Baile

Cur i láthair

Na toscaireachtaí a thuiscint

Is grúpaí oifigiúla FPEnna (Feisirí de Pharlaimint na hEorpa) iad toscaireachtaí Pharlaimint na hEorpa a dhéanann caidreamh le parlaimintí de chuid tíortha, de chuid réigiún nó de chuid eagraíochtaí nach de AE iad.

Sna cruinnithe rialta sa Bhruiséil agus in Strasbourg pléann comhaltaí na dtoscaireachtaí an staid ina dtíortha comhpháirtíochta agus na naisc idir na comhpháirtithe agus AE. Tugann na toscaireachtaí cuireadh do shaineolaithe a oibríonn lasmuigh de Pharlaimint na hEorpa - in ambasáidí nó ollscoileanna, mar shampla, nó i seirbhís taidhleoireachta AE - cainteanna a thabhairt agus tuairimí a mhalartú le FPEnna.

Is minic a thugann na toscaireachtaí cuireadh do dhaoine nach gcloisfí a nguth go hiondúil: lucht an fhreasúra pholaitiúil nó an tsochaí shibhialta. Cuireann an chaint a thugann siad le linn cruinnithe gearra - nach maireann ach uair an chloig go minic - le tuiscint na bhFeisirí.

Eagraíonn na toscaireachtaí 'cruinnithe idirpharlaiminteacha' freisin ina mbíonn deis acu ábhair a phlé go díreach le hionadaithe tofa ó na tíortha ar a ndíríonn siad.

Tionóltar na cruinnithe sin faoi dhó sa bhliain ar a mhéad agus maireann siad cúpla uair an chloig nó cúpla lá. Tionóltar iad in ionaid mhalartacha: le haghaidh cruinniú amháin, taistealóidh na Feisirí amach as AE go dtí an pharlaimint eile; agus le haghaidh an chéad chruinniú eile, cuirfidh na Feisirí fáilte roimh a n-aíonna i bParlaimint na hEorpa.

Nuair a thaistealaíonn na Feisirí amach as AE le haghaidh na gcruinnithe sin, déanann siad iarracht freisin bualadh le daoine lasmuigh den Pharlaimint agus cuairt a thabhairt ar thionscadail a fuair maoiniú ó AE.

Na buantoscaireachtaí

Tá 44 bhuantoscaireacht ag Parlaimint na hEorpa i láthair na huaire. D'fhéadfadh sé go dtiocfadh athrú orthu sa chéad téarma reachtach eile, a thosóidh in 2019. D'fhéadfadh an Pharlaimint a chinneadh freisin toscaireachtaí ad hoc a chruthú chun díriú ar réimse ar leith idir an dá linn.

Go díreach tar éis an toghcháin deiridh rith an Pharlaimint rún 'maidir le líon comhaltaí na dtoscaireachtaí idirpharlaiminteacha'. Liostaítear sa rún sin na toscaireachtaí atá ag feidhmiú le linn an téarma seo, agus líon na bhFeisirí i ngach ceann acu.

Ó théarma amháin go téarma eile is féidir athrú suntasach teacht ar dháileadh agus ar mhéid toscaireachtaí. Mar shampla, sa téarma reachtach roimhe seo (2009-2014), d'oibrigh toscaireacht amháin i gcomhar leis an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an tSeirbia, Montainéagró agus an Chosaiv. Ó lár 2014 i leith, pléann ceithre thoscaireacht ar leith leis na tíortha sin.

Comhdhéanamh

Is iondúil gurb iad na toscaireachtaí is mó ná na toscaireachtaí a bhíonn rannpháirteach i 'dtionóil pharlaiminteacha', ina dtionóltar roinnt parlaimintí.

Mar shampla, tá 78 FPE i dtoscaireacht Pharlaimint na hEorpa chun an fhóraim leathbhliantúil a thugann le chéile na parlaimintí ar fad de chuid Ghrúpa na Stát san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC). Nuair a thaistealaíonn na FPEnna sin go dtí an tionól buaileann siad le 78 bparlaiminteoir - duine amháin as gach tír de na 78 dtír i ngrúpa ACC.

Ach ní gnách toscaireacht a bheith chomh mór leis sin - tá 15 chomhalta nó níos lú i bhformhór thoscaireachtaí na Parlaiminte. Ní bhíonn ach 8 gcomhalta ar na toscaireachtaí is lú.

Is cuma cé chomh mór atá toscaireachtaí, bíonn an struchtúr céanna orthu: bíonn Cathaoirleach agus beirt Leas-Chathaoirleach ann, a thoghann an toscaireacht. Ainmníonn grúpaí polaitiúla na Parlaiminte comhaltaí ar fad na toscaireachta agus is léiriú comhdhéanamh iomlán na toscaireachta ar chóimheá pholaitiúil na Parlaiminte ina iomláine.

Is comhalta de thoscaireacht gach uile FPE. Is comhalta de níos mó ná toscaireacht amháin cuid acu.

Rialacha

Ní mór do na toscaireachtaí cloí le rialacha géara a shainmhínítear i ndoiciméad oifigiúil ar a dtugtar 'Forálacha cur chun feidhme lena rialaítear obair na dtoscaireachtaí agus misin lasmuigh den Aontas Eorpach'.

Leagtar amach aidhm ghinearálta na dtoscaireachtaí sa téacs seo: 'teagmhálacha le parlaimintí na Stát ar comhpháirtithe traidisiúnta iad de chuid an Aontais Eorpaigh a choinneáil agus a fheabhsú agus [...] na luachanna ar a bhfuil an tAontas Eorpach bunaithe [...] a chur chun cinn.'

Déantar cur síos sna forálacha freisin ar an gcaoi ar cheart do thoscaireachtaí na Parlaiminte obair i gcomhar le coistí na Parlaiminte, agus faoin gcaoi ar cheart dóibh aird a thabhairt ar sheasaimh agus ar chaighdeáin na Parlaiminte.

Chun na costais a choinneáil íseal cuirtear srian le líon na gcomhaltaí a thaistealaíonn amach as AE agus bíonn réamhchead ag teastáil i gcás gach turais.

EP delegations, actors with a global reach © European Parliament

Presentation and responsibilities

Delegations shall maintain and develop Parliament's international contacts and contribute to enhancing the role and visibility of the European Union in the world.

Accordingly, delegation activities shall, on the one hand, be aimed at maintaining and enhancing contacts with parliaments of States that are traditionally partners of the European Union and, on the other hand, contribute to promoting in third countries the values on which the European Union is founded, namely the principles of liberty, democracy, respect for human rights and fundamental freedoms, and the rule of law (Article 6 of the Treaty on European Union).

Parliament's international contacts shall be governed by the principles of public international law.

Parliament's international contacts shall be aimed at fostering, wherever possible and appropriate, the parliamentary dimension of international relations.

(Article 3, principles governing delegation activities adopted by the Conference of Presidents on 29 October 2015)

Cineálacha toscaireachtaí

Bíonn toscaireachtaí Pharlaimint na hEorpa ar fad ag plé le parlaiminteoirí i dtíortha, i réigiúin agus in eagraíochtaí eile. Ach bíonn an chaoi agus an áit a mbuaileann siad le chéile ag brath ar an gcineál toscaireachta.

Na tionóil pharlaiminteacha

Bíonn grúpa toscaireachtaí amháin rannpháirteach i 'dtionóil pharlaiminteacha' - cruinnithe foirmiúla rialta ina dtagann ionadaithe tofa ó roinnt parlaimintí le chéile. Níl i dtoscaireacht Pharlaimint na hEorpa ach ceann amháin de roinnt toscaireachtaí éagsúla a bhíonn i láthair ag na cruinnithe sin.

Is iondúil gurb í toscaireacht Pharlaimint na hEorpa an toscaireacht aonair is mó sa tionól agus gurb ionann líon na FPEnna (Feisirí de Pharlaimint na hEorpa) agus thart ar leath de líon iomlán na dtoscairí atá i láthair. Anois is arís, is mionlach ionadaithe Pharlaimint na hEorpa de líon iomlán na dtoscairí.

Faoi láthair, tá 5 thoscaireacht de 44 thoscaireacht Pharlaimint na hEorpa rannpháirteach i dtionóil pharlaiminteacha. Is samplaí iad an Toscaireacht chun Thionól Parlaiminteach ECAT (Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh), arb é DNAT an leagan giorraithe de, agus an Toscaireacht chun Thionól Parlaiminteach Eora-Mheiriceá Laidinigh (DLAT).

Na coistí idirpharlaiminteacha

Buaileann toscaireachtaí Pharlaimint na hEorpa chun na 'gcoistí' idirpharlaiminteacha lena gcontrapháirteanna i gcruinnithe foirmiúla rialta. Is coistí déthaobhacha an chuid is mó de na coistí idirpharlaiminteacha sin: is é a bhíonn iontu ná Parlaimint na hEorpa agus toscaireacht amháin eile, ó thír aonair go hiondúil.

Féadfar 'Coistí Parlaiminteacha Comhlachais', 'Coistí um Chomhar Parlaiminteach', 'Comhchoistí Parlaiminteacha' nó 'Coistí Parlaiminteacha Cobhsaíochta agus Comhlachais' a thabhairt ar choistí idirpharlaiminteacha, ag brath ar roinnt tosca.

Le comhaontuithe déthaobhacha idir AE agus an comhpháirtí a bunaíodh na coistí sin ar fad. Cloítear le 'rialacha nós imeachta' dochta sna cruinnithe.

Tá 15 thoscaireacht ag Parlaimint na hEorpa faoi láthair atá rannpháirteach i 23 choiste parlaiminteach. Is samplaí iad an Toscaireacht chun Chomhchoiste Parlaiminteach AE-Mheicsiceo (D-MX) agus an Toscaireacht chun Choiste Parlaiminteach Comhlachais AE-na hÚcráine (D-UA).

Na toscaireachtaí idirpharlaiminteacha eile

Díríonn an grúpa is mó toscaireachtaí ar an 'gcaidreamh le' tír eile, nó uaireanta le grúpa tíortha.

Buaileann na toscaireachtaí sin lena gcomhreachtóirí i 'ngnáthchruinnithe idirpharlaiminteacha'. Bíonn minicíocht na gcruinnithe sin ag brath ar sceidil an dá chomhpháirtí agus iad a bheith ar fáil. Níl a gcuid rialacha féin ag na cruinnithe sin, cé go gcloíonn siad leis na 'forálacha' ginearálta maidir le toscaireachtaí a bhunaigh Parlaimint na hEorpa.

Tagann an chuid is mó de thoscaireachtaí Pharlaimint na hEorpa - 25 thoscaireacht as 44 thoscaireacht san iomlán - faoin gcatagóir toscaireachtaí idirpharlaiminteacha sin. Dhá shampla is ea an Toscaireacht don chaidreamh leis an tSeapáin (D-JP) agus an Toscaireacht don chaidreamh le Ceanada (D-CA).

Comhdháil Chathaoirligh na dToscaireachtaí

Is comhlacht polaitiúil í Comhdháil Chathaoirligh na dToscaireachtaí i bParlaimint na hEorpa a chomhordaíonn obair 44 bhuantoscaireacht na Parlaiminte.

Cinntíonn an Chomhdháil go n-oibríonn na toscaireachtaí go héifeachtúil agus i gcomhar le struchtúir eile na Parlaiminte. Trí na cruinnithe rialta a bhíonn aici cuirtear fóram ar fáil chun na saincheisteanna céanna agus na dúshláin chéanna atá ag dó na geirbe ag na toscaireachtaí a phlé.

Comhdhéanamh agus Cathaoirleach

Is iad comhaltaí na Comhdhála cathaoirligh 44 thoscaireacht na Parlaiminte agus cathaoirligh na 3 choiste a oibríonn ar an gcaidreamh idirnáisiúnta.

Toghtar duine de na 44 chathaoirleach sa ghrúpa ina Chathaoirleach ar an gComhdháil. Bíonn an post ag an duine sin ar feadh téarma dhá bhliain go leith, nó leath de théarma reachtach cúig bliana Pharlaimint na hEorpa.

