1.
Beidh ag gach saoránach den Aontas Eorpach agus ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe nó a hoifig chláraithe aige nó aici i mBallstát, ar a chonlán féin nó ar a conlán féin, nó i gcomhlachas le saoránaigh nó daoine eile, an ceart achainí a chur os comhair na Parlaiminte ar ábhar a thig faoi réimsí gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh agus a bhaineann go díreach leis nó léi.
2.
Beidh ainm, náisiúntacht agus seoladh buan gach achainígh ar taispeáint ar achainíocha chun na Parlaiminte.
3.
I gcás achainí a bheith sínithe ag roinnt daoine nádúrtha nó dlítheanacha, ainmneoidh na sínitheoirí ionadaí agus leas-ionadaí agus measfar gurb iadsan na hachainígh chun críocha chur chun feidhme an Teidil seo.
I gcás nach ndéanfar an t-ainmniú sin, measfar gurb é nó í an chéad sínitheoir an t-achainíoch nó gur duine cuí eile a bheidh ina achainíoch.
4.
Féadfaidh gach achainíoch a thacaíocht nó a tacaíocht don achainí a tharraingt siar tráth ar bith.
Tar éis do na hachainígh go léir a dtacaíocht a tharraingt siar, beidh an achainí ar neamhní.
5.
Ní mór achainíocha a bheith scríofa i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.
Ní bhreithneofar achainíocha atá scríofa in aon teanga eile ach amháin i gcás ina ndéanann an t-achainíoch aistriúchán i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh a chur i gceangal léi. Déanfar an teanga oifigiúil ina mbeidh an t-aistriúchán tarraingthe suas a úsáid i gcomhfhreagras na Parlaiminte leis an achainíoch.
Féadfaidh an Biúró a chinneadh go bhféadfar achainíocha agus comhfhreagras le hachainígh a tharraingt suas i dteangacha eile a úsáidtear i mBallstát.
6.
Déanfar na hachainíocha a thaifeadadh i gclár san ord ina bhfaightear iad má chomhlíonann siad na coinníollacha atá leagtha síos i mír 2; déanfar na hachainíocha nach gcomhlíonann na coinníollacha sin a chomhdú, agus cuirfear na cúiseanna ina leith sin in iúl don achainíoch.
7.
Cuirfidh an tUachtarán achainíocha a thaifeadfar sa chlár ar aghaidh chuig an gcoiste freagrach, agus suífidh an coiste sin ar dtús inghlacthacht nó neamh-inghlacthacht na hachainí i gcomhréir le hAirteagal 194 de Chonradh CE.
Mura dtagann an coiste freagrach ar chomhthoil maidir le hinghlacthacht na hachainí, dearbhófar go bhfuil an achainí inghlactha má iarrann an ceathrú cuid ar a laghad de chomhaltaí an choiste amhlaidh.
8.
Déanfar na hachainíocha a dhearbhóidh an coiste a bheith neamh-inghlactha a chomhdú; cuirfear an cinneadh agus na cúiseanna i leith an chinnidh sin in iúl don achainíoch. Nuair is féidir, féadfar bealach eile sásaimh a mholadh.
9.
Mar riail ghinearálta, is doiciméid phoiblí iad achainíocha ón tráth a gcláraítear iad agus féadfaidh an Pharlaimint, ar chúiseanna trédhearcachta, ainm an achainígh agus ábhar na hachainí a fhoilsiú.
10.
D’ainneoin na bhforálacha atá i mír 9, féadfaidh an t-achainíoch a iarraidh go gcoinneofar siar a ainm nó a hainm chun a phríobháideacht nó a príobháideacht a chosaint, agus sa chás sin ní mór don Pharlaimint iarraidh den sórt sin a urramú.
Más rud é nach féidir gearán an achainígh a imscrúdú ar chúiseanna ainaithnideachta, rachfar i gcomhairle leis an achainíoch maidir leis na bearta eile a bheidh le glacadh.
11.
Féadfaidh an t-achainíoch a iarraidh go ndéileálfar go rúnda lena achainí nó lena hachainí, agus sa chás sin glacfaidh an Pharlaimint réamhchúraimí oiriúnacha lena áirithiú nach gcuirfear ábhar na hachainí ar fáil don phobal. Cuirfear na coinníollacha beachta faoina mbeidh feidhm ag an bhforáil seo in iúl don achainíoch.
12.
I gcás ina measann an coiste gur cuí déanamh amhlaidh, féadfaidh sé an t-ábhar a tharchur chuig an Ombudsman.
13.
Déanfar achainíocha arna ndíriú chuig an bParlaimint ag daoine nádúrtha nó ag daoine dlítheanacha nach saoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh iad nó nach bhfuil cónaí orthu i mBallstát nó nach bhfuil a n-oifig chláraithe acu i mBallstát a chlárú agus a chomhdú ar leithligh ó achainíocha eile. Déanfaidh an tUachtarán taifead míosúil de na hachainíocha sin a fhaigheann sé i rith na míosa roimhe sin, ar taifead é ina léireofar ábhar na n-achainíocha, a sheoladh chuig an gcoiste atá freagrach as achainíocha a bhreithniú, agus féadfaidh an coiste na hachainíocha ar mian leis breithniú a dhéanamh orthu a iarraidh.