Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
7ú téarma parlaiminteach - Iúil 2012
PDF 1532k
CLÁR
INNÉACS
NOTA DON LEITHEOIR

TEIDEAL VI  : SEISIÚIN
CAIBIDIL 6  : TAIRISCINTÍ IDIRAGARTHA AGUS NÓS IMEACHTA

Riail 172  : Tairiscintí nós imeachta

1.    Maidir le hiarrataí ar thairiscint nós imeachta a mholadh, eadhon:

(a)    neamh-inghlacthacht ábhair (Riail 174);

(b)    tarchur ar ais chuig coiste (Riail 175);

(c)    díospóireacht a chríochnú (Riail 176);

(d)    díospóireacht agus vótáil a chur ar atráth (Riail 177); nó

(e)    suí a chur ar fionraí nó a thabhairt chun críche (Riail 178);

beidh tosaíocht acu ar iarrataí eile chun labhairt.

De bhreis ar an té a dhéanfaidh an tairiscint, is iad seo a leanas amháin a gheobhaidh éisteacht ar na tairiscintí sin: cainteoir amháin i bhfabhar na tairisceana agus cainteoir amháin ina coinne mar aon le Cathaoirleach nó rapóirtéir an choiste fhreagraigh.

2.    Ní rachaidh an t-am labhartha thar aon nóiméad amháin.

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais