Tuarascáil - A8-0086/2019Tuarascáil
A8-0086/2019

TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú bonn i leith éifeachtúlacht breosla agus paraiméadair riachtanacha eile agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009

22.2.2019 - (COM(2018)0296 – C8‑0190/2018 – 2018/0148(COD)) - ***I

An Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh
Rapóirtéir: Michał Boni


Nós Imeachta : 2018/0148(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A8-0086/2019
Téacsanna arna gcur síos :
A8-0086/2019
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú bonn i leith éifeachtúlacht breosla agus paraiméadair riachtanacha eile agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009

(COM(2018)0296 – C8‑0190/2018 – 2018/0148(COD))

(Gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0296),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 agus d’Airteagal 194(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra don Pharlaimint (C8‑0190/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2019[1],

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh agus don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A8-0086/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Leasú    1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3)  Is iomchuí Rialachán nua ina bhfuil leasuithe a rinneadh in 2011 agus lena modhnaítear agus lena bhfeabhsaítear cuid d’fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009 lena n-inneachar a shoiléiriú agus a thabhairt cothrom le dáta, a chur in ionad Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009, agus an dul chun cinn teicneolaíoch atá bainte amach le blianta beaga anuas ó thaobh boinn de á chur san áireamh.

(3)  Is iomchuí Rialachán nua, ina bhfuil leasuithe a rinneadh in 2011, agus lena modhnaítear agus lena bhfeabhsaítear roinnt d’fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009 lena n-inneachar a shoiléiriú agus a thabhairt cothrom le dáta, a chur in ionad Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009, agus an dul chun cinn teicneolaíoch atá bainte amach le blianta beaga anuas ó thaobh bonn á chur san áireamh. Ós ní é, áfach, gur beag athrú atá tagtha ar sholáthar agus éileamh ó thaobh éifeachtúlacht breosla de, níl aon ghá, ag an gcéim seo, le hathrú a dhéanamh ar an scála grádaithe i gcomhair éifeachtúlacht breosla. Thairis sin, ba cheart scrúdú a dhéanamh ar na cúiseanna le huireasa na forbartha sin agus ar thosca ceannaithe, amhail praghas, feidhmíocht, etc.

Leasú    2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4)  Is san earnáil iompair a ídítear aon trian d’ídiú fuinnimh an Aontais. B’iompar de bhóthar ba chúis le tuairim is 22 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa iomlána an Aontais in 2015. Mar gheall ar fhriotaíocht rollta bonn, thar aon rud eile, is iad is cúis le 5 % go 10 % d’ídiú breosla feithiclí. Dá bhrí sin, ach friotaíocht rollta na mbonn a laghdú, dhéanfaí éifeachtúlacht fuinnimh an iompair de bhóthar a mhéadú go mór, agus astaíochtaí a laghdú dá bharr sin.

(4)  Is san earnáil iompair a ídítear aon trian d’ídiú fuinnimh an Aontais. B’iompar de bhóthar ba chúis le tuairim is 22 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa iomlána an Aontais in 2015. Mar gheall ar fhriotaíocht rollta bonn, thar aon rud eile, is iad is cúis le 5 % go 10 % d’ídiú breosla feithiclí. Dá bhrí sin, ach friotaíocht rollta na mbonn a laghdú, rannchuideofaí go mór le héifeachtúlacht fuinnimh an iompair de bhóthar a mhéadú, agus le hastaíochtaí a laghdú dá bharr sin agus le dícharbónú na hearnála iompair.

Leasú    3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(4 a)  Chun dul i ngleic leis an dúshlán maidir le hastaíochtaí CO2 ó iompar de bhóthar a laghdú, is iomchuí do na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, foráil a dhéanamh do dhreasachtaí chun próiseas nua i leith boinn C1, C2 agus C3 atá éifeachtúil ó thaobh breosla de agus sábháilte a fhorbairt.

Leasú    4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5)  Tá roinnt paraiméadar idirghaolmhar ag boinn. D’fhéadfadh sé, dá bhfeabhsófaí aon pharaiméadar ar leith, amhail friotaíocht rollta, go mbeadh tionchar dochrach aige sin ar pharaiméadair eile amhail fliuchghreim, agus, ag an am céanna, d’fhéadfadh sé, trí fheabhas a chur ar fhliuchghreim, go mbeadh tionchar dochrach aige sin ar thorann seachtrach rollta. Ba cheart monaróirí bonn a spreagadh chun na paraiméadair go léir a bharrfheabhsú sa bhreis ar na caighdeáin atá bainte amach cheana féin.

(5)  Tá roinnt paraiméadar idirghaolmhar ag boinn. D’fhéadfadh sé, dá bhfeabhsófaí aon pharaiméadar ar leith, amhail friotaíocht rollta, go mbeadh tionchar dochrach aige sin ar pharaiméadair eile amhail fliuchghreim, agus, ag an am céanna, d’fhéadfadh sé, trí fheabhas a chur ar fhliuchghreim, go mbeadh tionchar dochrach aige sin ar thorann seachtrach rollta. Ba cheart monaróirí bonn a spreagadh chun na paraiméadair go léir a bharrfheabhsú sa bhreis ar na caighdeáin atá bainte amach cheana féin.

Leasú    5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 7 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(7 a)  Is é a bheidh mar thoradh ar fheabhas a chur ar lipéadú bonn go mbeidh tomhaltóirí in ann teacht ar fhaisnéis maidir le héifeachtúlacht bhreosla, sábháilteacht agus torann atá níos ábhartha agus inchomparáide, agus cinntí ceannacháin atá costéifeachtúil agus fabhrach don chomhshaol a dhéanamh agus boinn nua á gceannach acu.

Leasú    6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12)  Chun faisnéis a chur ar fáil d’úsáideoirí deiridh faoi fheidhmíocht bonn arna ndearadh go sonrach don sneachta agus don oighear, is iomchuí a éileamh ceanglais faisnéise maidir le boinn sneachta agus oighir a áireamh ar an lipéad.

(12)  Chun feabhas a chur ar an tsábháilteacht ar bhóithre i dtíortha san Aontas inar fuaire an aeráid agus chun faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí deiridh faoi fheidhmíocht bonn arna ndearadh go sonrach don sneachta agus don oighear, is iomchuí a éileamh go ndéanfaí ceanglais faisnéise maidir le boinn sneachta agus oighir a áireamh ar an lipéad. Gabhann paraiméadair shonracha le boinn sneachta agus oighir nach bhfuil inchomparáide go hiomlán le cineálacha eile bonn. Chun a áirithiú go mbeidh úsáideoirí deiridh in ann cinntí tomhaiste agus eolasacha a dhéanamh, ba cheart faisnéis maidir le greim sneachta agus greim ar an oighear agus cód mearfhreagartha (QR) a léiriú ar an lipéad. Ba cheart don Choimisiún forbairt a dhéanamh ar scála feidhmíochta i gcomhair greim sneachta agus greim ar an oighear. Ba cheart go mbeadh na scálaí sin bunaithe ar Rialachán 117 UNECE agus ar ISO 19447 don sneachta agus don oighear faoi seach. In aon chás, ba cheart an lógó ar a bhfuil sliabh trí bheann agus calóg shneachta (‘3PMSF’) a chabhair ar bhonn a chomhlíonann na luachanna íosta maidir le treoiruimhir sneachta a leagtar amach i Rialachán UNECE Uimh. 117. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart go léireofaí ar bhonn a chomhlíonann na luachanna íosta maidir le treoiruimhir oighir a leagtar amach in ISO 19447 an lógó don bhonn oighir arna chomhaontú faoin gcaighdeán sin.

