CAIBIDIL
4
: BEARTA A GHLACFAR I gCÁS NACH gCOMHLÍONTAR CAIGHDEÁIN IOMPAIR NA bhFEISIRÍ
Riail
166
: Pionóis
1.
I gcásanna tromchúiseacha mí-oird nó cur isteach ar an bParlaimint de shárú ar na prionsabail atá leagtha síos i Riail 11, déanfaidh an tUachtarán cinneadh réasúnaithe a ghlacadh ina bhforchuirtear an pionós cuí.
Iarrfaidh an tUachtarán ar an bhFeisire lena mbaineann a chuid barúlacha i scríbhinn a thíolacadh sula nglacfar leis an gcinneadh. I gcásanna fíor-thromchúiseacha, féadfaidh an tUachtarán éisteacht ó bhéal a chomóradh i gcás an Fheisire lena mbaineann.
Déanfar an cinneadh sin a chur in iúl don Fheisire lena mbaineann trí litir chláraithe nó, i gcásanna práinneacha, trí na huiséirí.
Tar éis an cinneadh sin a bheith curtha in iúl don Fheisire lena mbaineann, fógróidh an tUachtarán sa Pharlaimint aon phionós arna fhorchur ar Fheisire. Cuirfear in iúl é d'oifigigh cheannais na gcomhlachtaí, na gcoistí agus na dtoscaireachtaí ar a bhfónann an Feisire.
A luaithe a bheidh an pionós críochnaitheach, foilseofar é go feiceálach ar shuíomh gréasáin na
2.
Nuair a bheidh an t-iompar a breathnaíodh á mheas, déanfar cineál eisceachtúil, athfhillteach nó buan agus tromchúis an iompair sin a chur san áireamh.
Ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir gníomhartha de chineál infheicthe, a bhféadfar cur suas leo, ar choinníoll nach bhfuil siad maslach, clúmhillteach, ciníoch nó seineafóbach, agus go bhfanann siad laistigh de theorainneacha réasúnacha, agus gníomhartha a chuireann isteach go gníomhach ar ghníomhaíocht pharlaiminteach.
3.
D'fhéadfadh ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a bheith sa phionós:
(a)
iomardú;
(b)
an teideal chuig an liúntas cothaithe laethúil a fhorghéilleadh ar feadh tréimhse idir dhá lá agus tríocha lá;
(c)
gan dochar don cheart chun vótáil i suí iomlánach, agus, sa chás seo, faoi réir dhianchomhlíonadh chaighdeáin iompair na bhFeisirí, fionraí sealadach ar feadh tréimhse idir dhá lá agus tríocha lá a dtagann an Pharlaimint nó aon cheann dá comhlachtaí, dá coistí nó dá toscaireachtaí le chéile, ó rannpháirtíocht i ngach ceann de ghníomhaíochtaí na Parlaiminte, nó i gcuid díobh;
(d)
toirmeasc ar an bhFeisire ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na Parlaiminte ar thoscaireacht idirpharlaiminteach, ar chomhdháil idirpharlaiminteach nó ar fhóram idirinstitiúideach ar bith, go ceann tréimhse suas le bliain;
(e)
i gcás sárú ar rúndacht, teorannú ar na cearta chun rochtain a fháil ar fhaisnéis rúnda nó ar fhaisnéis rúnaicmithe go ceann tréimhse suas le bliain.
4.
Féadfar na bearta a leagtar síos i bpointe (b) go pointe (e) de mhír 3 a mhéadú faoi dhó i gcás sraith cionta, nó má dhiúltaíonn an Feisire beart arna ghlacadh faoi Riail 165(3) a chomhlíonadh.
5.
Sa bhreis air sin, féadfaidh an tUachtarán togra a chur faoi bhráid Chomhdháil na nUachtarán chun an Feisire a chur ar fionraí ó cheann amháin nó níos mó de na hoifigí atá ag an bhFeisire sa Pharlaimint, nó an Feisire sin a chur as ceann amháin nó níos mó de na hoifigí sin, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i Riail 21.