Rialú Iascaigh

Bileoga Eolais AE 15-01-2024

Tá sé mar aidhm le córas rialaithe iascaigh an Aontais comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú. Tuigtear go forleathan gur coinníoll riachtanach í a éifeachtúlacht chun go n-éireoidh leis an mbeartas. Tá rialú iascaigh mar inniúlacht ag na Ballstáit, atá freagrach as a ngníomhaíochtaí iascaireachta agus a ngníomhaíochtaí gaolmhara a rialú, agus déanann an Coimisiún an chaoi a gcomhlíonann siad a gcuid freagrachtaí a fhíorú.