Is í Inés Ayala Sender Cathaoirleach Chomhdháil Chathaoirligh na dToscaireachtaí faoi láthair. Tiocfaidh deireadh lena téarma siúd ag deireadh ochtú téarma na Parlaiminte in 2019.

Is Feisire de chuid na Spáinne í Ayala Sender atá ina comhalta den Ghrúpa d'Aontas Forchéimnitheach na Sóisialaithe agus na nDaonlathaithe agus tá sí ina Cathaoirleach freisin ar an Toscaireacht don chaidreamh le tíortha na Magraibe agus le hAontas na Magraibe Arabaí. Chomh maith leis sin, is comhalta í den Toscaireacht chun Thionól Parlaiminteach an Aontais don Réigiún Meánmhuirí.

Sceidealú

Is iondúil go reáchtáiltear cruinnithe de Chomhdháil Chathaoirligh na dToscaireachtaí ar an Máirt le linn sheisiúin Strasbourg. Ciallaíonn sé sin go mbíonn 12 chruinniú sa bhliain ann.

Faoi dhó sa bhliain, pleanálann an Chomhdháil féilire chruinnithe na dtoscaireachtaí don chéad sé mhí eile. Cuirtear an dréachtfhéilire faoi bhráid na gCoistí um Ghnóthaí Eachtracha, Trádáil Idirnáisiúnta agus Forbairt. Ina dhiaidh sin, cuirtear an féilire ar aghaidh chuig 'Comhdháil na nUachtarán', comhlacht Pharlaimint na hEorpa ina bhfuil Uachtarán na Parlaiminte agus Cathaoirligh na ngrúpaí polaitiúla.

Tá Comhdháil na nUachtarán freagrach as féilire na dtoscaireachtaí a fhaomhadh.

Moltaí do chomhlachtaí polaitiúla eile nó moltaí uathu

Cuireann Comhdháil Chathaoirligh na dToscaireachtaí tograí faoi obair na dtoscaireachtaí faoi bhráid Chomhdháil na nUachtarán uaireanta freisin.

Féadfaidh Comhdháil na nUachtarán agus Biúró Pharlaimint na hEorpa - comhlacht polaitiúil eile atá comhdhéanta d'uachtarán agus leas-uachtaráin na Parlaiminte - cúraimí sonracha a tharmligean chuig Comhdháil Chathaoirligh na dToscaireachtaí.

Comhar i measc toscaireachtaí agus idir toscaireachtaí agus coistí

Trí na cuir chuige agus na treoirlínte céanna a ghlacadh le haghaidh ghníomhaíochtaí na dtoscaireachtaí, cuireann Comhdháil Chathaoirligh na dToscaireachtaí dea-chleachtais chun cinn.

Chomh maith leis sin, oibríonn sí i gcomhar le 'Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí' - comhlacht polaitiúil comhthreomhar a chomhordaíonn obair na gcoistí.

Ar an gcaoi sin, fanann coistí agus toscaireachtaí na Parlaiminte comhordaithe lena chéile.

Agus neartaíonn sé sin, dá réir sin, an grinnscrúdú a dhéanann Parlaimint na hEorpa ar chaidreamh eachtrach AE.

Creat

Déantar cur síos ar Chomhdháil Chathaoirligh na dToscaireachtaí i Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte.

Sa leagan is déanaí de na Rialacha, cumhdaítear an Chomhdháil le Riail 30 leis na ceithre fhoráil seo a leanas:

1. Beidh Comhdháil Chathaoirligh na dToscaireachtaí comhdhéanta de Chathaoirligh na mbuantoscaireachtaí idirpharlaiminteacha go léir. Toghfaidh sí a Cathaoirleach féin.

2. I gcás nach bhfuil an Cathaoirleach i láthair, rachaidh an Feisire is sine atá i láthair i gceannas ar an gcruinniú.

3. Féadfaidh Comhdháil Chathaoirligh na dToscaireachtaí moltaí a chur faoi bhráid Chomhdháil na nUachtarán maidir le hobair na dtoscaireachtaí.

4. Féadfaidh an Biúró agus Comhdháil na nUachtarán a threorú do Chomhdháil Chathaoirligh na dToscaireachtaí cúraimí sonracha a chomhall.

Comhaltaí