Príobháideachas um chosaint sonraí 

Chun a dhualgais i leith shaoránaigh na hEorpa a chomhlíonadh, féadfaimid faisnéis phearsanta (“sonraí pearsanta”) a bhailiú, ar faisnéis í a bhailítear agus a láimhseáiltear agus Rialachán (AE) 2018/1725, “an Rialachán” á chomhlíonadh go hiomlán.

Cad í an reachtaíocht ábhartha?

Rinneadh Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 le maidir le cosaint daoine nádúrtha i dtaca le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 21 Samhain 2018 agus tháinig sé i bhfeidhm an 11 Nollaig 2018.

An Cinneadh ó Bhiúró Pharlaimint na hEorpa an 17 Meitheamh 2019 lena nglactar na rialacha chur chun feidhme a bhaineann le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáill ag Institiúidí, Comhlachtaí, Oifigí agus Gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE

Cad a chiallaíonn sonraí pearsanta?

Ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó inaitheanta (“ábhar sonraí”). Is é is duine inaitheanta ann duine is féidir a aithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d’aitheantóir mar ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó do thoisc amháin nó níos mó a bhaineann go sonrach lena fhéiniúlacht fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta.

An mbailímid do chuid sonraí pearsanta?

Bailíonn suíomhanna gréasáin Pharlaimint na hEorpa roinnt sonraí pearsanta. Tá cuid acu éigeantach, mar gheall ar na teicneolaíochtaí atá taobh thiar den Idirlíon, tá cuid acu riachtanach chun go bhfeidhmeoidh ár suíomhanna gréasáin i gceart, roinneann tú roinnt díobh ar bhonn deonach trí bhíthin ár meirge toilithe nó foirmeacha tiomnaithe. Ní iarrtar ach ar chúpla leathanach ort sonraí pearsanta a iontráil chun seirbhísí ar leith a sholáthar nó chun iarratais thiomnaithe a fhreagairt. I gcásanna den sórt sin cuireann ráiteas príobháideachais thiomnaithe ar an eolas i gcónaí thú faoi, inter alia, an aidhm atá le do shonraí pearsanta a phróiseáil, an bonn dlí, na catagóirí sonraí a bhailítear, agus go príomha faoi do chearta agus faoi na daoine lena ndéanfar teagmháil má theastaíonn uait na cearta sin a fheidhmiú. Mar shampla, tá táb teagmhála ar an leathanach  Aonaid um Fhiosrúcháin ó Shaoránaigh (Ask EP) , a dhéanann foirm ar líne a ghníomhachtú. Ar an bhfoirm sin, iarrtar ort, ar a laghad, do shloinne, do chéadainm, do thír chónaithe agus do sheoladh ríomhphoist a chur in iúl, agus, b’fhéidir, d’inscne, do sheoladh, d’aois, do ghairm agus do náisiúntacht. Nuair a sheoltar í, cuirtear an fhoirm ar aghaidh trí ríomhphost chuig an roinn chuí ionas gur féidir léi freastal ar do chuid riachtanas ar an mbealach is fearr is féidir

Áirithíonn Parlaimint na hEorpa nach ndéantar na sonraí a bhailítear a phróiseáil ach chun na gcríoch atá beartaithe agus a luaitear go soiléir, agus nach ndéantar iad a athúsáid chun aon chríche eile.

Ní choimeádtar faisnéis phearsanta ach don tréimhse ama is gá chun na sonraí a phróiseáil. Beidh faisnéis mhionsonraithe faoin tréimhse choinneála san áireamh i gcónaí sa bheartas príobháideachais a bhaineann leis an ngníomhaíocht phróiseála atá i gceist. Féadfar roinnt sonraí a choinneáil ar feadh tréimhse níos faide ar chúiseanna stairiúla, staidrimh nó slándála, gan dochar d’aon fhoráil eile den Rialachán.

An roinnimid do chuid sonraí pearsanta?

Ní nochtaimid faisnéis phearsanta do thríú páirtithe ach amháin nuair atá sí riachtanach chun na gcríoch a shonraítear agus do chatagóirí na bhfaighteoirí a sainaithníodh. Ní nochtaimid aon sonraí pearsanta chun críocha margaíochta dírí agus geallaimid bearta slándála iomchuí a dhéanamh chun na sonraí sin a chosaint ar mhí-úsáid ag tríú páirtithe.

Féadfaidh suíomhanna gréasáin Pharlaimint na hEorpa naisc a sholáthar chuig suíomhanna eile gréasáin. Ós rud é nach bhfuil aon smacht ag Parlaimint na hEorpa ar na suíomhanna sin, molaimid duit athbhreithniú a dhéanamh ar a gcuid beartas príobháideachais féin.

Cad iad na cearta atá agat?

Tá sé de cheart ag gach saoránach rochtain a fháil ar na sonraí pearsanta atá i seilbh Pharlaimint na hEorpa fúthu agus a cheartú nó a scriosadh, nó srian a chur ar phróiseáil nó, i gcás inarb infheidhme, an ceart agóid a dhéanamh i gcoinne próiseála nó an ceart chun iniomparthachta sonraí. I gcás ina bhfuil an phróiseáil bunaithe ar a dtoiliú nó ar a dtoiliú sainráite, tá sé de cheart acu a dtoiliú a tharraingt siar aon tráth, gan difear a dhéanamh do dhlíthiúlacht na próiseála bunaithe ar thoiliú sula dtarraingítear siar é.

Maidir le haon iarraidh a bhaineann le do shonraí pearsanta a phróiseáil, iarraimid ort teagmháil a dhéanamh leis an rialtóir atá freagrach (mar a shainaithnítear sa bheartas príobháideachais a bhaineann leis an ngníomhaíocht phróiseála shonrach) nó le hOifigeach Cosanta Sonraí Pharlaimint na hEorpa (OCS).

Tá sé de cheart agat freisin gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí (MECS), arb é an t-údarás cosanta sonraí é d’institiúidí, do chomhlachtaí agus do ghníomhaireachtaí uile an Aontais Eorpaigh Ceann de na cúraimí atá air ná gearáin a láimhseáil agus fiosrúcháin a dhéanamh. 

Oifigeach Cosanta Sonraí Pharlaimint na hEorpa (OCS).

Tá Oifigeach Cosanta Sonraí Pharlaimint na hEorpa freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin laistigh den institiúid.

Clúdaíonn an Rialachán seo aon seirbhís de chuid Pharlaimint na hEorpa a úsáideann faisnéis lena sainaithnítear daoine aonair agus éilítear uirthi Oifigeach Cosanta Sonraí Pharlaimint na hEorpa a chur ar an eolas faoi aon oibríocht ina ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil (bailiú, comhairliúchán, cur ar aghaidh, eagrú, etc.)

Déantar cur síos ar na hoibríochtaí sin i dtaifid thiomnaithe atá stóráilte sa “Chlár um Chosaint Sonraí ar Thaifid oibríochtaí próiseála sonraí i bParlaimint na hEorpa”, atá ar fáil go poiblí ar an idirlíon. Féadfaidh aon saoránach na taifid sin a rochtain agus féachaint orthu leo sa teanga inar iontráladh an fhaisnéis. Féadfaidh aon duine lena mbaineann na cearta a thugtar leis an Rialachán a fheidhmiú bunaithe ar an bhfaisnéis atá sna taifid sin.

An Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí (MECS)

Is é an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí (MECS) an t-údarás cosanta sonraí d’institiúidí, do chomhlachtaí agus do ghníomhaireachtaí uile an Aontais Eorpaigh.

Ceann de na cúraimí atá air ná gearáin a láimhseáil agus fiosrúcháin a dhéanamh. Cuirfidh an Maoirseoir Cosanta Sonraí fáilte roimh do ghearán agus é a phróiseáil.

Contact: