Oibrithe a phostú

Bileoga Eolais AE 09-01-2024

Oibrí is ea ‘oibrí ar postú’ atá curtha ag a fhostóir nó ag a fostóir chuig Ballstát eile de chuid an Aontais chun seirbhís a sholáthar ar bhonn sealadach. Is saoirsí bunúsacha iad saoirse bunaíochta agus saoirse chun seirbhísí a sholáthar a chumhdaítear sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Is é an prionsabal lena rialaítear stádas na n-oibrithe ar postú ná ‘pá comhionann as an obair chéanna san áit chéanna’.