An margadh aonair digiteach uileláithreach

Bileoga Eolais AE 01-02-2024

Téann an margadh aonair digiteach chun tairbhe an gheilleagair, laghdaíonn sé an tionchar ar an gcomhshaol agus feabhsaíonn sé an caighdeán saoil trí ríomhthráchtáil agus ríomhrialtas. Agus seirbhísí ag aistriú ó ardáin sheasta go hardáin mhóibíleacha, tá gá le creat de chuid an Aontais le haghaidh néalríomhaireachta, rochtain thrasteorann ar ábhar agus sonraí móibíleacha gan uaim, agus príobháideachas agus cibearshlándáil á n-áirithiú ag an am céanna. Bhí an margadh aonair digiteach Eorpach ríthábhachtach le linn ghéarchéim COVID-19. Déanfaidh an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha agus an Gníomh um Margaí Digiteacha araon an margadh aonair digiteach a chlaochlú go mór sna blianta amach romhainn.