An Gníomh um Shaoirse na Meán: cosaint d’iriseoirí agus saoirse an phreasa in AE 

Preasráiteas 
 
 

Roinn an leathanach seo: 

  • Cosc ar earraí spiaireachta a úsáid i gcoinne iriseoirí, ach amháin i gcásanna atá sainithe go docht 
  • Beidh ar na meáin go léir eolas a nochtadh faoina n-úinéirí 
  • Sásra chun cosc a chur ar ardáin an-mhór ar líne srian treallach a chur le saoirse an phreasa 
Cuirfidh sé ceangal ar thíortha saoirse na meán a chosaint ó chur isteach eacnamaíoch, polaitiúil nó rialtais ©AFP/Christophe_ARCHAMBAULT  

Dé Céadaoin, thug na Feisirí Eorpacha cead deiridh do reachtaíocht nua chun iriseoirí agus meáin an Aontais a chosaint ar chur isteach polaitiúil nó eacnamaíoch.

Faoin dlí nua, a glacadh le 464 vóta i bhfabhar, 92 vóta i gcoinne agus 65 staonadh, beidh oibleagáid ar na Ballstáit neamhspleáchas na meán a chosaint agus cuirfear cosc ar gach cineál idirghabhála i gcinntí eagarthóireachta.

Obair iriseoirí a chosaint

Cuirfear cosc ar údaráis brú a chur ar iriseoirí agus eagarthóirí a bhfoinsí a nochtadh, lena n-áirítear iad a choinneáil, smachtbhannaí a chur orthu, cuardaigh oifige a dhéanamh, nó bogearraí faireachais a shuiteáil ar a bhfearais leictreonacha.

Chuir an Pharlaimint coimircí suntasacha leis an reachtaíocht i dtaca le húsáid earraí spiaireachta, rud nach mbeidh incheadaithe ach amháin ar bhonn cás ar chás agus faoi réir údarú ó údarás breithiúnach a bheidh ag déanamh imscrúdú ar choireanna tromchúiseacha atá inphionóis le pianbhreith choimeádta. Fiú sna cásanna sin, caithfear ábhair an fhaireachais a chur ar an eolas faoi fhaireachas leanúnach agus beidh siad in ann agóid a dhéanamh i gcoinne an fhaireachais sin os comhair cúirte.

Neamhspleáchas eagarthóireachta na meán poiblí

Chun cosc a chur ar úsáid eagraíochtaí meán poiblí chun críoch polaitiúil, ba cheart na daoine atá i bhfeighil orthu agus a gcomhaltaí boird a roghnú trí nósanna imeachta trédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha ar feadh téarmaí oifige atá fada go leor. Ní bheifear in ann iad a dhífhostú sula dtiocfaidh deireadh lena gconradh, ach amháin mura gcomhlíonann siad na critéir ghairmiúla a thuilleadh.

Ní mór na meáin phoiblí a mhaoiniú trí nósanna imeachta trédhearcacha agus oibiachtúla, agus ba cheart go mbeadh an cistiú sin inbhuanaithe agus intuartha.

Trédhearcacht úinéireachta

Ionas go mbeidh a fhios ag an bpobal cé hiad na daoine a bhfuil smacht acu ar na meáin agus cad iad na leasanna a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar thuairisciú, beidh ar gach eagraíocht nuachta agus cúrsaí reatha, beag beann ar a méid, eolas faoina n-úinéirí a fhoilsiú i mbunachar sonraí náisiúnta, lena n-áirítear má tá siad faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach an stáit.

Leithdháileadh cothrom fógraíochta stáit

Beidh ar na meáin tuairisc a thabhairt freisin ar chistí a fuarthas ó fhógraíocht stáit agus ar thacaíocht airgeadais stáit, lena n-áirítear ó thíortha nach bhfuil san Aontas.

Ní mór cistiú poiblí do na meáin nó d’ardáin ar líne a leithdháileadh trí chritéir atá poiblí, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach. Beidh eolas maidir le caiteachas ar fhógraíocht stáit ar fáil go poiblí, lena n-áirítear an méid iomlán bliantúil agus an méid in aghaidh na heagraíochta.

Saoirse na meán san Aontas a chosaint ar ardáin mhóra

Chinntigh na Feisirí go n-áireofaí sásra sa reachtaíocht chun cosc a chur ar ardáin an-mhór ar líne, amhail Facebook, X (ar a dtugtaí Twitter roimhe seo) nó Instagram, inneachar ó na meáin neamhspleácha a shrianadh nó a scriosadh go treallach. Ar dtús, beidh ar ardáin idirdhealú a dhéanamh idir meáin neamhspleácha agus foinsí nach bhfuil neamhspleách. Tabharfar fógra do na meáin nuair a bheidh sé ar intinn ag an ardán a n-inneachar a scriosadh nó a shrianadh agus beidh 24 uair an chloig acu chun freagra a thabhairt. Ní fhéadfaidh an t-ardán an t-inneachar a scriosadh ná srian a chur leis go dtí go bhfaighidh sé an freagra (nó in éagmais an fhreagra) mura mbeidh sé ag comhlíonadh choinníollacha an ardáin go fóill.

Beidh sé de rogha ag na meáin an cás a thabhairt chuig comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt agus tuairim a iarraidh ar an mBord Eorpach um Sheirbhísí Meán (bord rialálaithe náisiúnta nua de chuid an Aontais atá le bunú tríd an nGníomh Eorpach um Shaoirse na Meán).

Athluanna

"Ní féidir an iomarca béime a leagadh ar thábhacht an iolrachais sna meáin i ndaonlathas atá feidhmiúil", a dúirt an Rapóirtéir Sabine Verheyen (EPP, DE) de chuid an Choiste um Chultúr agus um Oideachas le linn na díospóireachta sa suí iomlánach. "Tá saoirse an phreasa i mbaol ar fud an domhain, an Eoraip san áireamh: rud is léir ón dúnmharú i Málta, bagairtí ar shaoirse an phreasa san Ungáir agus i bhfad níos mó. Is freagairt dhíreach ar an mbagairt seo é an Gníomh um Shaoirse na Meán san Eoraip. Ina theannta sin, cloch míle atá ann sa reachtaíocht Eorpach. Léirítear meas ar agus cosnaítear na meáin, ní hamháin mar ghnólachtaí ach mar chosantóirí an daonlathais freisin ", a dúirt sí mar fhocal scoir.

Dúirt an rapóirtéir don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, (atá freagrach as na coimircí chun iriseoirí a chosaint)  Ramona Strugariu (Renew, RO): "Tá comhghuaillí ag iriseoirí anois, uirlisí a thugann cosaint dóibh, a thugann spreagadh dóibh a bheith níos neamhspleáiche agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin, aon chur isteach agus an brú a chuirtear orthu ina bpostanna. Is freagairt dhíreach é an Rialachán seo ar Orbán, Fico, Janša, Putin agus iad siúd a theastaíonn uathu na meáin a úsáid chun bolscaireacht a dhéanamh nó bréagnuacht a scaipeadh chun ár ndaonlathais a dhíchobhsú. Ní chóir brú den chineál seo a bheith ar iriseoir riamh agus iad ag obair ar mhaithe le saoránaigh a choimeád ar an eolas."