Tacaíonn PE le rialacha nua do tháirgí inbhuanaithe, marthanacha gan snas glas
- Ba cheart cosc a chur ar mhaíomh ginearálta, gan bhunús faoi chúrsaí comhshaoil
- Níor cheart go gceadófaí teorainn a chur d’aon ghnó le marthanacht táirgí
- Ba cheart go bhfeidhmeodh táirge go maith fós le comhpháirteanna agus tomhaltáin spártha ó mhonaróir eile
Thacaigh na Feisirí le dréacht-dlí Déardaoin chun lipéadú agus marthanacht táirgí a fheabhsú agus chun deireadh a chur le maíomh míthreorach.
Le 544 vóta i bhfabhar, 18 vóta i gcoinne agus 17 staonadh, d’fhormheas an suí iomlánach an togra le haghaidh treoir nua maidir le tomhaltóirí a chumhachtú don aistriú glas. An phríomhaidhm atá leis ná cabhrú le tomhaltóirí roghanna atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a dhéanamh agus cuideachtaí a spreagadh chun táirgí níos buaine agus níos inbhuanaithe a chur ar fáil dóibh.
Cosc a chur ar fhógraí míthreoracha agus ar mhaíomh cineálach faoi chúrsaí comhshaoil
Le sainordú caibidlíochta formheasta na Parlaiminte, foráiltear go gcuirfear cosc ar mhaíomh ginearálta faoi chúrsaí comhshaoil amhail a rá go bhfuil táirge ‘neamhdhíobhálach don chomhshaol’, ‘nádúrtha', ‘in-bhithdhíghrádaithe’, ‘neodrach ó thaobh na haeráide de’ nó gur ‘éicea-tháirge’ é, mura bhfuil fianaise mhionsonraithe ar na téarmaí sin. Tá sé mar aidhm leis freisin cosc a chur ar mhaíomh faoi chúrsaí comhshaoil atá bunaithe ar scéimeanna fritháirithe carbóin amháin. Cuirfear cosc freisin ar chleachtais mhíthreoracha eile amhail a bheith ag maíomh faoi tháirge iomlán mura bhfuil an maíomh sin fíor ach i gcás cuid amháin de, nó a rá go mairfidh táirge méid áirithe ama nó gur féidir é a úsáid le leibhéal áirithe déine mura bhfuil sé sin fíor.
Chun faisnéis faoi tháirgí a shimpliú, tá sé beartaithe ag na Feisirí nach gceadófar ach lipéid inbhuanaitheachta atá bunaithe ar scéimeanna deimhniúcháin oifigiúla nó atá leagtha síos ag údaráis phoiblí lena n-úsáid.
An comhrac i gcoinne na dífheidhmeachta luaithe
Chun go mairfidh táirgí níos faide, teastaíonn ón bParlaimint cosc a chur ar thabhairt isteach gnéithe dearthóireachta lena gcuirtear teorainn le saol táirge nó a fhágann go mbíonn earraí ag mífheidhmiú roimh am. Ina theannta sin, níor cheart cead a bheith ag táirgeoirí feidhmiúlacht táirge a theorannú nuair a úsáidtear é le tomhaltáin, comhpháirteanna spártha nó gabhálais (mar shampla luchtairí nó cartúis dúigh) a dhéanann cuideachtaí eile.
Chun cabhrú le daoine earraí níos buaine agus níos indeisithe a roghnú, bheadh dualgas ann ceannaitheoirí a chur ar an eolas faoi aon srianta deisiúcháin sula gceannóidís táirge. Ina theannta sin, tá na Feisirí ag moladh lipéad ráthaíochta nua. Léireodh an lipéad nua sin fad thréimhse na ráthaíochta, a cheanglaítear de réir dlí agus fad aon síntí ráthaíochta a d’fhéadfadh táirgeoirí a chur ar fáil freisin. Chuirfeadh sé sin béim ar earraí ar ardchaighdeán agus spreagfadh sé cuideachtaí chun díriú níos mó ar mharthanacht earraí.
Athlua
Tar éis an vóta, dúirt an rapóirtéir Biljana Borzan (S&D, HR): ‘Ní bhainfidh an tionscal brabús a thuilleadh as earraí tomhaltais a dhéanamh a bhriseann díreach nuair a bhíonn an tréimhse ráthaíochta thart. Beidh dualgas ann freisin faisnéis faoi roghanna agus faoi chostas deisiúcháin a chur ar fáil do thomhaltóirí ar bhealach soiléir. Cuirfidh lipéid táirgí in iúl do shaoránaigh cé na hearraí a ráthaítear go mairfidh siad níos faide agus bainfidh táirgeoirí a bhfuil a gcuid earraí níos marthanaí tairbhe as. Tiocfaidh deireadh leis an maíomh bréagach go léir faoi chúrsaí comhshaoil, mar nach gceadófar ach maíomh deimhnithe agus cuí-réasúnaithe faoi chúrsaí éiceolaíocha.’
Na chéad chéimeanna eile
Ghlac Comhairle an Aontais a sainordú caibidlíochta féin an 3 Bealtaine. Ciallaíonn sé sin gur féidir tús a chur go luath leis an gcaibidlíocht idir an Pharlaimint agus na Ballstáit maidir le hábhar deiridh agus foclaíocht na treorach.
Cúlra
Is cuid í an treoir atá beartaithe den chéad phacáiste don gheilleagar ciorclach, mar aon leis an Rialachán maidir leis an Éicidhearthóireacht, an Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta agus tuarascáil féintionscnaimh maidir le Straitéis AE maidir le Teicstílí Inbhuanaithe agus Ciorclacha. Réitíonn sé an bealach do threoir nua maidir le maíomh glas ina ndéanfar sonrú breise ar na coinníollacha chun bheith ag maíomh faoi chúrsaí comhshaoil amach anseo.
Agus an reachtaíocht seo á glacadh, tá an Pharlaimint ag freagairt d’ionchais na saoránach maidir le tomhaltas inbhuanaithe, pacáistiú agus táirgeadh mar aon le fás inbhuanaithe agus nuálaíocht mar a chuirtear in iúl i dTograí 5(1), (7) agus (10) agus 11(2) de na conclúidí den Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa.
Teagmhálacha:
-
Fionnuala CROKER
Press Officer in Ireland