An tAontas Sláinte: freagairt níos láidre ó AE ar éigeandálaí sláinte poiblí  

Preasráiteas 
 
 

Roinn an leathanach seo: 

Beidh an AE níos ullmhaithe chun dul i ngleic le héigeandálaí sláinte trasteorann © fivepointsix / Adobe stock  
  • An chéad phacáiste um an Aontas Sláinte, bunaithe ar cheachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19, curtha i gcrích 
  • An tAontas le bheith níos ullmhaithe agus in ann comhordú a dhéanamh ar a fhreagairt ar ghéarchéimeanna sláinte 
  • Rialacha níos soiléire do sholáthar comhpháirteach cógas agus feistí leighis 

Ghlac an Pharlaimint le bearta nua chun neartú a dhéanamh ar chumas AE ráigeanna de ghalair thógálacha a chosc agus a rialú agus chun dul i ngleic le bagairtí trasteorann don tsláinte.

Ghlac na Feisirí an comhaontú leis an gComhairle maidir le leathnú a dhéanamh ar an sainordú atá ag an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus Rialú (ECDC), le 542 vóta i bhfabhar, 43 i gcoinne agus 9 staonadh. Tá sé mar aidhm leis an gcomhaontú seo neartú a dhéanamh ar chumas an Aontais Eorpaigh ráigeanna de ghalair thógálacha a chosc agus a bhainistiú, agus go mbeifí níos ullmhaithe do ghéarchéimeanna sláinte amach anseo.

Oibreoidh an Lárionad i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach, le húdaráis náisiúnta, le comhlachtaí AE agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta lena chinntiú go mbeidh a ngníomhaíochtaí ar fad ag teacht le chéile go maith agus go leanúnach i gcónaí. Tá sé i gceist ag an Lárionad sonraí a chur ar fáil go tráthúil agus beifear in ann comparáid a dhéanamh eatarthu. Chuige sin, déanfar caighdeánú ar na nósanna imeachta a bhaineann le sonraí a bhailiú agus a fhíorú, mar a dhéantar anailís ar na sonraí sin agus mar a scaiptear iad ar leibhéal an AE.

Sa bhreis air sin, déanfaidh ECDC grinnfhaireachán ar acmhainneacht na gcóras náisiúnta chun ráigeanna de ghalair thógálacha a bhrath, a chosc, freagairt orthu agus téarnamh uathu, mar aon le bearnaí a shainaithint agus moltaí eolaíocht-bhunaithe a chur ar fáil.

Cosc, ullmhacht agus pleanáil freagairtí

Ghlac an Pharlaimint comhaontú freisin, le 544 vóta i bhfabhar, 50 i gcoinne agus 10 staonadh, maidir le sraith beart lena gceadófar don Aontas bagairtí tromchúiseacha trasteorann don tsláinte a bhrath agus freagairt dóibh.

Tá cosc, ullmhacht agus pleanáil freagairtí san áireamh sna rialacha nua ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon. Beidh an Coimisiún in ann aitheantas foirmiúil a thabhairt d’éigeandáil sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais, lena spreagfar comhar idir-Aontais agus lena gceadófar forbairt agus stoc-charnadh tráthúil frithbheart leighis.

Déantar soiléiriú freisin leis an reachtaíocht ar nósanna imeachta chun cógais agus feistí leighis a sholáthar go comhpháirteach, lena n-áirítear an fhéidearthacht gníomhaíochtaí comhthreomhara soláthair agus caibidlíochta ag na tíortha rannpháirteacha a theorannú, i gcás táirgí a ceannaíodh go comhpháirteach ar leibhéal an Aontais.

Athluanna

Dúirt an rapóirtéir Joanna Kopcińska (ECR, PL): ‘Cuirfidh ECDC moltaí ar fáil chun acmhainneacht na gcóras sláinte a neartú agus beidh ról aige i bhforbairt táscairí sláinte lena gcuideofar le bainistiú agus freagairt a dhéanamh ar bhagairtí galar tógálach agus saincheisteanna sláinte poiblí gaolmhara. Beidh an Lárionad feistithe ar bhealach níos fearr chun saineolas eolaíoch stóinsithe agus neamhspleách a chur ar fáil agus chun tacú le gníomhaíochtaí chun bagairtí trasteorann don tsláinte a chosc, chun ullmhú lena n-aghaidh agus chun freagairt orthu.’

Dúirt an rapóirtéir Véronique Trillet-Lenoir (ECR, FR): ‘Tugann an reachtaíocht seo freagairt shoiléir ar an 74% de shaoránaigh Eorpacha a bhfuil rannpháirtíocht Eorpach níos mó uathu i dtaca le bainistiú géarchéimeanna. Tá an tAontas Sláinte Eorpach á fhorbairt de réir a chéile. Leanfaimid leis an tionscadal seo i gcomhthéacs na bpléití ar choinbhinsiún a bheidh ann amach anseo maidir le hathbhreithniú ar na Conarthaí Eorpacha.’

Na chéad chéimeanna eile

Tar éis na vótálacha deiridh sa suí iomlánach, beidh na téacsanna le formhuiniú go foirmiúil ag an gComhairle anois, freisin, sula bhfoilseofar iad in Iris Oifigiúil an Aontais go luath ina dhiaidh sin.

Cúlra

Mar chuid d’fhorbairt Aontas Sláinte na hEorpa, rinne an Coimisiún creat nua slándála sláinte a mholadh ar an 11 Samhain 2020, a bhí bunaithe ar gach a foghlaimíodh ó ghéarchéim Covid-19. Tá trí phíosa reachtaíochta san áireamh sa phacáiste: ról níos láidre don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach, lena leathnófar sainordú an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú agus togra le haghaidh rialachán maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann don tsláinte.