Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE)

01-11-2017

Is ceann de na príomhionstraimí airgeadais atá i mbeartas comhtháthaithe an Aontais é Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE). Is é atá mar aidhm leis ná éagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil Eorpach agus cúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla a laghdú. Tugtar aird ar leith ar réigiúin atá buailte ag míbhuntáistí nádúrtha nó déimeagrafacha diana agus buana, amhail na réigiúin is faide ó thuaidh a bhfuil dlús daonra an-íseal iontu chomh maith le réigiúin oileánda, trasteorann agus shléibhteacha.