart chun sásaimh

Sa téacs comhaontaithe, tugtar isteach oibleagáid do thíortha an Aontais i dtaca le córas forfheidhmiúcháin a chur ar bun, lena n-áirítear faireachán, rialuithe agus cigireachtaí allamuigh iontaofa, chun comhlíonadh a chinntiú agus chun aghaidh a thabhairt ar fhochonraitheoireacht mhí-úsáideach, féinfhostaíocht bhréagach, ragobair nó méadú ar dhéine oibre gan taifead.

Athluanna

Dúirt Dennis Radtke (PPE, DE) tar éis an vóta: “Léiríonn an staid reatha go soiléir arís: tá gá le comhpháirtíocht shóisialta láidir san Eoraip a fheidhmíonn mar ba chóir. Ní féidir leis an bpolaitíocht freagra cuimsitheach a thabhairt ar gach gné den ghéarchéim seo.”

Dúirt Agnes Jongerius (S&D, NL): “Tá praghsanna earraí grósaeireachta, billí fuinnimh agus costais tithíochta ag méadú go mór. Tá daoine ag streachailt go mór chun cuid a chur le costas. Níl aon am le cur amú againn, caithfimid a chinntiú arís gur fiú a bheith ag obair. Leagann an Treoir seo síos na bunghnéithe d’íosphá imleor. Ag an am céanna, táimid ag cur borradh faoin gcómhargáil, agus mar sin beidh cosaint níos airde ag níos mó oibrithe.”

Na chéad chéimeanna eile

Meastar go bhformheasfaidh an Chomhairle an comhaontú go foirmiúil i mí Mheán Fómhair. Beidh dhá bhliain ag na Ballstáit ag an bpointe sin chun an Treoir a chomhlíonadh.

Cúlra

I mí Iúil, thacaigh Comhaltaí an Choiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta leis an gcomhaontú neamhfhoirmiúil ar thángthas air leis an gComhairle an 6 Meitheamh 2022.

Tá na rátaí pá íosta is airde ag Lucsamburg, ag Éirinn agus ag an nGearmáin; tá na rátaí is ísle ag an mBulgáir, ag Laitvia agus ag an Eastóin. San Aontas, tá pá íosta reachtúil ag 21 as 27 dtír, agus sna sé thír eile (an Ostair, an Chipir, an Danmhairg, an Fhionlainn, an Iodáil agus an tSualainn), cinntear leibhéil phá trí chómhargáil pá.