Conas a aithint nuair is bréagnuacht atá ann

Sracfhéachaint 19-02-2019

Mar fheiniméan atá scaipthe ar fud an domhain, is feiceálaí go mór anois iad ‘bréagnuacht’ agus bréagaisnéis – faisnéis a ndéantar cúbláil uirthi d’aon turas ar mhaithe le dallamullóg a chur ar dhaoine. Mar thoradh ar na meáin shóisialta agus a n-uirlisí pearsantaithe, tá sé níos éasca scéalta bréagacha a scaipeadh. Is minic dóibh mothúcháin a thathant ar dhaoine le haird a tharraingt orthu féin agus cliceanna a ghríosadh, ar chúiseanna idir eacnamaíoch agus idé-eolaíoch. Fiú daoine óga, a bhfuil géarthuiscint ar an teicneolaíocht acu, is deacair leo nuacht chúbláilte a aithint. Scéal suntasach is ea é go gcuirtear ar aghaidh sé mhír nuachta as gach deich gcinn a roinntear ar na meáin shóisialta gan iad a léamh ar dtús. Tá thart ar 85 % de mhuintir na hEorpa den tuairim gur fadhb í ‘bréagnuacht’ ina dtír féin, agus measann 83 % gur fadhb í don daonlathas i gcoitinne. Beidh an compás seo ina chuidiú duit teacht slán as an manglam faisnéise agus do bhealach a dhéanamh trí na bréaga agus an bhréagaisnéis.