Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
7ú téarma parlaiminteach - Iúil 2012
PDF 1532k
CLÁR
INNÉACS
NOTA DON LEITHEOIR

TEIDEAL VI  : SEISIÚIN
CAIBIDIL 6  : TAIRISCINTÍ IDIRAGARTHA AGUS NÓS IMEACHTA

Riail 173  : Pointí oird

1.    Féadfar cead a thabhairt d'Fheisirí labhairt chun aird an Uachtaráin a tharraingt ar aon mhainneachtain Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte a chomhlíonadh. Déanfaidh siad an Riail a bhfuil tagairt á déanamh acu di a shonrú ar dtús.

2.    Beidh tosaíocht ag iarraidh ar phointe oird a ardú thar gach iarraidh eile chun labhairt.

3.    Ní rachaidh an t-am labhartha thar aon nóiméad amháin.

4.    Glacfaidh an tUachtarán cinneadh láithreach ar phointí oird i gcomhréir leis na Rialacha Nós Imeachta agus fógróidh sé an cinneadh láithreach tar éis an pointe oird a ardú. Ní dhéanfar aon vótáil ar chinneadh an Uachtaráin.

5.    Ar bhonn eisceachtúil, féadfaidh an tUachtarán a lua go bhfógróidh sé an cinneadh ag tráth níos déanaí, ach ní bheidh an tráth sin níos faide ná 24 huaire an chloig tar éis an pointe oird a ardú. Ní chuirfear an díospóireacht ar atráth mar gheall ar rialú a chur siar. Féadfaidh an tUachtarán an t-ábhar a tharchur chuig an gcoiste freagrach.

Ní mór iarraidh ar phointe oird a ardú a bheith bainteach leis an mír den chlár oibre atá á plé. Féadfaidh an tUachtarán glacadh le pointe oird maidir le hábhar eile ag tráth iomchuí, e.g. tar éis na díospóireachta ar an mír den chlár oibre atá i dtrácht nó sula gcuirtear an suí ar fionraí.

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais