Formheasann na Feisirí rialacha athchóirithe AE maidir le sábháilteacht táirgí  

Preasráiteas 
 
 

Roinn an leathanach seo: 

  • Téann na rialacha nua i ngleic le rioscaí sábháilteachta a bhaineann le teicneolaíochtaí nua agus leis an bhfás i ndíolacháin ar líne  
  • Tabharfar cosaint níos fearr do thomhaltóirí leochaileacha, amhail leanaí agus daoine faoi mhíchumas 
  • Déanfar táirgí contúirteacha a bhaint go tapa agus tá aisghairm táirgí le bheith níos éifeachtaí 
  • Meastar go mbíonn costas €11.5 billiún in aghaidh na bliana ar thimpistí inchoiscthe mar thoradh ar tháirgí neamhshábháilte 
Áirithítear leis na rialacha nua go bhfuil gach táirge san AE sábháilte, lena n-áirítear iad siúd a cheannaítear ar líne ©Marco/Adobe Stock  

Cinnteoidh an dlí nuashonraithe go gcomhlíonfaidh táirgí san Aontas na ceanglais sábháilteachta is airde, is cuma má dhíoltar ar líne nó i siopaí traidisiúnta iad

Déardaoin, le 569 vóta i bhfábhar, 13 i gcoinne agus gan aon duine ag staonadh, d’fhormhuinigh na Feisirí Eorpacha na rialacha athbhreithnithe maidir le sábháilteacht táirgí tomhaltais neamhbhia. Leis an rialachán nua, déantar an Treoir maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí atá ann cheana a ailíniú leis na forbairtí is déanaí sa digitiú agus leis an mborradh atá tagtha ar an tsiopadóireacht ar líne.


Measúnuithe sábháilteachta a fheabhsú

Lena chinntiú go bhfuil na táirgí uile a chuirtear ar an margadh sábháilte do thomhaltóirí, áirítear bearta éagsúla sa Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí a chinnteoidh go gcuirfear rioscaí do na tomhaltóirí is leochailí (e.g. leanaí), gnéithe inscne agus rioscaí cibearshlándála san áireamh freisin le linn measúnuithe sábháilteachta.


Faireachas margaidh agus siopaí ar líne

Leis an rialachán nua leathnaítear oibleagáidí na n-oibreoirí eacnamaíocha (amhail an monaróir, an t-allmhaireoir, an dáileoir), déantar cumhachtaí na n-údarás faireachais margaidh a mhéadú agus tugtar isteach oibleagáidí soiléire do sholáthraithe margaí ar líne. Comhoibreoidh margaí ar líne le húdaráis faireachais margaidh chun rioscaí a mhaolú. Féadfaidh údaráis faireachais margaidh ordú a thabhairt do mhargaí ar líne rochtain ar thairiscintí táirgí contúirteacha a bhaint nó a dhíchumasú gan moill mhíchuí, agus ar aon chuma laistigh de dhá lá oibre.

Ní féidir táirgí a thagann ó lasmuigh den Aontas a chur ar an margadh ach amháin má bhíonn oibreoir eacnamaíoch atá bunaithe san Aontas Eorpach freagrach as a sábháilteacht.


Nósanna imeachta aisghairme éifeachtúla

Leis an reachtaíocht athchóirithe, cuirtear feabhas ar an nós imeachta chun táirgí a aisghairm. Tá na rátaí fillte fós íseal, agus meastar go bhfuil an tríú cuid de thomhaltóirí an Aontais ag leanúint de tháirgí aisghairthe a úsáid.

Más gá táirge a aisghairm, ní mór na tomhaltóirí a chur ar an eolas go díreach, agus deisiú, athsholáthar nó aisíocaíocht a thairiscint dóibh. Beidh sé de cheart ag tomhaltóirí gearáin a dhéanamh nó comhghníomhaíochtaí a sheoladh freisin. Ní mór faisnéis faoi roghanna sábháilteachta agus réitigh táirgí a bheith ar fáil i dteanga shoiléir shothuigthe. Déanfar nuachóiriú ar an gcóras mear-rabhaidh do tháirgí contúirteacha (‘Tairseach Safety Gate’) chun gur féidir táirgí neamhshábháilte a bhrath ar bhealach níos éifeachtaí agus chun go mbeidh an córas níos inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas.

Dúirt an rapóirtéir Dita Charanzová (Renew, CZ): “Leis an dlí seo táimid ag cosaint ár dtomhaltóirí is leochailí, go háirithe leanaí. In 2020, ba as an tSín do 50% d’earraí a liostaithe mar dhainséarach. Leis an dlí seo, tá céim fhíorthábhachtach glactha againn in éadan na ndaoine a dhíolann táirgí nach táirgí sábháilteacha iad san Eoraip. Caithfidh duine éigin a bheith freagrach as gach táirge a dhíoltar laistigh den AE. Bainfear táirgí neamhshábháilte ó láithreáin ghréasáin laistigh de dhá lá. Cuirfear tomhaltóirí ar an eolas go díreach trí ríomhphost má cheannaigh siad táirge neamhshábháilte. Le cois sin, beidh sé de cheart acu deisiúchán, athsholáthar nó aisíocaíocht a fháil má aisghairtear táirge. Nuair a bheidh an dlí seo i bhfeidhm, beidh níos lú táirgí contúirteacha san Eoraip”.

Na chéad chéimeanna eile

Beidh ar an gComhairle an téacs a fhormhuiniú go foirmiúil freisin, sula bhfoilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus sula dtiocfaidh sé i bhfeidhm. Beidh feidhm ag an Rialachán 18 mí tar éis dó teacht i bhfeidhm.

Cúlra

In 2021, cheannaigh 73 % de thomhaltóirí táirgí ar líne (i gcomparáid le 50 % in 2014) agus in 2020, d’ordaigh 21 % acu rud éigin ó lasmuigh den Aontas (8 % in 2014). De réir thuarascáil bhliantúil 2020 Safety Gate, bhain 26 % de na fógraí faoi tháirgí contúirteacha le táirgí a dhíoltar ar líne, agus bhain 62 % acu ar a laghad le táirgí ó lasmuigh den Aontas agus den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

Tuartar go sábhálfaidh na rialacha nua thart ar €1 bhilliún do thomhaltóirí an Aontais sa chéad bhliain agus tuairim is €5.5 billiún sna deich mbliana amach romhainn. Trí líon na dtáirgí neamhshábháilte atá ar an margadh a laghdú, ba cheart go laghdódh na bearta nua an díobháil a dhéantar do thomhaltóirí an Aontais mar gheall ar thimpistí inchoiscthe a bhaineann le táirgí (a mheastar a bheith cothrom le €11.5 billiún in aghaidh na bliana) agus costas an chúraim sláinte (a mheastar a bheith cothrom le €6.7 billiún in aghaidh na bliana).