Leasú    7

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13)  Is foinse shuntasach micreaphlaisteach, a dhéanann dochar don chomhshaol, é scríobadh bonn le linn a n-úsáide, agus mar sin luaitear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal A European Strategy for Plastics in a Circular Economy [Straitéis Eorpach maidir le hÁbhar Plaisteach i nGeilleagar Ciorclach] an gá aghaidh a thabhairt ar scaoileadh neamhbheartaithe micreaphlaisteach ó bhoinn, inter alia, trí bhíthin bearta faisnéise amhail lipéadú agus ceanglais íosta i dtaca le boinn. Níl modh iomchuí tástála ar fáil faoi láthair, áfach, le scríobadh bonn a thomhas. Mar sin de, ba cheart don Choimisiún sainordú a thabhairt modh den chineál sin a fhorbairt, agus caighdeáin nó rialacháin úrscothach arna bhforbairt nó arna moladh go hidirnáisiúnta á gcur san áireamh go hiomlán, d’fhonn modh iomchuí tástála a bhunú a luaithe agus is féidir.

(13)  Is foinse shuntasach micreaphlaisteach, a dhéanann dochar don chomhshaol, é scríobadh bonn le linn a n-úsáide. Mar sin de, sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal A European Strategy for Plastics in a Circular Economy [Straitéis Eorpach maidir le hÁbhar Plaisteach i nGeilleagar Ciorclach], luaitear an gá atá le haghaidh a thabhairt ar scaoileadh neamhbheartaithe micreaphlaisteach ó bhoinn, inter alia, trí bhíthin bearta faisnéise amhail lipéadú agus ceanglais íosta i dtaca le boinn. Dá bhrí sin, is é a bheadh mar thoradh ar chur i bhfeidhm ceanglas lipéadaithe a mhéid a bhaineann le ráta scríobtha bonn go mbeadh tairbhí suntasacha ann do shláinte an duine agus don chomhshaol. Mar sin de, ba cheart don Choimisiún sainordú a thabhairt modh den chineál sin a fhorbairt, agus caighdeáin nó rialacháin úrscothach arna bhforbairt nó arna moladh go hidirnáisiúnta mar aon leis an toradh ar thaighde tionsclaíoch á gcur san áireamh go hiomlán, d’fhonn modh iomchuí tástála a bhunú a luaithe agus is féidir.

__________________

__________________

16 COM(2018)0028

16 COM(2018)0028

Leasú    8

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 15

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15)  Maidir leis an lipéad fuinnimh de bhun Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena rangaítear ídiú fuinnimh táirgí ar scála ó ‘A’ go ‘G’, aithníonn níos mó ná 85 % de thomhaltóirí an Aontais é agus léiríodh go bhfuil sé éifeachtach ó thaobh táirgí níos éifeachtúla a chur chun cinn. Ba cheart leanúint ar aghaidh ag úsáid an dearaidh chéanna don lipéad fuinnimh a mhéid is féidir, agus sainiúlachtaí na bparaiméadar bonn á n-aithint ag an am céanna.

(15)  Maidir leis an lipéad fuinnimh de bhun Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle17, lena rangaítear ídiú fuinnimh táirgí ar scála ó ‘A’ go ‘G’, aithníonn níos mó ná 85 % de thomhaltóirí an Aontais é mar uirlis faisnéise atá soiléir agus trédhearcach agus léiríodh go bhfuil sé éifeachtach ó thaobh táirgí níos éifeachtúla a chur chun cinn. Ba cheart leanúint ar aghaidh ag úsáid an dearaidh chéanna don lipéad fuinnimh a mhéid is féidir, agus sainiúlachtaí na bparaiméadar bonn á n-aithint ag an am céanna.

__________________

__________________

17 Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE (IO L 198, 28.7.2017, lch. 1).

17 Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE (IO L 198, 28.7.2017, lch. 1).

Leasú    9

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 16

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16)  Maidir le faisnéis inchomparáide faoi pharaiméadair bhonn a sholáthar i bhfoirm lipéad caighdeánach, is dóigh go rachaidh sé sin i gcion ar na roghanna ceannacháin a dhéanfaidh úsáideoirí deiridh i bhfabhar bonn atá níos sábháilte, níos ciúine agus níos éifeachtúla ó thaobh breosla de. Is dóigh, dá bharr sin, go spreagfaí monaróirí bonn chun na paraiméadair sin a bharrfheabhsú, rud a réiteodh an bealach d’ídiú agus do tháirgeadh a bheadh níos inbhuanaithe.

(16)  Maidir le faisnéis inchomparáide faoi pharaiméadair bhonn a sholáthar i bhfoirm lipéad caighdeánach, is dóigh go mbeidh tionchar aige sin ar na roghanna ceannacháin a dhéanfaidh úsáideoirí deiridh i bhfabhar bonn atá níos sábháilte, níos inbhuanaithe, níos ciúine agus níos éifeachtúla ó thaobh breosla de. Is dóigh, dá bharr sin, go spreagfaí monaróirí bonn chun na paraiméadair sin a bharrfheabhsú, rud a réiteodh an bealach d’ídiú agus do tháirgeadh a bheadh níos inbhuanaithe.

Leasú    10

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 22

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(22)  Ba cheart faisnéis a sholáthar do na húsáideoirí ionchasacha deiridh ar faisnéis í lena míneofaí gach comhpháirt ar leith den lipéad agus tábhacht gach comhpháirte. Ba cheart an fhaisnéis sin a sholáthar san ábhar fógraíochta teicniúil, mar shampla ar shuíomhanna gréasáin na soláthraithe.

(22)  Ba cheart faisnéis a sholáthar do na húsáideoirí ionchasacha deiridh ar faisnéis í lena míneofaí gach comhpháirt ar leith den lipéad agus tábhacht gach comhpháirte. Ba cheart an fhaisnéis sin a sholáthar san ábhar fógraíochta teicniúil, mar shampla ar shuíomhanna gréasáin na soláthraithe. Níor cheart go dtuigfí as ábhar teicniúil cur chun cinn go n-áirítear air fógráin trí bhíthin cláir fógraí, nuachtán, irisí, ná trí chraoltóireacht raidió nó teilifíse.

Leasú    11

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 24

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(24)  Chun cothrom iomaíochta do chách a áirithiú laistigh den Aontas, tá sé riachtanach go gcomhlíonfadh na soláthraithe agus na dáileoirí na forálacha a bhaineann le lipéadú bonn. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar an gcomhlíonadh sin trí fhaireachas margaidh agus rialuithe ex-post rialta, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle20.

(24)  Chun cothrom iomaíochta do chách a áirithiú laistigh den Aontas, tá sé riachtanach go gcomhlíonfadh na soláthraithe agus na dáileoirí na forálacha a bhaineann le lipéadú bonn. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar an gcomhlíonadh sin trí fhaireachas margaidh agus rialuithe ex-post rialta, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle20, agus foráil a dhéanamh freisin do phionóis i gcás lipéadú bréagach.

__________________

__________________

20 Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L218, 13.8.2008, lch. 30).

20 Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L218, 13.8.2008, lch. 30).

