Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
7ú téarma parlaiminteach - Eanáir 2012
PDF 1649k
CLÁR
INNÉACS
NOTA DON LEITHEOIR

TEIDEAL III  : TRÉDHEARCACHT GNÓ

Riail 103  : Trédhearcacht ghníomhaíochtaí na Parlaiminte

1.    Cinnteoidh an Pharlaimint go seoltar an a cuid gníomhaíochtaí ar an tslí is trédhearcaí is féidir, i gcomhréir leis an dara mír d'Airteagal 1 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, le hAirteagal 15 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus le hAirteagal 42 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

2.    Is go poiblí a bheidh na díospóireachtaí sa Pharlaimint.

3.    Is go poiblí a bheidh cruinnithe na gCoistí de ghnáth. Féadfaidh siad a chinneadh, áfach, ar a dhéanaí nuair a ghlactar an clár oibre do chruinniú, an clár oibre sin a roinnt ina mhíreanna a mbeidh cuid acu oscailte don phobal agus a mbeidh an chuid eile acu dúnta don phobal. Má sheoltar cruinniú i seomra iata, áfach, féadfaidh an coiste, faoi réir Airteagal 4(1) go (4) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, doiciméid agus miontuairiscí a bhaineann leis an gcruinniú a oscailt le go mbeidh rochtain phoiblí orthu. Beidh feidhm ag Riail 153 i gcás ina ndéantar aon sárú ar na rialacha lena rialaítear rúndacht.

4.    Maidir leis an mbreithniú a dhéanfaidh an coiste freagrach ar iarrataí a bhaineann le nósanna imeachta ar dhíolúine faoi Riail 7, déanfar é i seomra iata i gcónaí.

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais