Leabhair Dhuais Sakharov

Íoslódáil leabhair faoi Dhuais Sakharov, lena n-áirítear leabhar grianghraf chun comóradh 30 bliain a dhéanamh, ina bhfuil grianghraif ón ngníomhaireacht cháiliúil Magnum Photos agus téacsanna leis an scríbhneoir agus iriseoir Francach Éric Fottorino.


Ó 2013 go 2016 d'fhoilsigh Parlaimint na hEorpa leabhair de bhuaiteoirí Dhuais Sakharov. In 2015 agus 2016 sna leabhair sin bhí léaráidí le hAli Ferzat, cartúnaí Siriach agus duine de bhuaiteoirí Dhuais Sakharov 2011.


In 2018, tráth chomóradh 30 bliain Dhuais Sakharov, d'fhoilsigh Parlaimint na hEorpa agus Magnum Photos "Cosnaíonn siad ár saoirsí", aistear tumthach i saol laethúil cheathrar comhaltaí Sakharov atá ag troid ar son chearta an duine sa Chambóid, sa Túinéis, san Aetóip agus sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin.

Athraigh an teanga chun rochtain a fháil ar leabhair i ngach teanga oifigiúil AE.