Leasú    12

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 30

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(30)  Chun ábhar agus formáid an lipéid a leasú, ceanglais a thabhairt isteach i dtaca le boinn atráchta, scríobadh agus míleáiste, agus na hIarscríbhinní a chur in oiriúint don dul chun cinn teicniúil, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, an 13 Aibreán 201621. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann a áirithiú in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na doiciméid uile a fháil ag an am céanna le saineolaithe na mBallstát, agus ba cheart rochtain chórasach a bheith ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe de ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(30)  Chun ábhar agus formáid an lipéid a leasú, ceanglais a thabhairt isteach i dtaca le boinn atráchta, boinn sneachta nó oighir, scríobadh agus míleáiste, agus na hIarscríbhinní a chur in oiriúint don dul chun cinn teicniúil, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr21. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann a áirithiú in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na doiciméid uile a fháil ag an am céanna le saineolaithe na mBallstát, agus ba cheart rochtain chórasach a bheith ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe de ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

__________________

__________________

21 IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

21 IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

Leasú    13

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 30 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(30 a)  An túisce a bheidh modh oiriúnach tástála ar fáil, beidh sonraí ar mhíleáiste agus ar scríobadh bonn ina n-uirlis thairbheach lena gcuirfear tomhaltóirí ar an eolas faoi mharthanacht agus shaolré a mboinn cheannaithe agus faoi scaoileadh neamhbheartaithe micreaphlaisteach uaidh. Ach faisnéis faoi mhíleáiste a bheith acu, bheadh tomhaltóirí in ann cinneadh eolasach a dhéanamh a mhéid a bhaineann le boinn lena ngabhann saolré níos faide, ní a bheadh ina chuidiú leis an gcomhshaol a chosaint agus, ag an am céanna, a d’fhágfadh go mbeidís in ann meastachán a dhéanamh ar chostais oibriúcháin na mbonn thar thréimhse níos sia. Dá bhrí sin, ba cheart sonraí maidir le míleáiste agus le feidhmíocht scríobtha a chur ar an lipéad nuair a thiocfaidh modh tástála ábhartha, fónta agus inatáirgthe chun bheith ar fáil i gcomhair chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart go leanfaí den taighde ar theicneolaíochtaí nua sa réimse sin, agus dá bhforbairt. B’ionann léiriú ar mhíleáiste agus ar scríobadh bonn agus athrú bunúsach ar an lipéad agus ba cheart, dá bhrí sin, an t-athrú sin a dhéanamh sa chéad athbhreithniú eile ar an Rialachán seo.

Leasú    14

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 32

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(32)  Chun muinín sa lipéad a neartú agus lena chruinneas a áirithiú, ba cheart an deimhniú a thugann soláthraithe ar an lipéad maidir leis na luacha a bhaineann le friotaíocht rollta, fliuchghreim agus torann, ba cheart an deimhniú sin a bheith faoi réir an phróisis cineálcheadaithe faoi Rialachán (CE) Uimh 661/2009.

(32)  Chun muinín sa lipéad a neartú agus lena chruinneas a áirithiú, ba cheart an deimhniú a thugann soláthraithe ar an lipéad maidir leis na luacha a bhaineann le friotaíocht rollta, fliuchghreim, greim sneachta agus torann, ba cheart an deimhniú sin a bheith faoi réir an phróisis cineálcheadaithe faoi Rialachán (CE) Uimh 661/2009.

Leasú    15

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 32 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(32 a)  Ba cheart gurb ionann méid an lipéid i gcónaí agus an méid sin a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009. Ba cheart sonraí maidir le greim sneachta nó greim ar an oighear agus an cód mearfhreagartha (QR) a bheith san áireamh ar an lipéad.

Leasú    16

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Is é is aidhm don Rialachán seo sábháilteacht, cosaint na sláinte agus éifeachtúlacht eacnamaíoch agus éifeachtúlacht chomhshaoil iompair de bhóthar a mhéadú trí bhoinn a chur chun cinn atá éifeachtúil ó thaobh breosla de, atá sábháilte agus ag a bhfuil leibhéil ísle torainn.

1.  Is é is aidhm don Rialachán seo cur chun cinn a dhéanamh ar bhoinn atá sábháilte agus inbhuanaithe agus lena ngabhann leibhéil ísle torainn agus a d’fhéadfadh cuidiú leis an tionchar ar an gcomhshaol agus ar an tsláinte a íoslaghdú agus feabhas a chur ag an am céanna ar shábháilteacht agus éifeachtúlacht eacnamaíoch an iompair de bhóthar.

Leasú    17

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le boinn C1, boinn C2 agus boinn C3.

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le boinn C1, boinn C2 agus boinn C3 a chuirfear ar an margadh.

Leasú    18

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 19

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(19)  ciallaíonn ‘paraiméadar’ paraiméadar boinn mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I amhail friotaíocht rollta, fliuchghreim, torann seachtrach rollta, sneachta, oighear, míleáiste nó scríobadh, ar paraiméadar é a bhfuil tionchar mór aige ar an gcomhshaol, ar shábháilteacht ar bhóithre nó ar an tsláinte le linn an bonn a úsáid;

(19)  ciallaíonn ‘paraiméadar’ paraiméadar boinn mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I, amhail friotaíocht rollta, fliuchghreim, torann seachtrach rollta, sneachta oighear, míleáiste nó scríobadh, ar paraiméadar é a bhfuil tionchar suntasach aige ar an gcomhshaol, ar shábháilteacht ar bhóithre nó ar an tsláinte le linn an bonn a úsáid;

Leasú    19

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Áiritheoidh soláthraithe go bhfuil an méid seo a leanas ag gabháil le boinn C1, boinn C2 agus boinn C3 a chuirfear ar an margadh:

1.  Áiritheoidh soláthraithe go mbeidh an méid seo a leanas ag gabháil, saor in aisce, le boinn C1, boinn C2 agus boinn C3 a chuirfear ar an margadh:

Leasú    20

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)  maidir le gach bonn aonair, lipéad a chomhlíonann Iarscríbhinn II i bhfoirm greamáin, lena gcuirfear in iúl faisnéis agus aicme gach ceann de na paraiméadair a leagtar amach in Iarscríbhinn I, agus bileog faisnéise faoin táirge mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV;

(a)  maidir le gach bonn aonair, lipéad a chomhlíonann Iarscríbhinn II i bhfoirm greamáin, lena gcuirfear in iúl faisnéis agus aicme gach ceann de na paraiméadair a leagtar amach in Iarscríbhinn I, agus bileog faisnéise faoin táirge mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV;

Leasú    21

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  I dtaca le boinn a dhíoltar ar an idirlíon, áiritheoidh soláthraithe go mbeidh an lipéad ar taispeáint i ngaireacht don phraghas agus gur féidir teacht ar an mbileog faisnéise faoin táirge.

2.  I dtaca le boinn a fhógraítear nó a dhíoltar ar an idirlíon, déanfaidh soláthraithe an lipéad a chur ar fáil agus áiritheoidh siad, nuair a dhéantar ceannach, go mbeidh an lipéad ar taispeáint go soiléir i ngaireacht don phraghas agus gur féidir teacht ar an mbileog faisnéise faoin táirge. Féadfar an lipéad a thaispeáint trí fheidhm a bhaint as íomhá neadaithe, tar éis cliceáil luiche, ainliú luiche, méadú tadhlach ar an scáileán nó trí fheidhm a bhaint as teicnící comhchosúla.

Leasú    22

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  Áiritheoidh soláthraithe go mbeidh an lipéad ar taispeáint in aon fhógra amhairc le haghaidh cineál boinn faoi leith, lena n-áirítear fógraí ar an idirlíon.

scriosta

Leasú    23

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.  Áiritheoidh soláthraithe go mbeidh ceanglais Iarscríbhinn V á gcomhlíonadh ag aon ábhar fógraíochta teicniúil a bhaineann le cineál boinn faoi leith, lena n-áirítear ábhar fógraíochta teicniúil ar an idirlíon.

4.  Áiritheoidh soláthraithe go mbeidh an lipéad ar aon ábhar fógraíochta teicniúil a bhaineann le cineál boinn faoi leith, lena n-áirítear ábhar fógraíochta teicniúil ar an idirlíon, agus go mbeidh ceanglais Iarscríbhinn V á gcomhlíonadh aige.

Leasú    24

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.  Áiritheoidh soláthraithe go mbeidh na luachanna, na haicmí gaolmhara agus aon fhaisnéis bhreise faoi fheidhmíocht a dhearbhaíonn siad ar an lipéad le haghaidh na bparaiméadar riachtanach a leagtar amach in Iarscríbhinn I curtha tríd an bpróiseas cineálcheadaithe faoi Rialachán (CE) Uimh 661/2009.

5.  Maidir leis na luachanna, leis na haicmí gaolmhara, leis an aitheantóir múnla agus le haon fhaisnéis bhreise faoi fheidhmíocht a dhearbhóidh siad ar an lipéad le haghaidh na bparaiméadar riachtanach a leagtar amach in Iarscríbhinn I, mar aon leis na paraiméadair i dtaca le doiciméadacht theicniúil a leagtar amach in Iarscríbhinn 3, áiritheoidh soláthraithe go mbeidh siad soláthartha do na húdaráis Chineálcheadaithe sula ndéanfar bonn a chur ar an margadh. Admhóidh an tÚdarás Cineálcheadaithe go bhfuarthas na doiciméid ón soláthróir agus fíoróidh sé iad.

Leasú    25

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7.  Cuirfidh soláthraithe doiciméid theicniúla ar fáil d’údaráis na mBallstát, má iarrtar sin, i gcomhréir le hIarscríbhinn III.

7.  Cuirfidh soláthraithe doiciméid theicniúla ar fáil d’údaráis na mBallstát nó d’aon tríú páirtí creidiúnaithe, má iarrtar sin, i gcomhréir le hIarscríbhinn III.

Leasú    26

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)  go mbeidh lipéad ar bhoinn ag an bpointe díola, i gcomhréir le hIarscríbhinn II, i bhfoirm greamán arna sholáthar ag na soláthraithe i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 4(1) agus go mbeidh an greamán sin in áit ina bhfuil sé le feiceáil go soiléir;

(a)  go mbeidh lipéad ar bhoinn ag an bpointe díola, i gcomhréir le hIarscríbhinn II, i bhfoirm greamán arna sholáthar ag na soláthraithe i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 4(1) agus go mbeidh an greamán sin in áit ina bhfuil sé le feiceáil go soiléir;

Leasú    27

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)  sula ndíolfar bonn a bhaineann le baisc d’aon bhonn amháin nó níos mó bonn atá comhionann, go dtaispeánfar an lipéad dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 4(1) don úsáideoir deiridh agus go cuirfear ar taispeáint go soiléir é i ngaireacht don bhonn ag an bpointe díola.

(b)  sula ndíolfar bonn, ar de bhaisc d’aon bhonn amháin nó níos mó bonn atá comhionann é, go dtíolacfar an lipéad dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 4(1) don úsáideoir deiridh agus go cuirfear ar taispeáint go soiléir é i ngaireacht don bhonn ag an bpointe díola.

Leasú    28

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1 – pointe b a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(b a)  go bhfuil an lipéad greamaithe go díreach don bhonn agus go bhfuil sé inléite ina iomláine gan aon ní ina bhac ar a infheicthe atá sé.

Leasú    29

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Áiritheoidh dáileoirí go mbeidh an lipéad ar taispeáint in aon fhógra amhairc le haghaidh cineál boinn faoi leith, lena n-áirítear fógraí ar an idirlíon.

scriosta

Leasú    30

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  Áiritheoidh dáileoirí go mbeidh ceanglais Iarscríbhinn V á gcomhlíonadh ag aon ábhar fógraíochta teicniúil a bhaineann le cineál boinn faoi leith, lena n-áirítear ábhar ar an idirlíon.

3.  Áiritheoidh soláthraithe go mbeidh an lipéad ar aon ábhar fógraíochta teicniúil a bhaineann le cineál boinn faoi leith, lena n-áirítear ábhar fógraíochta teicniúil ar an idirlíon, agus go mbeidh ceanglais Iarscríbhinn V á gcomhlíonadh aige.

Leasú    31

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7.  I dtaca le boinn a dhíoltar ar an idirlíon, áiritheoidh dáileoirí go mbeidh an lipéad ar taispeáint i ngaireacht don phraghas agus gur féidir teacht ar an mbileog faisnéise faoin táirge.

7.  I dtaca le boinn a fhógraítear a dhíoltar ar an idirlíon, déanfaidh soláthraithe an lipéad a chur ar fáil agus áiritheoidh siad, nuair a dhéantar ceannach, go mbeidh an lipéad ar taispeáint go soiléir i ngaireacht don phraghas agus gur féidir teacht ar an mbileog faisnéise faoin táirge. Féadfar an lipéad a thaispeáint trí fheidhm a bhaint as íomhá neadaithe, tar éis cliceáil luiche, ainliú luiche, méadú tadhlach ar an scáileán nó trí fheidhm a bhaint as teicnící comhchosúla.

Leasú    32

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Is trí na modhanna tástála agus tomhais dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a chur i bhfeidhm, chomh maith leis an nós imeachta saotharlainne ailínithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI, a gheofar an fhaisnéis atá le soláthar faoi Airteagal 4, Airteagal 6 agus Airteagal 7 maidir leis na paraiméadair a léirítear ar an lipéad.

Is i gcomhréir leis na modhanna tástála agus tomhais dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, agus leis an nós imeachta saotharlainne ailínithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI, a gheofar an fhaisnéis atá le soláthar faoi Airteagal 4, Airteagal 6 agus Airteagal 7 maidir leis na paraiméadair a léirítear ar an lipéad.

Leasú    33

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2 a.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh na húdaráis faireachais margaidh córas iniúchtaí simplí agus ad hoc ar dhíolphointí chun críocha comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.

Leasú    34

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  Áireofar i gcláir ghinearálta um fhaireachas margaidh na mBallstát arna mbunú de bhun [Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008/Rialachán maidir le comhlíonadh agus forfheidhmiú molta faoi COM(2017)795] gníomhaíochtaí le forfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú.

3.  Áireofar i gcláir ghinearálta um fhaireachas margaidh na mBallstát arna mbunú de bhun [Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008/Rialachán maidir le comhlíonadh agus forfheidhmiú molta faoi COM(2017)795] gníomhaíochtaí chun forfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú agus déanfar iad a neartú.

Leasú    35

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 11a

 

Boinn atráchtaithe

 

Faoin ... [dhá bhliain tar éis dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí cheanglais nua faisnéise a thabhairt isteach sna hIarscríbhinní i gcomhair boinn atráchtaithe, ar choinníoll go bhfuil modh oiriúnach agus indéanta ar fáil.

Leasú    36

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 11b

 

Greim sneachta agus greim ar an oighear

 

Faoin 1 Meitheamh 2020, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí pharaiméadair agus ceanglais faisnéise a thabhairt isteach i gcomhair boinn sneachta agus boinn greama oighir, agus é mar aidhm leis sin feidhmíocht chomparáideach na mbonn agus sneachta nó oighear ann a léiriú agus na lipéid nua-athraithe a thaispeáint i siopaí agus ar líne sé mhí tar éis dháta teacht i bhfeidhm na ngníomhartha tarmligthe sin.

 

 

Leasú    37

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 1 – pointe a a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(aa)  paraiméadair agus ceanglais faisnéise a thabhairt isteach i gcomhair boinn sneachta agus boinn greama oighir;

Leasú    38

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 1 – pointe a b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ab)  modh oiriúnach tástála a thabhairt isteach chun feidhmíocht bonn sneachta agus bonn greama oighir a thomhas;

Leasú    39

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)  paraiméadair nó ceanglais faisnéise a thabhairt isteach a ghabhann leis na hIarscríbhinní go háirithe maidir le míleáiste agus le scríobadh, ar choinníoll go bhfuil modhanna iomchuí tástála ar fáil;

scriosta

Leasú    40

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Más iomchuí, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú, déanfaidh an Coimisiún dearadh agus inneachar na lipéad i gcomhair grúpaí táirgí sonracha a thástáil le grúpaí ionadaíocha de chustaiméirí an Aontais lena n-áirithiú go bhfuil na lipéid sothuigthe dóibh.

Agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú, déanfaidh an Coimisiún dearadh agus inneachar na lipéad i gcomhair bonn a thástáil le grúpaí ionadaíocha de chustaiméirí an Aontais chun a áirithiú go bhfuil na lipéid sothuigthe dóibh.

