Fógra dlíthiúil 

Séanadh

Déanann Parlaimint na hEorpa an suíomh gréasáin seo a chothabháil chun feabhas a chur ar rochtain phoiblí ar eolas a bhaineann leis an institiúid agus a cuid gníomhaíochtaí.

Tá sé mar chuspóir againn an t-eolas seo a choimeád chomh críochnúil, cruinn agus suas chun dáta agus is féidir. Má tharraingítear aird Pharlaimint na hEorpa ar earráidí, rachfar i mbun na gcéimeanna go léir atá féideartha chun aon cheartúcháin riachtanacha a dhéanamh gan mhoill. Is féidir í a chur faoi dhliteanas i leith aon damáiste a d'fhéadfadh tarlú de bharr a cuid earráidí, faoi na coinníollacha a bhforáiltear dóibh san alt deireanach anseo thíos.

Is faisnéis ghinearálta í atá foilsithe ar an láithreán gréasáin seo agus níor dearadh é i gcomhair riachtanais indibhidiúla. Dá bhrí sin, ní hionann é agus comhairle ghairmiúil nó dhlíthiúil (má tá sainchomhairle uait, molaimid duit labhairt le duine cuí-cháilithe.

Ní féidir breathnú ar fhaisnéis áirithe, lena n-áirítear léirmhíniú óráidí, agus na doiciméid atá ar fáil nó tríd an suíomh seo, mar fhíor-atáirgeadh na dtéacsanna oifigiúla ná mar thuarascáil dhílis focal ar fhocal ar dhíospóireachtaí parlaiminteacha. Ní féidir ach na téacsanna oifigiúla atá foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a mheas mar théacsanna údaracha. Má bhíonn difríochtaí ann idir an leagan leictreonach agus an téacs priontáilte, níl ach an téacs priontáilte oifigiúil foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh údarach agus é sin amháin. Sa chaoi chéanna, níl ach téacs bunaidh na hóráide nó a haistriúchán athbhreithnithe údarach.

Ní féidir le Parlaimint na hEorpa a chur faoi dhliteanas i ndamáiste díreach nó indíreach a d'fhéadfadh tarlú mar thoradh ar úsáid an láithreáin seo. Tógaimid na céimeanna uile gur féidir ionas nach gcuirfidh earráidí teicniúla isteach ar chúrsaí ach go fíor-annamh. D'fhéadfadh roinnt sonraí nó faisnéise ar an láithreán seo a bheith cruthaithe nó struchtúraithe i gcomhaid nó i bhformáidí nach bhfuil saor ó earráidí. Ní féidir linn a ráthú nach gcuirfidh na fadhbanna isteach ar shlí amháin nó slí eile ar ár seirbhís sna cásanna sin. Ní ghlacann Parlaimint na hEorpa le haon fhreagracht i gcás tharchur lochtach sonraí de dheasca líonraí éagsúla an idirlín nó de dheasca neamh-chomhoiriúnachtaí de bharr brabhsálaí gréasán an úsáideora.

Ní féidir le Parlaimint na hEorpa a ráthú go bhfuil faisnéis ó fhoinsí seachtracha atá ar fáil ar an láithreán seo iontaofa ná cothrom le dáta. D'fhéadfadh an fhaisnéis ar an láithreán gréasáin seo nascadh le láithreáin sheachtracha nach bhfuil aon smacht ag seirbhísí Pharlaimint na hEorpa orthu agus nach féidir le Parlaimint na hEorpa freagracht a ghlacadh ina leith.

Níl an séanadh seo ceaptha teorainn a chur le dliteanas Pharlaimint na hEorpa de dhroim Airteagal 340 CFAE.

Cóipcheart

Cuimsíonn an láithreán gréasáin seo sonraí téacs agus ítimí ilmheán ar nós téacsanna, tarraingtí, graificí, lógónna, íocóin, íomhánna, ábhar fuaime agus físe, grianghraif, cláir agus an teicneolaíocht a bhfuil cur síos déanta uirthi atá cosanta le forálacha an dlí náisiúnta agus idirnáisiúnta a i ndáil le maoin intleachtúil.

Tá na sonraí téacsúla agus ítimí ilmheán seo mar mhaoin eisiach de chuid Pharlaimint na hEorpa agus/nó a gcuid údar agus tairbhithe. Déanann coinneálaithe an chirt maoine intleachtúla a gceart chun a n-ainm nó aon tásc eile a chur ar na hítimí a sholáthraíonn siad don suíomh gréasáin seo a tharscaoileadh.

Geallann an t-úsáideoir chun cloí leis na cearta maoine intleachtúla i seilbh ag Parlaimint na hEorpa agus tríú páirtithe gan chlaonadh i gcoinne na gceart agus na n-eisceachtaí a cheadaíonn aon fhorálacha ceangailteacha.

Mar riail ghinearálta, níl athúsáid (atáirgeadh nó úsáid) sonraí téacsúla agus ítimí ilmheán atá i seilbh an Aontais Eorpaigh (arna sainaithint leis na focail '© Aontas Eorpach, [bliain/blianta] – Foinse: Parlaimint na hEorpa' nó '© Aontas Eorpach, [bliain/blianta] – EP' ) nó tríú páirtithe (© Foinse sheachtrach, [bliain/blianta]), agus a bhfuil na cearta ag an Aontas Eorpach, údaraithe ach amháin d'úsáid phearsanta nó do craobhscaoileadh neamh-thráchtála nó tráchtála ar an gcoinníoll go ndéantar an rud iomlán a atáirgeadh agus go ndéantar an fhoinse a aithint. D'fhéadfadh sé, áfach, go mbeadh athúsáid sonraí áirithe faoi réir coinníollacha difriúla i roinnt cásanna, sa chás sin, beidh coinníollacha sonracha ag gabháil leis an ítim lena mbaineann.

Caithfidh aon atáirgeadh páirteach sonraí nó ítimí ilmheán ón láithreán gréasáin seo nasc URL na hítime iomláine nó an leathanach idirlín óna fuarthas é a lua.

Geallann an t-úsáideoir gan tásca an údair nó na foinse a scriosadh nó a athrú agus gan féachaint le dul timpeall ar na bearta teicniúla atá curtha i bhfeidhm chun doiciméid agus ítimí ilmheán a chosaint, amhail srianta priontála nó íoslódála agus clibeáil shofheicthe nó dhofheicthe. D'fhéadfadh imeachtaí sibhialta agus coiriúla a thabhairt i gcás sárú.

Tá aistriúcháin ar théacsanna nó doiciméid isteach i dteangacha nach bhfuil i measc theangacha oifigiúla na leaganacha atá ar fáil ar an láithreán gréasáin údaraithe faoi réir na coinníolla go dtabharfar aitheantas cuí in áit fheiceálach oiriúnach, agus séanadh cuí a bheith leis, agus iad a bheith aistrithe isteach sa teanga ábhartha:

'Aistrithe ón mbunleagan [sonraigh an teanga] atá foilsithe ag an Aontas Eorpach ar an láithreán gréasáin seo a leanas [sonraigh an URL]: '© Aontas Eorpach, [bliain/blianta] - Foinse Parlaimint na hEorpa'; nó '© Aontas Eorpach, [bliain/blianta] PE', glacann [Ainm an tsealbhóra ceart maoine intleachtúla ar an aistriúchán] lánfhreagracht as an aistriúchán i [sonraigh an sprioctheanga']

I gcás amhrais maidir le céannacht na sealbhóirí cirt nó maidir le coinníollacha úsáide ítime ar leith, is féidir faisnéis a iarraidh ón stiúrthóir gréasáin.

In ainneoin taighde fairsing, b'fhéidir gurb amhlaidh nach mbeidh Parlaimint na hEorpa in ann údair nó sealbhóirí cirt áirithe de dhoiciméid atá le feiceáil ar an láithreán a shainaithint. Más sealbhóir cirt dá leithéid thú nó má tá a leithéid de shealbhóirí sainaitheanta agat, nó má tá botún déanta againne, bheimis buíoch díot as an eolas sin a thabhairt don stiúrthóir gréasáin.

Trádmharcanna agus lógónna Pharlaimint na hEorpa a úsáid

Ní cheadaítear trádmharcanna europarl®, europarltv®, myeuroparl®, Parlamentarium® Pharlaimint na hEorpa agus lógónna Pharlaimint na hEorpa a úsáid gan réamhthoiliú Pharlaimint na hEorpa a fháil.