Comhar Breithiúnach in ábhair shibhialta

Bileoga Eolais AE 26-01-2024

Tá méadú ag teacht i gcónaí ar shaorghluaiseacht trasteorann earraí, seirbhísí, caipitil agus daoine. In ábhair dlí shibhialta a bhfuil impleachtaí trasteorann acu, tá comhar breithiúnach á fhorbairt ag an Aontas Eorpach agus, ar an gcaoi sin, tá naisc á gcruthú aige idir na córais dlí éagsúla. Is iad na príomhchuspóirí atá leis sin ná deimhneacht dhlíthiúil agus rochtain éasca agus éifeachtach ar an gceartas a bhaint amach, rud lenar gá an dlínse inniúil a shainaithint, an dlí is infheidhme a ainmniú go soiléir agus nósanna imeachta forfheidhmithe agus aitheantais atá gasta agus éifeachtach a bheith ann.