Leasú    41

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Faoin 1 Meitheamh 2026 déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

Faoin 1 Meitheamh 2022 déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo a mbeidh measúnú tionchair agus suirbhé custaiméirí mar chomhlánú léi agus déanfaidh sé tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Leis an tuarascáil, déanfar measúnú ar na ceanglais chun aicmí nua bonn, formáid nua lipéid nó paraiméadair nua bonn a thabhairt isteach, go háirithe i gcomhair míleáiste agus scríobtha, ar choinníoll go bhfuil modhanna oiriúnacha tástála ar fáil, agus beidh ag gabháil léi, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach chun an Rialachán seo a leasú.

Leasú    42

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Leis an tuarascáil sin, déanfar measúnú ar a éifeachtaí a bhí an Rialachán seo agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh dá bhun maidir le húsáideoirí deiridh a chumasú chun boinn níos ardfheidhmíochta a roghnú, lena gcuirfear san áireamh an tionchar ar ghnó, ídiú fuinnimh, sábháilteacht, astaíochtaí gás ceaptha teasa agus gníomhaíochtaí faireachais margaidh. Déanfaidh sé measúnú ar na costais agus ar na sochair a bhaineann le tríú páirtí a bheith ag fíorú na faisnéise ar bhonn neamhspleách éigeantach ar faisnéis í a thugtar sa lipéad, agus an taithí a fuarthas ar an gcreat réime níos leithne dar foráladh le Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 á cur san áireamh freisin.

Leis an tuarascáil sin, déanfar measúnú ar a éifeachtaí a bhí an Rialachán seo agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh dá bhun maidir le húsáideoirí deiridh a chumasú chun boinn níos ardfheidhmíochta a roghnú, lena gcuirfear san áireamh an tionchar ar ghnó, ídiú fuinnimh, sábháilteacht, astaíochtaí gás ceaptha teasa, gníomhaíochtaí faireachais margaidh agus feasacht na dtomhaltóirí. Déanfar measúnú inti freisin ar na costais agus na sochair a bhaineann le tríú páirtí a bheith ag fíorú na faisnéise ar bhonn neamhspleách éigeantach ar faisnéis í a thugtar sa lipéad, agus an taithí a fuarthas ar an gcreat réime níos leithne dar foráladh le Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 á cur san áireamh freisin.

Leasú    43

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh feidhm aige ón 1 Meitheamh 2020.

Beidh feidhm aige ón ... [12 mhí ó dháta teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Leasú    44

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – cuid A – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ní mór an aicme éifeachtúlachta breosla a chinneadh ar bhonn chomhéifeacht na friotaíochta rollta (RRC) de réir an scála ‘A’ go ‘G’ a shonraítear thíos agus tomhaisfear í i gcomhréir le hIarscríbhinn 6 a ghabhann le Rialachán UNECE Uimh. 117 agus leis na leasuithe iardain arna ndéanamh air agus a ailíniú de réir an nós imeachta a leagtar síos in Iarscríbhinn VI.

Déanfar an aicme éifeachtúlachta breosla a chinneadh agus a léiriú ar an lipéad ar bhonn chomhéifeacht na friotaíochta rollta (RRC) de réir an scála ‘A’ go ‘G’ a shonraítear thíos agus i gcomhréir le hIarscríbhinn 6 a ghabhann le Rialachán UNECE Uimh. 117 agus leis na leasuithe iardain arna ndéanamh air agus a ailíniú de réir an nós imeachta a leagtar síos in Iarscríbhinn VI.

Leasú    45

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – cuid A – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Ní dhéanfar aicme F i gcomhair boinn C1, C2 agus C3 a chur ar an margadh a thuilleadh i ndiaidh chur chun feidhme iomlán na forála um cheanglais chineálcheadaithe de Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 agus is i liath a léireofar ar an lipéad í.

Leasú    46

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – Cuid A – tábla

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Boinn C1

Boinn C2

Boinn C3

RRC i kg/t

Aicme éifeachtúlachta breosla

RRC i kg/t

Aicme éifeachtúlachta breosla

RRC i kg/t

Aicme éifeachtúlachta breosla

RRC ≤ 5,4

A

RRC ≤ 4,4

A

RRC ≤ 3,1

A

5,5 ≤ RRC ≤ 6,5

B

4,5 ≤ RRC ≤ 5,5

B

3,2 ≤ RRC ≤ 4,0

B

6,6 ≤ RRC ≤ 7,7

C

5,6 ≤ RRC ≤ 6,7

C

4,1 ≤ RRC ≤ 5,0

C

7,8 ≤ RRC ≤ 9,0

D

6,8 ≤ RRC≤ 8,0

D

5,1 ≤ RRC ≤ 6,0

D

9,1 ≤ RRC ≤ 10,5

E

8,1 ≤ RRC≤ 9,2

E

6,1 ≤ RRC ≤ 7,0

E

RRC ≥ 10,6

F

RRC ≥ 9,3

F

RRC ≥ 7,1

F

Leasú

Boinn C1

Boinn C2

Boinn C3

RRC i kg/t

Aicme éifeachtúlachta breosla

RRC i kg/t

Aicme éifeachtúlachta breosla

RRC i kg/t

Aicme éifeachtúlachta breosla

RRC ≤ 6,5

A

RRC ≤ 5,5

A

RRC ≤ 4,0

A

6,6 ≤ RRC ≤ 7,7

B

5,6 ≤ RRC ≤ 6,7

B

4,1 ≤ RRC ≤ 5,0

B

7,8 ≤ RRC ≤ 9,0

C

6,8 ≤ RRC ≤ 8,0

C

5,1 ≤ RRC ≤ 6,0

C

Folamh

D

Folamh

D

6,1 ≤ RRC ≤ 7,0

D

9,1 ≤ RRC ≤ 10,5

E

8,1 ≤ RRC ≤ 9,2

E

7,1 ≤ RRC ≤ 8,0

E

10,6 ≤ RRC ≤ 12,0

F

9,3 ≤ RRC ≤ 10,5

F

RRC ≥ 8,1

F

Leasú    47

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – cuid B – pointe 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Déanfar aicme fliuchghreama a chinneadh agus a léiriú ar an lipéad ar bhonn na treoiruimhreach fliuchghreama (G) de réir an scála ‘A’ go ‘G’ a shonraítear sa tábla thíos, arna ríomh i gcomhréir le pointe 2 agus arna thomhas i gcomhréir le hIarscríbhinn 5 a ghabhann le Rialachán UNECE Uimh. 117.

1.  Déanfar aicme fliuchghreama a chinneadh agus a léiriú ar an lipéad ar bhonn na treoiruimhreach fliuchghreama (G) de réir an scála ‘A’ go ‘G’ a shonraítear sa tábla thíos, arna ríomh i gcomhréir le pointe 2 agus i gcomhréir le hIarscríbhinn 5 a ghabhann le Rialachán UNECE Uimh. 117.

Leasú    48

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – cuid B – pointe 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.  Ní dhéanfar aicme F i gcomhair boinn C1, C2 agus C3 a chur ar an margadh a thuilleadh i ndiaidh chur chun feidhme iomlán na forála um cheanglais chineálcheadaithe de Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 agus is i liath a léireofar ar an lipéad í.

Leasú    49

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – cuid B – pointe 2 – tábla

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Boinn C1

Boinn C2

Boinn C3

G

Aicme fliuchghreama

G

Aicme fliuchghreama

G

Aicme fliuchghreama

1,68 ≤ G

A

1,53 ≤ G

A

1,38 ≤ G

A

1,55 ≤ G ≤ 1,67

B

1,40 ≤ G ≤ 1,52

B

1,25 ≤ G ≤ 1,37

B

1,40 ≤ G ≤ 1,54

C

1,25 ≤ G ≤ 1,39

C

1,10 ≤ G ≤ 1,24

C

1,25 ≤ G ≤ 1,39

D

1,10 ≤ G ≤ 1,24

D

0,95 ≤ G ≤ 1,09

D

1,10 ≤ G ≤ 1,24

E

0,95 ≤ G ≤ 1,09

E

0,80 ≤ G ≤ 0,94

E

G ≤ 1,09

F

G ≤ 0,94

F

0,65 ≤ G ≤ 0,79

F

Folamh

G

Folamh

G

G ≤ 0,64

G

Leasú

Boinn C1

Boinn C2

Boinn C3

G

Aicme fliuchghreama

G

Aicme fliuchghreama

G

Aicme fliuchghreama

1,55 ≤ G

A

1,40 ≤ G

A

1,25 ≤ G

A

1,40 ≤ G ≤ 1,54

B

1,25 ≤ G ≤ 1,39

B

1,10 ≤ G ≤ 1,24

B

1,25 ≤ G ≤ 1,39

C

1,10 ≤ G ≤ 1,24

C

0,95 ≤ G ≤ 1,09

C

Folamh

D

Folamh

D

0,80 ≤ G ≤ 0,94

D

1,10 ≤ G ≤ 1,24

E

0,95 ≤ G ≤ 1,09

E

0,65 ≤ G ≤ 0,79

E

G ≤ 1,09

F

G ≤ 0,94

F

G ≤ 0,64

F

Leasú    50

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – cuid C – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

C  Aicmí torainn sheachtraigh rollta agus luach tomhaiste

C  Aicmí agus luach torainn sheachtraigh rollta

Leasú    51

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – cuid C – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Déanfar luach tomhaiste an torainn sheachtraigh rollta (N) a dhearbhú i ndeicibeilí agus a ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn 3 a ghabhann le Rialachán UNECE Uimh. 117.

Déanfar luach tomhaiste an torainn sheachtraigh rollta (N) a dhearbhú i ndeicibeilí agus i gcomhréir le hIarscríbhinn 3 a ghabhann le Rialachán UNECE Uimh. 117.

Leasú    52

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – cuid C – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Déanfar aicme an torainn sheachtraigh rollta a chinneadh agus a léiriú ar an lipéad mar a leanas, ar bhonn na luachanna teorann (LV) a leagtar amach i gCuid C d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 661/2009:

Déanfar aicme an torainn sheachtraigh rollta a chinneadh agus a léiriú ar an lipéad i gcomhréir leis na luachanna teorann (LV) de Chéim 2 a leagtar amach i Rialachán Rialachán UNECE Uimh. 117.

Leasú    53

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – cuid 1 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

N i dB

N i dB

Aicme an Torainn sheachtraigh rollta

Aicme an torainn sheachtraigh rollta

 

 

N ≤ LV - 6

N ≤ LV - 3

 

 

LV - 6 < N ≤ LV-3

LV - 3 < N ≤ LV

 

 

N > LV - 3

N > LV

Leasú    54

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – cuid 5 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Déanfar an fheidhmíocht sa sneachta a thástáil i gcomhréir le hIarscríbhinn 7 a ghabhann le Rialachán UNECE Uimh. 117.

Déanfar an fheidhmíocht sa sneachta a lipéadú i gcomhréir le hIarscríbhinn 7 a ghabhann le Rialachán UNECE Uimh. 117.

Leasú    55

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – cuid 5 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Rangófar mar bhonn sneachta bonn a chomhlíonann na luachanna íosta maidir le treoiruimhir sneachta a leagtar amach i Rialachán UNECE Uimh. 117 agus áireofar an deilbhín seo a leanas ar an lipéad.

Rangófar mar bhonn sneachta bonn a chomhlíonann na luachanna íosta maidir le treoiruimhir sneachta a leagtar amach i Rialachán UNECE Uimh. 117 agus féadfar an deilbhín seo a leanas a áireamh ar an lipéad.

Leasú    56

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – cuid E – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Déanfar an fheidhmíocht ar an oighear a thástáil i gcomhréir le ISO 19447.

Déanfar an fheidhmíocht ar an oighear a lipéadú i gcomhréir le ISO 19447.

Leasú    57

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – cuid E – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Rangófar mar bhonn oighir bonn a chomhlíonann na luachanna íosta maidir le treoiruimhir oighir a leagtar amach in ISO 19447 agus áireofar an deilbhín seo a leanas ar an lipéad.

Rangófar mar bhonn oighir bonn a chomhlíonann na luachanna íosta maidir le treoiruimhir oighir a leagtar amach in ISO 19447 agus a cineálcheadaíodh de réir na feidhmíochta sneachta i Rialachán UNECE Uimh. 117 agus féadfar an deilbhín seo a leanas a áireamh ar an lipéad.

  • [1] IO C 62, 15.2.2019, lch. 280.

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Tá an tAontas tiomanta d’Aontas Fuinnimh a thógáil a mbeidh beartas aeráide forásach aige. Dlúthchuid de Chreat Beartais 2030 an Aontais don Aeráid agus don Fhuinneamh is ea an éifeachtúlacht bhreosla agus tá sí ríthábhachtach má tá an téileamh ar fhuinneamh le maolú.

A bhuí le lipéadú fuinnimh, bíonn custaiméirí in ann roghanna eolasacha a dhéanamh bunaithe ar an méid fuinnimh a ídíonn táirgí a bhaineann le fuinneamh. Le faisnéis maidir le táirgí éifeachtúla agus inbhuanaithe, cuidítear go suntasach le coigilteas fuinnimh agus le billí fuinnimh a laghdú agus, ag an am céanna, cuirtear chun cinn nuálaíocht agus infheistíochtaí chun táirgí a bheidh níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de a tháirgeadh. Má chuirtear feabhas ar éifeachtúlacht na dtáirgí a bhaineann le fuinneamh tríd an deis a thabhairt do na custaiméirí rogha eolasach a dhéanamh agus trí cheanglais ghaolmhara a chomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais, beidh tairbhe ann freisin do mhonaróirí, do thionscal agus do gheilleagar an Aontais ar an iomlán.

I mí na Samhna 2012, tugadh isteach i gcéaduair reachtaíocht lena gceanglaítear go mbíonn lipéid ar gach bonn ar a bhfuil faisnéis maidir lena n-éifeachtúlacht breosla, le fliuchghreim agus leis an méid torainn rollta a ghintear.

Is mó go mór iad boinn ná táirge fuinnimh amháin óir is gné ghníomhach sábháilteachta iad agus iad an t-aon phointe teagmhála iad idir an fheithicil agus an bóthar. Ina theannta sin, tá trádmhalartú ann idir feidhmíochtaí comhshaoil agus sábháilteacht.

Le rialachán uaillmhianach, ba cheart go ndéanfaí an ionstraim iomchuí dlí a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach, mar go bhfuil rialacha soiléire agus mionsonraithe ag gabháil leis lena gcuirtear cosc ar na Ballstáit iad a thrasuí ar shlite éagsúla, agus áirithítear leis, ar an gcaoi sin, go bhfuil leibhéal níos airde comhchuibhithe ann ar fud an Aontais. Le creat rialúcháin comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais seachas ar leibhéal na mBallstát, laghdaítear na costais ar mhonaróirí, áirithítear cothroime iomaíochta agus áirithítear saorghluaiseacht earraí ar fud an mhargaidh inmheánaigh.

Tacaíonn an Rapóirtéir go sonrach leis na gnéithe sin den togra a bhfuil sé mar aidhm leo an faireachas margaidh a neartú trí smachtbhannaí agus pionóis, trí infheictheacht an lipéid a mhéadú – go háirithe a mhéid a bhaineann le ciandíolachán – agus trí oibleagáidí níos láidre a thabhairt isteach le haghaidh na mBallstát.

Sa chomhthéacs sin, tá an Rapóirtéir den tuairim go bhféadfaí torthaí níos fearr a bhaint amach trí chur chuige níos uaillmhianaí a ghlacadh. Tá sé ag iarraidh rialacháin maidir le lipéadú a neartú trína dhéanamh éigeantach lipéid bonn a thaispeáint do thiománaithe i ngach cás agus trí fhaisnéis maidir le feidhmíocht sa sneachta agus ar an oighear a áireamh. Sula ndéanfar athscálú, ba cheart don Choimisiún staidéar ullmhúcháin iomchuí a dhéanamh.

Tá an Rapóirtéir den tuairim gur cheart go ndéanfaí, agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, dóthain ama a thabhairt do mhonaróirí an scéim intuartha a chomhlíonadh, ar féidir trína bíthin na paraiméadair a chur in oiriúint don dul chun cinn teicniúil.

TUAIRIM ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (22.11.2018)

chuig an gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh

ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú bonn i leith éifeachtúlacht breosla agus paraiméadair riachtanacha eile agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009

(COM(2018)0296 – C8‑0190/2018 – 2018/0148(COD))

Rapóirtéir don tuairim: Adina‑Ioana Vălean

LEASUITHE

Iarrann an Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia ar an gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, mar an coiste atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:

Leasú    1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5)  Tá roinnt paraiméadar idirghaolmhar ag boinn. D’fhéadfadh sé, dá bhfeabhsófaí aon pharaiméadar ar leith, amhail friotaíocht rollta, go mbeadh tionchar dochrach aige sin ar pharaiméadair eile amhail fliuchghreim, agus, ag an am céanna, d’fhéadfadh sé, trí fheabhas a chur ar fhliuchghreim, go mbeadh tionchar dochrach aige sin ar thorann seachtrach rollta. Ba cheart monaróirí bonn a spreagadh chun na paraiméadair go léir a bharrfheabhsú sa bhreis ar na caighdeáin atá bainte amach cheana féin.

(5)  Tá roinnt paraiméadar idirghaolmhar ag boinn. D’fhéadfadh sé, dá bhfeabhsófaí aon pharaiméadar ar leith, amhail friotaíocht rollta, go mbeadh tionchar dochrach aige sin ar pharaiméadair eile amhail fliuchghreim, agus, ag an am céanna, d’fhéadfadh sé, trí fheabhas a chur ar fhliuchghreim, go mbeadh tionchar dochrach aige sin ar thorann seachtrach rollta. Ba cheart monaróirí bonn a spreagadh chun na paraiméadair go léir a bharrfheabhsú sa bhreis ar na caighdeáin atá bainte amach cheana féin.

Leasú    2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13)  Is foinse shuntasach micreaphlaisteach, a dhéanann dochar don chomhshaol, é scríobadh bonn le linn a n-úsáide, agus mar sin luaitear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal A European Strategy for Plastics in a Circular Economy [Straitéis Eorpach maidir le hÁbhar Plaisteach i nGeilleagar Ciorclach] an gá aghaidh a thabhairt ar scaoileadh neamhbheartaithe micreaphlaisteach ó bhoinn, inter alia, trí bhíthin bearta faisnéise amhail lipéadú agus ceanglais íosta i dtaca le boinn. Níl modh iomchuí tástála ar fáil faoi láthair, áfach, le scríobadh bonn a thomhas. Mar sin de, ba cheart don Choimisiún sainordú a thabhairt modh den chineál sin a fhorbairt, agus caighdeáin nó rialacháin úrscothach arna bhforbairt nó arna moladh go hidirnáisiúnta á gcur san áireamh go hiomlán, d’fhonn modh iomchuí tástála a bhunú a luaithe agus is féidir.

(13)  Is foinse shuntasach micreaphlaisteach, a dhéanann dochar don chomhshaol, é scríobadh bonn le linn a n-úsáide, agus, mar sin de, luaitear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal A European Strategy for Plastics in a Circular Economy [Straitéis Eorpach maidir le hÁbhar Plaisteach i nGeilleagar Ciorclach] 16 an gá atá le haghaidh a thabhairt ar scaoileadh neamhbheartaithe micreaphlaisteach ó bhoinn, inter alia, trí bhíthin bearta faisnéise amhail lipéadú agus ceanglais íosta i dtaca le boinn. Is é a bheadh mar thoradh ar cheanglais lipéadaithe i dtaca le ráta scríobtha bonn a chur i bhfeidhm go mbeadh tairbhí suntasacha ann do shláinte an duine agus don chomhshaol. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún, a luaithe is féidir, modh oiriúnach tástála a thabhairt isteach chun scríobadh bonn a thomhas, agus caighdeáin nó rialacháin úrscothach arna bhforbairt nó arna moladh go hidirnáisiúnta á gcur san áireamh go hiomlán, d’fhonn paraiméadair agus ceanglais faisnéise i leith scríobadh bonn a thabhairt isteach roimh dháta cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

__________________

__________________

16 COM(2018) 28 final

16 COM(2018) 28 final

Leasú    3

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Is é is aidhm don Rialachán seo sábháilteacht, cosaint na sláinte agus éifeachtúlacht eacnamaíoch agus éifeachtúlacht chomhshaoil iompair de bhóthar a mhéadú trí bhoinn a chur chun cinn atá éifeachtúil ó thaobh breosla de, atá sábháilte agus ag a bhfuil leibhéil ísle torainn.

1.  Is é is aidhm don Rialachán seo sábháilteacht, cosaint na sláinte agus éifeachtúlacht eacnamaíoch agus éifeachtúlacht chomhshaoil iompair de bhóthar a mhéadú trí bhoinn a chur chun cinn atá éifeachtúil ó thaobh breosla de, atá sábháilte, ag a bhfuil leibhéil ísle torainn agus tionchar íosta ar an gcomhshaol.

Leasú    4

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.  Áiritheoidh soláthraithe go mbeidh na luachanna, na haicmí gaolmhara agus aon fhaisnéis bhreise faoi fheidhmíocht a dhearbhaíonn siad ar an lipéad le haghaidh na bparaiméadar riachtanach a leagtar amach in Iarscríbhinn I curtha tríd an bpróiseas cineálcheadaithe faoi Rialachán (CE) Uimh 661/2009.

5.  Maidir leis na luachanna, leis na haicmí gaolmhara, leis an aitheantóir múnla agus le haon fhaisnéis bhreise faoi fheidhmíocht a dhearbhóidh siad ar an lipéad le haghaidh na bparaiméadar riachtanach a leagtar amach in Iarscríbhinn I, mar aon leis na paraiméadair i dtaca le doiciméadacht theicniúil a leagtar amach in Iarscríbhinn III, áiritheoidh soláthróirí go mbeidh siad soláthartha don Údarás Cineálcheadaithe sula ndéanfaidh siad bonn a chur ar an margadh. Admhóidh an tÚdarás Cineálcheadaithe go bhfuarthas na doiciméid ón soláthróir.

Réasúnú

I bprionsabal, is nósanna imeachta neamhspleácha iad an próiseas cineálcheadaithe agus an próiseas um lipéadú. Bíodh sin mar atá, is féidir breisluach maidir le rialuithe agus cur chun feidhme ceart a bheith ag roinnt leis an tuairisciú d’údaráis cineálcheadaithe. Tríd an bhfaisnéis riachtanach uile a fháil, sula gcuirfí na boinn ar an margadh, bheidís in ann tástálacha a dhéanamh ar chruinneas tomhas lipéid, dá mb’áil leo déanamh amhlaidh.

Leasú    5

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 11a

 

Míleáiste agus scríobadh

 

1.  Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2020, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí pharaiméadair agus ceanglais a thabhairt isteach le haghaidh míleáiste agus scríobadh bonn.

 

2.  Chun na críche sin, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13 chun modh iomchuí tástála a thabhairt isteach chun scríobadh bonn a thomhas.

Leasú    6

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)  athruithe a thabhairt isteach ar ábhar agus formáid an lipéid;

scriosta

Réasúnú

Is buneilimintí den Rialachán iad inneachar agus formáid an lipéid agus ba cheart go mbeidís faoi réir comhchinnteoireachta.

Leasú    7

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)  paraiméadair nó ceanglais faisnéise a thabhairt isteach a ghabhann leis na hIarscríbhinní go háirithe maidir le míleáiste agus le scríobadh, ar choinníoll go bhfuil modhanna iomchuí tástála ar fáil;

scriosta

Réasúnú

Is buneilimintí den Rialachán iad paraiméadair nó faisnéis maidir le míleáiste agus scríobadh agus ba cheart go mbeidís faoi réir comhchinnteoireachta.

Leasú    8

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 1 – pointe b a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba)  paraiméadair grádúcháin a thabhairt isteach chun feidhmíocht bonn atráchta a léiriú ar choinníoll go bhfuil modh tástála comhchuibhithe oiriúnach ar fáil agus go ndearnadh measúnú indéantachta;

Leasú    9

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Faoin 1 Meitheamh 2026 déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

Faoin 1 Meitheamh 2022 déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

Leasú    10

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 15 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 15a

 

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 661/2009

 

In Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 661/2009, cuirtear an pointe (na) seo a leanas leis:

 

“(na) ráta scríobtha bonn”.

NÓS IMEACHTA - COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

Lipéadú bonn i leith éifeachtúlacht breosla agus paraiméadair riachtanacha eile

Tagairtí

COM(2018)0296 – C8-0190/2018 – 2018/0148(COD)

An Coiste freagrach

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ITRE

11.6.2018

 

 

 

Tuairim ó

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ENVI

11.6.2018

Rapóirtéir

       Dáta an cheapacháin

Adina-Ioana Vălean

21.6.2018

Dáta an ghlactha

20.11.2018

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

45

1

0

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Marco Affronte, Pilar Ayuso, Zoltán Balczó, Catherine Bearder, Ivo Belet, Biljana Borzan, Paul Brannen, Nessa Childers, Birgit Collin-Langen, Seb Dance, Mark Demesmaeker, Bas Eickhout, Francesc Gambús, Gerben-Jan Gerbrandy, Jens Gieseke, Julie Girling, Sylvie Goddyn, Françoise Grossetête, Benedek Jávor, Karin Kadenbach, Urszula Krupa, Giovanni La Via, Jo Leinen, Peter Liese, Valentinas Mazuronis, Susanne Melior, Miroslav Mikolášik, Massimo Paolucci, Gilles Pargneaux, Bolesław G. Piecha, Julia Reid, Frédérique Ries, Annie Schreijer-Pierik, Adina-Ioana Vălean, Jadwiga Wiśniewska

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Cristian-Silviu Buşoi, Nicola Caputo, Martin Häusling, Gesine Meissner, Tilly Metz, Ulrike Müller, Carlos Zorrinho

Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Mercedes Bresso, Innocenzo Leontini, Olle Ludvigsson, Ana Miranda

TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

45

+

ALDE

Catherine Bearder, Gerben‑Jan Gerbrandy, Valentinas Mazuronis, Gesine Meissner, Ulrike Müller, Frédérique Ries

ECR

Mark Demesmaeker, Urszula Krupa, Bolesław G. Piecha, Jadwiga Wiśniewska

EFDD

Sylvie Goddyn

NI

Zoltán Balczó

PPE

Pilar Ayuso, Ivo Belet, Cristian‑Silviu Buşoi, Birgit Collin‑Langen, Francesc Gambús, Jens Gieseke, Julie Girling, Françoise Grossetête, Giovanni La Via, Innocenzo Leontini, Peter Liese, Miroslav Mikolášik, Annie Schreijer‑Pierik, Adina‑Ioana Vălean

S&D

Biljana Borzan, Paul Brannen, Mercedes Bresso, Nicola Caputo, Nessa Childers, Seb Dance, Karin Kadenbach, Jo Leinen, Olle Ludvigsson, Susanne Melior, Massimo Paolucci, Gilles Pargneaux, Carlos Zorrinho

VERTS/ALE

Marco Affronte, Bas Eickhout, Martin Häusling, Benedek Jávor, Tilly Metz, Ana Miranda

1

-

EFDD

Julia Reid

0

0

 

 

Eochair na siombailí:

+  :  i bhfabhar

-  :  i gcoinne

0  :  staonadh

NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Lipéadú bonn i leith éifeachtúlacht breosla agus paraiméadair riachtanacha eile

Tagairtí

COM(2018)0296 – C8-0190/2018 – 2018/0148(COD)

Dáta tíolactha chun PE

16.5.2018

 

 

 

An Coiste freagrach

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ITRE

11.6.2018

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim orthu

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ENVI

11.6.2018

IMCO

11.6.2018

TRAN

11.6.2018

 

Gan tuairim a thabhairt

       Dáta an chinnidh

IMCO

19.6.2018

TRAN

20.6.2018

 

 

Rapóirtéirí

       Dáta an cheapacháin

Michał Boni

4.7.2018

 

 

 

Pléite sa choiste

5.11.2018

21.11.2018

 

 

Dáta an ghlactha

19.2.2019

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

38

16

1

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Zigmantas Balčytis, Bendt Bendtsen, Xabier Benito Ziluaga, Cristian-Silviu Buşoi, Reinhard Bütikofer, Jerzy Buzek, Angelo Ciocca, Jakop Dalunde, Christian Ehler, Fredrick Federley, Ashley Fox, Adam Gierek, Theresa Griffin, András Gyürk, Hans-Olaf Henkel, Seán Kelly, Peter Kouroumbashev, Zdzisław Krasnodębski, Christelle Lechevalier, Janusz Lewandowski, Aleksejs Loskutovs, Edouard Martin, Tilly Metz, Angelika Mlinar, Csaba Molnár, Dan Nica, Angelika Niebler, Morten Helveg Petersen, Miroslav Poche, Carolina Punset, Julia Reda, Paul Rübig, Massimiliano Salini, Algirdas Saudargas, Neoklis Sylikiotis, Evžen Tošenovský, Kathleen Van Brempt, Martina Werner, Lieve Wierinck, Hermann Winkler, Anna Záborská, Flavio Zanonato, Carlos Zorrinho

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Pilar Ayuso, Michał Boni, Rosa D’Amato, Benedek Jávor, Olle Ludvigsson, Marian-Jean Marinescu, Clare Moody, Markus Pieper, Dominique Riquet, Anneleen Van Bossuyt

Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Eleonora Evi, Luigi Morgano

Dáta don chur síos

22.2.2019

TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

38

+

ALDE

Fredrick Federley, Angelika Mlinar, Morten Helveg Petersen, Carolina Punset, Dominique Riquet, Lieve Wierinck

ECR

Ashley Fox, Hans-Olaf Henkel, Zdzisław Krasnodębski, Evžen Tošenovský, Anneleen Van Bossuyt

ENF

Angelo Ciocca, Christelle Lechevalier

PPE

Pilar Ayuso, Bendt Bendtsen, Michał Boni, Cristian-Silviu Buşoi, Jerzy Buzek, Christian Ehler, András Gyürk, Seán Kelly, Janusz Lewandowski, Aleksejs Loskutovs, Marian-Jean Marinescu, Angelika Niebler, Markus Pieper, Paul Rübig, Massimiliano Salini, Algirdas Saudargas, Anna Záborská

S&D

Zigmantas Balčytis, Adam Gierek, Theresa Griffin, Peter Kouroumbashev, Olle Ludvigsson, Luigi Morgano, Dan Nica, Carlos Zorrinho

16

-

EFDD

Rosa D'Amato, Eleonora Evi

GUE/NGL

Xabier Benito Ziluaga, Neoklis Sylikiotis

S&D

Edouard Martin, Csaba Molnár, Clare Moody, Miroslav Poche, Kathleen Van Brempt, Martina Werner, Flavio Zanonato

VERTS/ALE

Reinhard Bütikofer, Jakop Dalunde, Benedek Jávor, Tilly Metz, Julia Reda

1

0

PPE

Hermann Winkler

Eochair na siombailí:

+  :  i bhfabhar

-  :  i gcoinne

0  :  staonadh

An nuashonrú is déanaí: 11 Márta 2019
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais