Oslobodjenje - 1993, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

Chuaigh iriseoirí an nuachtáin Oslobođenje i Sairéavó i mbaol a mbáis agus iad ag troid chun aontacht agus éagsúlacht eitneach a dtíre a choimeád le linn an chogaidh san iar-Iúgslaiv.

Ciallaíonn Oslobođenje, ainm an nuachtáin laethúil Boisniach 'saoradh'. Bhí sé ina chóras teachtaireachta do na daoine a bhí gafa i léigear Sairéavó idir 1992 agus 1996, le linn an chogaidh san iar-Iúgslaiv. Le linn na coinbhleachta, d'éirigh leo é a chur i gcló gach uile lá ach amháin aon lá amháin.

Bhí idir Bhoisniaigh, Sheirbiaigh ón mBoisnia agus Chrótaigh ón mBoisnia fostaithe ag Oslobođenje. Níor fhág duine ar bith acu an nuachtán nuair a cuireadh tús leis an gcogadh, cé go raibh an rogha acu sin é a dhéanamh. D'fhan siad agus throid siad chun aontacht agus éagsúlacht eitneach a gcathrach agus a dtíre a chothabháil. Chruthaigh siad gurbh fhéidir le Seirbiaigh, Crótaigh agus Moslamaigh maireachtáil le chéile faoi shíocháin.

Faoi dheireadh an chogaidh maraíodh cúigear den 75 iriseoir chróga a chuir a saol i mbaol ar bhonn laethúil agus goineadh 25 acu. D'fhulaing gach duine acu tragóid phearsanta, lena n-áirítear bás na ndaoine ab ansa leo. Scriosadh oifigí Oslobođenje, a bhí suite i gceann de na láithreacha cogaidh ba chontúirtí i Sairéavó. Bhog foireann an nuachtáin isteach i bhfothain buamaí, áit ar sheiftigh siad gineadóirí cumhachta as sean-innill Lada agus thrasnaigh siad 'Caolsráid na Naoscairí' chun dul ar obair gach lá, cé go raibh na gunnadóirí chomh cóngarach sin go bhféadfaí iad a chloisteáil ag caint agus ag canadh.

'Bhí gach a ndearnamar dírithe ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin a choinneáil ón díothú agus ón gcríochdheighilt, nó fiú ón mbaol go nglanfaí go hiomlán den léarscáil í', a dúirt Zlatko Disdarević, duine de na heagarthóirí ag an am.

Ba shamhailchomhartha dá bhfrithbheartaíocht é a gcuid oibre laethúil d'fhoireann Oslobođenje. Dháil na hiriseoirí nuachtáin nuair a cheap na tiománaithe go raibh sé róchontúirteach, agus nuair a dódh líonra 700 both díolacháin Oslobođenje go talamh, gearradh agus seoladh mar fhacs na leathnaigh nuachta agus greamaíodh le chéile arís iad chun go bhféadfadh saoránaigh i gcathracha réabtha eile amhail Mostar iad a léamh.

D'ainmnigh World Press Review foireann Oslobođenje mar Eagarthóirí Idirnáisiúnta na Bliana sa bhliain 1993 as a gcuid 'crógachta, buanseasmhachta, agus as a gcuid díograise do phrionsabail na hiriseoireachta'. Bhuaigh siad roinnt dámhachtainí eile iriseoireachta ina dhiaidh sin.

Sa bhliain 2006 fuair dhá cheann de na gnólachtaí is mó sa chathair seilbh ar an nuachtán. Deir suíomh gréasáin Oslobođenje anois go bhfuil an eagraíocht 'tiomanta go dlúth don tsaoirse agus don cheartas i gcónaí' cé go bhfuil sí athraithe go mór.